Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Boscaí Bruscair Donna ag teacht go Leitir Ceanainn

Boscaí Bruscair Donna ag teacht go Leitir Ceanainn

 

An samhradh seo, tiocfaidh córas na mBoscaí Bruscair Donna i bhfeidhm i gceantar Leitir Ceanainn le haghaidh dramhbhia tí. Tiocfaidh na 'Rialacháin úra um Bia Tí agus Bith-Dhramhaíl' i bhfeidhm do Leitir Ceanainn ón 1 Iúil 2014.  Cuirfidh an rialachán seo ceangal ar gach sealbhóir tí i gceantar Leitir Ceanainn a gcuid dramhbhia a scaradh agus é a chur ar fáil le múirín a dhéanamh de. Go hiondúil, is é atá i gceist leis seo ná go mbíonn ar shealbhóirí tí bia cócaireáilte agus bia neamhchócaireáilte a chur isteach i mBosca Bruscair Donn, a chuirfidh do bhailitheoir bruscair ar fáil duit.

Baineann na rialacháin seo le Leitir Ceanainn in 2014, agus beidh an tseirbhís seo ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí in ionaid uirbeacha níos lú sa dá bhliain amach romhainn.

 "Is é is cuspóir leis an Rialachán ná dramhbhia, atá inbhithmhillte, a atreo ar shiúl ó dhumpaí líonta talún go dtí áiseanna a bhfuil d'údarás acu é a chóireáil agus múirín d'ardchaighdeán a dhéanamh de", de réir Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Don sealbhóir tí, is é is ciall leis seo na go gcaithfidh siad a gcuid dramhbhia tí a scaradh agus a chinntiú nach gcuirfear isteach sa bhosca bruscair dubh, nó sa bhosca bruscair diúscartha, é. Tairgfidh na bailitheoirí bruscair áitiúla bosca bruscair donn, le haghaidh dramhbhia, do gach sealbhóir tí i Leitir Ceanainn sa dá mhí amach romhainn, ach má tharlaíonn sé ar chúis éigin nach mbíonn siad i dteagmháil leat, tá sé tábhachtach duit féin teagmháil a dhéanamh leis an bhailitheoir bruscair lena fháil amach cad iad na socruithe atá ann do do cheantar féin. Is féidir le lucht an tí leanúint leo ag déanamh múirín de chraiceann torthaí agus de chraiceann glasraí sa ghairdín, ach ní bheadh an córas seo ag fóirstean do dhramhbhia ar nós táirgí déiríochta, feoil, circeoil, éisc, cnámha, scríoblach pláta srl.

I measc an dramhbhia ar féidir a chur sa Bhosca Bruscair Donn, tá,

 

  • Feoil, circeoil, agus éisc, cnámha san áireamh
  • Scríoblach bia ó phlátaí agus ó mhiasa
  • Torthaí agus glasraí
  • Málaí tae, meilte caife agus scagpháipéir
  • Arán, cístí agus brioscaí
  • Rís, pasta agus arbhair
  • Táirgí déiríochta, cáis, im agus iógairt
  • Anraithí agus anlanna
  • Uibheacha, blaoscanna uibhe, agus boscaí cairtchláir d'uibheacha
  • Naipcíní salaithe ag bia, tuáillí páipéir
  • Nuachtán (nuair a úsáidtear é le dramhbhia a chumhdach)
  • Bia as dáta agus an pacáistiú bainte de (chan gloine / plaisteach).

 

 

"Faoi na rialacháin seo, iad siúd a chuireann a gcuid dramhbhia isteach sa bhosca bruscair 'dubh' iarmharach, nó a úsáideann mionbhristeoir nó aon ghléas stiallta eile le fáil réidh le dramhbhia, measfar iad a bheith ag teacht salach ar an reachtaíocht agus d'fhéadfaí an dlí a chur orthu agus fíneáil suas le €4,000 a ghearradh orthu má chiontaítear iad" de réir Dearn McClintock, Oifigeach Rialachán Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall. "Is í Comhairle Contae Dhún na nGall an foras forfheidhmiúcháin ó thaobh na reachtaíochta seo de, agus beidh siad gníomhach lena chinntiú go mbeidh sealbhóirí tí sna ceantair ainmnithe agus aithnithe ag déanamh de réir na reachtaíochta.

Má tá ceist ag duine ar bith i dtaca le teacht isteach na seirbhíse seo, ba chóir dó nó di dul i dteagmháil lena mbailitheoir bruscair féin nó le Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ar 074 91 53900. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.donegalcoco.ie nó ar www.brownbin.ie

 

Críoch.

 

Foinse: Suzanne Bogan, Oifieach Feasachta Dramhaíola, Comhairle Contae Dhún na nGall, 074 91 76276 nó Rphost [email protected] 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO