Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Baile Seirbhíse Gaeltachta

Leitir Ceanainn ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

 

Letterkenny Streetscape

Leitir Ceanainn - Grianghraf a bhuí le Paul McGuckin

 

Tá Leitir Ceanainn ainmnithe mar cheann de na bailte a d'fhéadfadh aitheantas a fháil mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.

 

Beidh cruinniú poiblí ar siúl Dé Máirt seo chugainn, 26 Iúil ar 7pm, in oifigí na Comhairle Contae i Leitir Ceanainn d'aon ghrúpa agus d'aon eagraíocht ar suim leo tuilleadh eolais a fháil faoin phróiseas seo.

 

Caithfear plean teanga a chur i dtoll a chéile d'aon bhaile atá ag iarraidh a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus táthar ag súil gur féidir coiste áitiúil a bhunú leis an phlean seo a chur le chéile.

Ag an chruinniú seo, gheofar eolas ar cad é atá i gceist le próiseas pleanála teanga do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus ar an chineál tacaíochta agus cúnaimh a bheas ar fáil.

 

Beidh ionadaithe i láthair ag an chruinniu seo ó Fhoras na Gaeilge, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, agus ó Údarás na Gaeltachta. Aon duine a bhfuil suim aige nó aici freastal ar an chruinniú seo ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO