Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bróisiúr na gCealla Beaga

Cuan beoga úrnua ar taispeáint i mbróisiúr nua na gCealla Beaga

 

 The Killybegs Harbour Business brochure, which showcases Killybegs

 

Ag seoladh an bhróisiúir nua faoi chuan na gCealla Beaga Dé Luain: taobh thiar, ó chlé go deas: Jim Parkinson, Sinbad Marine, Barney McLaughlin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Eugene McBrearty, Killybegs Business Focus Group, Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Caroline Britton agus Liam Ward, Comhairle Contae Dhún na nGall. Chun tosaigh, ó chlé go deas: Cllr. Noel Jordan, an tAire Joe McHugh, Cllr. Niamh Kennedy agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Cllr. Terence Slowey

 

 

Seoladh an Killybegs Harbour Business brochure Dé Luain an 24ú Deireadh Fómhair ar a 7in san Óstán Bayview sna Cealla Beaga. Taispeánann an bróisiúr na Cealla Beaga mar chuan nua-aimseartha, beoga, a bhfuil súil aige ar an todhchaí. Tá an cuspóir ag an chuan margaíocht a dhéanamh ar na háiseanna atá ann faoi láthair san áit agus is féidir an leagan ar líne a nuashonrú in am ar bith le léargas a thabhairt ar chúrsaí agus ar sheirbhísí sa chuan a bhíonn ag athrú gan stad. 

 

 

Ag caint ag an seoladh, arsa an Cllr Niamh Kennedy, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Dhún na nGall go bhfuil 'na Cealla Beaga oscailte don ghnó agus tá dearcadh 'is féidir linn' ag muintir na gCealla Beaga.' Arsa Eugene McBrearty ón Killybegs Business Focus Group, 'bímid dírithe ar an bhaile a chur chun cinn agus tá súil againn an bróisiúr seo a úsáid, agus an leagan ar líne go háirithe, le margaíocht a dhéanamh ar na háiseanna iontacha atá againn anseo agus deiseanna nó smaointe a thapú a d'fhéadfadh cuidiú le fostaíocht, le forbairt agus le margaíocht an bhaile agus an chuain.' 

 

 

Arsa Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, 'mar údarás áitiúil, tá an-áthas orainn éabhlóid na gCealla Beaga a fheiceáil go dtí an calafort ilfheidhmeach seo a dhéanann freastal ar na hearnálacha iascaireachta, fuinnimh agus long cúrsála. Tá ról barrthábhachtach ag na Cealla Beaga inár gcontae agus is suntasach an bhuntáiste atá leis don eacnamaíocht agus don turasóireacht.' 

 

 The Killybegs Harbour Business brochure, which showcases Killybegs

An tAire Joe McHugh agus an Cathaoirleach Terence Slowey ag amharc ar an Bhróisiúr Gnó nua faoi Chuan na gCealla Beaga tráth a seoladh é tráthnóna Dé Luain.

 

 

 

Agus é ag seoladh an bhróisiúir, ghríosaigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Cllr. Terence Slowey, gach comhlacht agus eagraíocht le leas a bhaint as leis na Cealla Beaga a chur chun cinn mar scothionad easchósta le haghaidh réimse seirbhísí barrthábhachtacha.

 

 

Leagann an bróisiúr amach na fíricí ar fad faoi phríomh-chalafort na hÉireann, ó na comhlachtaí déantúis agus innealtóireachta atá lonnaithe sna Cealla Beaga a onnmhairíonn a gcuid tairgí ar fud an domhain, go dtí na leasuithe is déanaí a rinneadh leis an bhealach a réiteach do na longa cúrsála - áit a dtig le paisinéirí teacht i dtír agus taisteal ar fud ár gcontae álainn. 

 

Tá áiseanna, seirbhísí agus lucht seirbhíse ar fad clúdaithe, chomh maith le hAerfort Dhún na nGall agus an ról tábhachtach atá aige sin mar mhol iompair agus mar ionad aerthacaíochta le haghaidh oibríochtaí easchósta ó tosaíodh ar an taiscéalaíocht ar chósta thiar-thuaidh na hÉireann i 1998. Aithníonn an bróisiúr an ról tábhachtach ag IT Leitir Ceanainn a bhfuil réimse cúrsaí teoiriciúla agus praiticiúla ar fáil ann faoi Theicneolaíocht Fhuinneamh na Gaoithe agus faoin Turasóireacht, mar atá, Turasóireacht Mara, Turasóireacht Cinn Scríbe agus Treorú Turais.

 

 

I ngeall ar an infheistiú leanúnach i gCuan na gCealla Beaga tá sé forbartha ina chalafort ilfheidhme a dhéanann freastal ar na hearnálacha iascaireachta, fuinnimh agus cúrsála. Taispeánann an bróisiúr nua seo gur scothionad easchósta é na Cealla Beaga le haghaidh lóistíocht, láimhsiú loingis, deantúsóireacht, innealtóireacht, tacaíocht sóithigh agus cúrsáil fóillíochta. Tá scoth an tsaineolais sna Cealla Beaga agus tá sé solúbtha go leor lena chinntiú go mbeidh sé inchurtha le dúshlán ar bith a thiocfas an bealach amach anseo.

 

 

Is féidir an bróisiúr a íoslódáil ag www.donegalcoco.ie nó trí chliceáil anseo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO