Buail isteach agus bíodh guth agat sa Phlean Ceantair Áitiúil
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh don phobal bualadh isteach agus a chur in iúl dúinn cad é a shíleann siadsan a ba chóir a bheith san áireamh sna Pleananna Ceantair Áitiúil do sheacht mbaile mór i nDún na nGall.
Tá an Chomhairle i mbun Plean Ceantair Áitiúil a ullmhú do Bhealach Féich - Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh, Ceann an Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall, An Clochán Liath agus Na Cealla Beaga agus ba mhaith linn tuairimí na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sna bailte seo a chluinstin. Tá Imeachtaí Buail Isteach á reáchtail in achan cheann de na bailte móra seo sa choicís amach romhainn.
Leanann na himeachtaí seo ón tréimhse réamhchomhairliúcháin a rinneadh i mí Lúnasa / Mheán Fómhair anuraidh agus tá fáilte roimh bhaill den phobal bualadh isteach am ar bith idir 4pm agus 8pm. Beidh baill foirne ón Chomhairle ar fáil le labhairt leat agus leis an Phlean a mhíniú.
Beidh na himeachtaí seo ar fáil in achan bhaile mór mar seo a leanas:
Baile |
Ionad |
Dáta agus Am |
Ceann an Droichid |
Scoil Náisiúnta Naomh Aengus, Ceann an Droichid |
Dé Luain 8 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Carn Domhnach |
Ionad Seirbhíse Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach |
Dé Máirt 9 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Bealach Féich / Srath an Urláir |
Ionad Fiontraíochta an BASE, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir |
Dé Céadaoin 10 Feabhra 4pm- 8pm |
An Clochán Liath |
Ionad Seirbhíse Poiblí an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath |
Déardaoin 11 Feabhra idir 4pm- 8pm |
Béal Átha Seanaidh |
Óstán Dorrians, An Phríomhshráid, Béal Átha Seanaidh. |
Dé Máirt 16 Feabhra idir 4pm- 8pm |
Baile Dhún na nGall |
Ionad Seirbhíse Poiblí Bhaile Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall |
Dé Céadaoin 17 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Na Cealla Beaga |
Óstán Radharc an Chuain, An Phríomhshráid, Na Cealla Beaga |
Déardaoin 18 Feabhra idir 4pm – 8pm |
Is féidir leat fosta aighneacht nó moltaí a dhéanamh i dtaca leis an Phlean trí ríomhphost chuig [email protected] nó tríd an phost chuig: An Lár-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, lena fháil faoi 5pm, ar a mhoille, ar an 29 Feabhra 2016.
Má rinne tú aighneacht le linn an phróisis Réamhchomhairliúcháin i mí Lúnasa / Mheán Fómhair 2015 ní gá do chuid tuairimí a chur isteach arís ach más mian leat tuairimí nó moltaí eile a chur isteach cuirfear iad sin san áireamh in ullmhú an Dréachtphlean.
Fá choinne tuilleadh eolais ar chuspóir an Dréachtphlean Ceantair Áitiúil agus a bhfuil ann cliceáil anseo .