Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cartlanna

Seirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall: Ag caomhnú scéal an chontae

Niamh Brennan

Niamh Brennan, Cartlannaí Chontae Dhún na nGall, le cuid den bhailiúchán saibhir taifead atá i seilbh Sheirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá Seirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh dul i dteagmháil le gaolta Daniel Doherty, nach maireann, a d’fhág Ceann Mhálanna le dul go Bostón go luath sna 1900aidí, agus a bhain clú agus cáil amach dó féin i saol na polaitíochta Éireannaigh thall ansin.

 

Tá Niamh Brennan, Cartlannaí Chontae Dhún na nGall, ag súil le taispeántas taistil a fhorbairt an bhliain seo chugainn bunaithe ar bhailiúchán cartlainne cuid páipéar an Uas. Doherty, ina measc litreacha ó John F. Agus Robert F. Kennedy agus Charles DeGaulle.

 

“Bhí saol iontach suimiúil ar fad aige,” a dúirt Niamh. Fuair Daniel Doherty bás sna 1970aidí.

 

Tugann na cartlanna guth agus beocht do stair shaibhir Dhún na nGall agus do mhuintir an chontae, trí thaifid agus scríbhínní cuid de na heagraíochtaí agus daoine aonair sa chontae. Mar chartlannaí, ní hamháin go ndéanann Niamh na bailiúcháin a chatalógú, a thaighdiú agus a chothabháil, ach cuireann sí ar fáil don phobal iad ar dhóigh chruthaitheach.

 

“Le fiche bliain anuas nó mar sin, tá méadú ar an ábhar atá faighte againn, rud a fhágann go bhfuil bailiúchán an-mhaith ar fáil do Dhún na nGall,” arsa Niamh.

 

Is é atá i gcartlanna doiciméid, ar nós miontuairiscí cruinnithe, litreacha, léarscáileanna, líníochtaí, gormchlónna, lámhscríbhinní, litríocht agus taifid eile. Insíonn siad scéal na nglúnta a chuaigh romhainn i nDún na nGall, an méid a dúirt siad agus an méid a rinne siad agus fiú, in amannaí, an méid a bhí ina n-intinn.

 

Is iad Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a choinnigh na cartlanna i nDún na nGall sular tháinig Niamh isteach mar Chartlannaí Contae in 1999. Tá breis agus 10,000 píosa catalógaithe sa chartlann i Leifear anois, atá mar chuid de Rannán Cultúir na Comhairle, agus téann siad siar na céadta bliain, agus an ceann is sine go dtí 1682.

 

Tugann na bailiúcháin seo eolas faoi stair Dhún na nGall trí thaifid an Ard-Ghiúiré, Coimisineirí Dhlí na mBocht agus An Bord Rialtais Áitiúil, Bord Sláinte Dhún na nGall, comhairlí ceantair tuaithe agus uirbeacha, Comhairle Contae Dhún na nGall, Coimisiúineirí Baile agus Cuain Bhéal Átha Seanaidh, Coiste Contae na Talmhaíochta, taifid scoile, bailiúcháin litríochta, páipéir eastáit, grianghraif, stair ó bhéal, agus tuilleadh.

 

Is minic na píosaí níos pearsanta a tharraingíonn an aird is mó. Chuir RTÉ News agallamh ar Niamh anuraidh nuair a tháinig an chartlann ar litir Lá Vailintín ón naoú haois déag istigh i mbailiúchán ar le muid Steele Nicholson é ó Theach Fál Mór, Gleann Daoile, Inis Eoghain.  Bhí siad sa nuacht le linn an tsamhraidh seo chuaigh thart i ndiaidh go bhfuarthas doiciméid a bhain le hoscailt  fhoirgneamh Choláiste Uladh i nGort an Choirce 50 bliain ó shin, a raibh ina measc litir ón Uachtarán Éamon de Valera chuig Breandán Mac Cnáimhsí, Uachtarán an Choláiste.

 

“Is minic a théann na scéalta pearsanta daonna i gcion ar na daoine,” a dúirt Niamh. “Mar sin, d’fhéadfadh 500 clár luachála a bheith agat agus d’fhéadfadh daoine teacht le hamharc orthu seo ar mhaithe le stair a dteaghlaigh féin, ach níl siad chun aon spéis ná suim náisiúnta a spreagadh.”

 

Oibríonn Niamh le taighdeoirí agus le daoine eile a thugann cuairt ar na cartlanna trí choinne a dhéanamh, agus oibríonn sé i gcomhpháirt le Músaem Contae Dhún na nGall agus le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar thaispeántais agus ar phacáistí eolais le taiscí na cartlainne a thabhairt chuig lucht féachana níos forleithne.   Oibríonn Niamh le múinteoirí chomh maith, agus le hIonad Oideachais Dhún na nGall - tá oideachas ina chuid de straitéis an Rannáin Chultúir.

 

Foilsíonn an chartlann leabhráin agus foilseacháin eile, agus rinne Niamh an taispeántas ‘Turas Fríd Am’ a choimeád, taispeántas atá ag taisteal ar fud an chontae agus a úsáideann grianghraif, litreacha, doiciméid oifigiúla, ailt nuachtáin, agus ábhar eile cartlainne le téamaí agus imeachtaí le 250 bliain anuas a léiriú. Tá sí ag obair i gcomhpháirt leis an mhúsaem ar thaispeántas maidir leis an eisimirce don fhómhar.

 

Tá roinnt ábhar cartlainne ar shuíomh idirlín na Comhairle ach glacann sé cuid mhór ama agus airgid na bailiúcháin a dhigitiú.  Caithfidh cartlannaithe anois teacht ar dhóigheanna fosta le taifid a shábháil nach raibh riamh i bhfoirm pháipéir. Cén dóigh a gcaomhnófar iad sin, agus cén dóigh a socrófar rochtain ar na taifid sin?

 

Ós rud é go bhfuil an bailiúchán ag fás tá an spás ag éirí gann - fiú agus dhá spás stórála sa bhreis ar cíos againn, tá go fóill ganntanas spáis ann. San am céanna, molann Niamh do dhaoine dul i dteagmháil leis an chartlann sula gcaithfidh siad rud ar bith amach mar gur féidir go bhfuil tábhacht leis maidir le stair nó cultúr an chontae.

 

“Déanaimid iarracht an teachtaireacht a chur ina luí ar dhaoine gan aon rud a scriosadh go dtí go dtiocfaidh tú ar dtús chuig na cartlanna le feiceáil an fiú é a chaomhnú,” ar sise. Más fiú doiciméad a chaomhnú, aimseoidh Niamh seomra fána choinne.

 

Cartlann Chontae Dhún na nGall

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO