Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhdháil dhigiteach lán go doras anois

Comhdháil Dhigiteach lán go doras anois

 

Tá gach spás sa Chomhdháil Margaíochta Digití 'Slí an Atlantaigh Fhiáin a nascadh' curtha in áirithe anois in am iontach gairid. Beidh an chomhdháil nuálach ar siúl ar an 25 Meán Fómhair i gCaisleán Solis Loch Iascaigh.

 

Bhí ráchairt mhór ar áiteanna a fháil ar an chomhdháil seo agus tá liosta fada feithimh ann de dhaoine ar mian leo freastal ar an ócáid má tharraingíonn aon duine a ainm siar.  Tá lúcháir ar lucht eagraithe na comhdhála, Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Fáilte Éireann agus Turasóireacht Dhún na nGall Teo, as an spéis a léiríodh inti, ach níl aon iontas orainn go bhfuil lucht na trádála i nDún na nGall ar bís don chomhdháil.

 

Seo mar a labhair An Cathaoirleach, John Campbell, faoina lúcháir de bharr an aiseolais atá faighte aige i dtaca leis an chomhdháil "tá an turasóireacht fíorthábhachtach i gcur chun cinn fhás agus fhorbairt na heacnamaíochta sa chontae, tá Slí an Atlantaigh fhiáin ina huirlis den scoth leis an chontae iontach s'againne a chur chun cinn, agus nuair a chuirtear an méid sin leis an teicneolaíocht margaíochta digití is déanaí agus is nua-aimseartha cuidíonn sé go mór le gnólachtaí i nDún na nGall a gcuid táirgí turasóireachta a chur chun tosaigh. Is iontach an díograis agus an spéis a léiríodh sa chomhdháil"

 

Beidh painéal saineolaithe ag caint ag an chomhdháil, ina measc ionadaithe ó Google, Facebook agus dhá cheann de na háisíneachtaí digiteacha is mó in Éirinn, Wolfgang Digital agus Ambition Digital.

 

Beidh roinnt cás-staidéar praiticiúil ann chomh maith mar chuid den chomhdháil ó ghnólachtaí san earnáil turasóireachta i nDún na nGall ar éirigh leo Slí an Atlantaigh Fhiáin a úsáid go rathúil mar chuid dá bhfeachtais mhargaíochta.

 

Beidh lucht taispeántais ar fáil le heolas úsáideach a chur ar fáil faoi gach ábhar ó chúrsaí maoinithe go dtí pleananna, uirlisí agus teicnící margaíochta go dtí ábhar clóite faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus sonraí taighde margaíochta ó Thurasóireacht Éireann agus ó Fáilte Éireann.

 

Is é a dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall Séamus Mac Conghaola "léiríonn chomh gasta agus a líonadh na spásanna don chomhdháil seo chomh díograiseach agus chomh bríomhar agus atá an earnáil turasóireachta i nDún na nGall.

 

Tá gnólachtaí ar bís chun Slí an Atlantaigh Fhiáin agus na teicneolaíochtaí margaíochta digití a úsáid le dul i bhfeidhm ar na spriocghrúpaí ar líne. Beidh an chomhdháil seo ina hócáid iontach úsáideach agus iontach eolasach dóibh siúd ar mian leo an leas is mó agus is féidir a bhaint as Slí an Atlantaigh Fhiáin".

 

Dóibh siúd a bhfuil d'ádh orthu áit a fháil trí áirithint a dhéanamh go luath, is cinnte go bhfaighidh sibh spreagadh agus comhairle ón chomhdháil seo le tú ar thabhairt ar threo úr margaíochta ina ndéanfar teicnící margaíochta digití a chomhshnaidhmeadh le Slí an Atlantaigh Fhiáin chun torthaí fíora inmharthana a bhaint amach fá choinne do ghnólachta turasóireachta.

 

#connectwaw

 

CRÍOCH

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Is togra de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall í an chomhdháil seo, i gcomhar le Turasóireacht Dhún na nGall Teo agus Fáilte Éireann.

 

Beidh Comhdháil Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar siúl ar an 25 Meán Fómhair 2014, agus clárú ar an lá ag toiseacht ar 8.30am.

 

Beidh an chomhdháil ag druidim ar 4.30pm.

 

Tá ticéidí saor in aisce agus is é Caisleán Solis Loch Iascaigh an t-ionad don lá.

Tá an chomhdháil lán anois.

 

Le hainm a chur leis an liosta feithimh don chomdháil, ba chóir cuairt a thabhairt ar http://bit.ly/1nL2Cvr   

 

Is é téama na comhdhála 'Slí an Atlantaigh Fháin a nascadh' agus beifear ag díriú ar leideanna agus ar theicnící na Margaíochta Digití.

 

I measc na n-aoichainteoirí saineolacha beidh ionadaithe ó Google, Facebook, Ambition Digital, Wolfgang Digital, Feabhas Seirbhís Chustaiméara na hÉireann agus Fáilte Éireann.

 

Is iad na cás-staidéir a bheas ann na Mangan Tours, Óstán an Silver Tassie agus Campa an Atlantaigh Fhiáin.

 

Tá suíomh idirlín ag an chomhdháil ar www.wildatlanticdonegal.com mar ar féidir sonraí, treoracha, agus beathaisnéisí de na cainteoirí ar fad a fháil.

http://www.wildatlanticdonegal.com

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO