Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Athchúrsáil Tochtanna

190 tocht bailithe le linn Lá Athchúrsála Tochtanna i Leitir Ceanainn

Mattress Amnesty LK

 

 Cuid de na 190 tocht a bailíodh le hathchúrsáil i Leitir Ceanainn le linn Lá Athchúrsála Tochtanna i mí Lúnasa.

 

Bailíodh 190 tocht le hathchúrsáil le linn Lá Athchúrsála Tochtanna i Leitir Ceanainn an mhí seo caite, ar an chéad lá den tionscnamh úr náisiúnta seo i nDún na nGall.

 

“Bhí lúcháir orainn le líon na dtochtanna tí a bailíodh le linn an Lá Athchúrsála Tochtanna i Leitir Ceanainn’ a dúir Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

‘Is é seo an chéad uair a reáchtáil muid Lá Athchúrsála mar seo i nDún na nGall agus tá muid iontach dearfach faoi cé chomh maith agus a d’éirigh leis an lá. Beidh cúpla lá breise á reáchtáil againn anois le linn mhí Mheán Fómhair i gceantracha éagsúla ar fud an chontae.  Is deis iontach í seo ag teaghlaigh fáil réitithe de sheantochtanna, saor in aisce agus ar an dóigh cheart, agus tá muid ag iarraidh nach mbeidh níos mó ná trí thocht á gcaitheamh amach ó aon fheithicil amháin agus go mbeidh na tochtanna glan agus tirim.’

 

Beidh Laethanta Athchúrsála Tochtanna ar siúl Dé Sathairn 8 Meán Fómhair ó 9am go dtí 12 meán lae in Ionad Athchúrsála Shrath an Urláir agus ó 2pm go dtí 5pm in Ionad Athchúrsála na Lathaí. Dé Sathairn 15 Meán Fómhair ó 9am go dtí 12pm in Ionad Athchúrsála Charn Domhnach agus 2pm go dtí 5pm in Ionad Athchúrsála Bhaile na nGallóglach, agus Dé Sathairn 22 Meán Fómhair ó 8.30am go dtí 2.30pm in Ionad Athchúrsála an Chlocháin Léith.

 

Tá Suzanne Bogan ag iarraidh ar an phobal na Laethanta Athchúrsála Tochtanna seo a úsáid in achan cheantar acu seo agus dúirt sí “tá an tionscnamh seo á mhaoiniú faoin Tionscnamh Frithdhumpála náisiúnta agus tá sé á chur i bhfeidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le WERLA, agus is bealach iontach é ag teaghlaigh fáil réidh lena seantochtanna saor in aisce san Ionad Athchúrsála áitiúil, agus d’iarrfaimis ar theaghlaigh an deis seo a ghlacadh fáil réidh lena seantochtanna ar an dóigh seo’.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO