Síneadh ama go dtí an Luan maidir le fógra baol mór tine (Stádas Contúirte Dearg)
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndiaidh síneadh ama a chur leis an fhógra baol mór tine (Stadás Contúirte Dearg) go dtí meánlae Dé Luain 2 Iúil, ar a laghad.
Tá an fógra seo i bhfeidhm do gach áit ina bhfuil breoslaí contúirteacha agus leanfaidh na coinníollacha seo go dtí meánlae ar an 2 Iúil, ar a laghad.
Is mian le Comhairle Contae Dhún na nGall tathant ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith faicheallach agus gach gníomh is gá a ghlacadh le tinte fiáine amhail tinte aitinn, fraoigh, foraoise agus a leithéid de sin a sheachaint.
Táthar ag iarraidh ar gach úinéir talún agus gach ball den phobal a bheith airdeallach agus fios a chur láithreach bonn ar an tSeirbhís Dóiteáin, trí scairt a chur ar 999 nó 112, maidir le haon tine gan smacht gan chúram.
Tá an Chomhairle ag gríosú an phobail fosta gan bheith ag déanamh rud ar bith a d'fhéadfadh tinte fiáine a thoiseacht.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall chomh maith a chur i gcuimhne d'úinéirí talún agus do bhaill den phobal gur coir é aon fhásra atá ag fás ar thalamh nach bhfuil saothraithe idir 1 Márta agus 31 Lúnasa, in aon bhliain, a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a scriosadh ar aon bhealach eile, de réir an Achta Fiadhúlra 1976 agus An Achta Fiadhúlra 2000 (arna leasú).