Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ceol le Chéile

Ar mhaith leat a bheith páirteach in “Ceol le Chéile” i nDún na nGall?

Ceol le Chéile

Cór idirghlúine Ceol le Chéile le linn a gcéad seó in An Grianán, Leitir Ceanainn i mí Iúil.

 

Más ‘ba mhaith’ an freagra, is deis iontach é seo duitse, mar go bhfuil Ceol le Chéile ag cuartú baill úra. 

 

Míníonn Mairéad Cranley, Comhordaitheoir Cuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall: “bhí an-iontas orainn leis an tionchar a bhí ag Ceol le Chéile ar gach duine a bhí páirteach ó cuireadh tús leis níos luaithe i mbliana.  

 

“Bhí a fhios againn go gcuireann an ceol beocht i gcomhluadar daoine ach ón chéad chleachtadh a bhí againn tchímid na buntáistí agus an tairbhe a bhí ag an chór maidir le sláinte intinne agus folláine na ndaoine a bhí páirteach ann agus a gcuid teaghlach, agus is deis iontach é fosta le caidrimh dhearfacha a thógáil idir pháistí agus daoine níos sine.   Tá lúcháir orainn go leanfar leis na seisiúin chleachtaidh go dtí an Nollaig”. 

 

Is é atá i gCeol le Chéile cór idirghlúine ina bhfuil 80 seandaoine, páistí agus daoine óga, fireann agus baineann, ó achan chúlra i nDún na nGall agus is togra é a d’eascair as Clár Aois-Chairdiúil Dhún na nGall agus é d’aidhm aige an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus caidrimh níos láidre a chothú idir na glúnta. 

 

Rinne an Cór a gcéad seó in An Grianán i Leitir Ceanainn i mí Iúil nuair a chuaigh siad amach ar an ardan le Daniel O’Donnell agus beidh Ceol le Chéile ag pilleadh ar an ardan oíche Dé Sathairn beag seo (29 Meán Fómhair) in Ionad Ealaíne na Mainistreach i mBéal Átha Seanaidh ó 7pm, nuair a bheas siad ag glacadh páirte i bhFéile Chuan Dhún na nGall agus na gCruach Gorm.

 

Is í Veronica McCarron an Stiúrthóir Cóir carasmatach atá i mbun an chóir idirghlúine seo. Ba í Veronic a thug Cór Meánscoile Chill Chainnigh go dtí na babhtaí leathcheannais de Britain’s Got Talent in 2016.     

 

“Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil Veronica McCarron ag obair linn ar an togra seo.  I measc na scileanna stiúrtha a thugann Veronica isteach tá oiliúint ghutha, teicnící análaithe, ceachtanna dealabhra, cóiréagrafaíocht agus neartú muiníne chun a bheith ag ceol os comhair daoine eile, agus déantar seo sna seisiúin sheachtainiúla” a mhíníonn Mairéad. 

 

“Tá sé i gceist againn roinnt seónna Nollag a dhéanamh ar fud an chontae agus dá bharr sin tá muid ag cuartú baill úra don chór.  Tá formáid an chóir idirghlúine á hathrú againn fosta go dtí cór ilghlúine. Is é is ciall leis seo ná chomh maith le bheith ag earcú daoine atá níos sine ná seasca bliain d’aois, go bhfuil muid ag tabhairt cuireadh do dhaoine óga idir 12-15 bliana d’aois teacht ar bord fosta” arsa Mairéad.

 

Agus deir sí fosta: “Is mór an choimitmint é clárú leis an chór mar go mbíonn seisiúin chleachtaidh gach Aoine ó 2 go dtí 6pm in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.  Déantar seisiúin chleachtaidh na bpáistí thart ar a gcuid uaireanta scoile.  Beidh cleachtaí breise ar siúl níos cóngaraí don Nollaig chomh maith le roinnt léirithe agus seónna ar fud an chontae. Tá SITT (an tseirbhís bus áitiúil) ag cur seirbhís iompair ar fáil do na daoine níos sine atá ag teacht ó thart fá Bhaile Dhún na nGall”.

 

Aon duine a bhfuil suim acu a bheith ina mball den chór ba chóir dóibh bualadh isteach in Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T Bhleine, Leitir Ceanainn, Dé hAoine 5 Deireadh Fómhair ó 3 go dtí 4.30pm.  Tá teorainn leis na spásanna atá ar fáil, agus tabharfar na háiteanna do na chéad daoine a thiocfaidh chugainn.  Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil le [email protected] nó [email protected]

 

 

Tá maoiniú á chur ar fáil don togra seo ag Éire Shláintiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall, Bus Naisc Áitiúla, Éire Ildánach, chomh maith le tacaíocht luachmhar ón Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO