Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An Tosach Siopa is Fearr

An Tosach Siopa is Fearr buaite ag Siopa Ceardaíochta Ghleann Domhain

BKSF

Siopa Ceardaíochta Ghleann Domhainn a bhfuil an chéad duais buaite acu sa Chomórtas le haghaidh an Tosach Siopa is Fearr Feistithe faoi Chomórtas Oscailte Gailf na hEireann (Dubai Duty Free)

 

Ní raibh sárú le fáil ar Shiopa Ceardaíochta Ghleann Domhain a bhain an chéad áit sa Chomórtas don Tosach Siopa is Fearr Feistithe a reáchtáladh mar cheiliúradh ar Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free) ag Club iontach Gailf Bhaile Lifín.

 

Agus i bhfad níos mó ná 100 iontráil ar an chomórtas bhí an-dua ar na moltóirí an buaiteoir a roghnú ags bhí lúcháir orthu le caighdeán na n-iarratas.

 

Agus í ag fógairt na mbuaiteoirí beo ó Chlub Gailf Bhaile Lifín ar Highland Radio maidin inniu bhí an méid seo le rá ag Sinéad El Sibai, Leas-Chathaoirleach Margaíochta le Dubai Duty Free, “Tá lúcháir orainn, thar ceann Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free), urraíocht a dhéanamh ar an Chomórtas don Tosach Siopa is Fearr Feistithe agus ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiiteoirí. Is tionscnamh iontach é seo a thug an pobal ar fad le chéile agus a chruthaigh an-atmaisféar don réigiún le linn na tréimhse seo. Is ócáid spóirt den chéad scoth é Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free), a bhfuil na galfairí is fearr sa domhan meallta aige, agus tá muid ag súil go mór le hardchaighdeán gailf an tseachtain seo.”

 

BKSF 1

Beár Uí Fhlathartaigh i mBun Cranncha 

 

Rinne An Clr. Martin Farren, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Inis Eoghain comhghairdeas leis na buaiteoirí agus thug sé ard-mholadh do na gnólachtaí ar fad agus do na coistí ar fad a chuir isteach ar an chomórtas, agus dúirt sé an méid seo a leanas: “Caithfidh mé ardmholadh a thabhairt do na grúpaí áitiúla agus na gnólachtaí ar fad in Inis Eoghain as a muintearas agus an obair atá déanta acu le hInis Eoghain a chur i láthair an domhain mhóir i mbarr a ghlóire. Bhí caighdeán na n-iarratas sa chomórtas an-ard ar fad agus níl aon amhras ach go bhfuil an bua seo tuilte go maith ag Siopa Ceardaíochta Ghleann Domhain sa chomórtas seo, chomh maith le Briney’s i gCluain Maine agus Beár Uí Fhlathartaigh i mBun Cranncha a tháinig sa dara háit agus sa tríú háit.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hurraithe an chomórtais fosta as a gcineáltas agus as a dtiomantas don phobal s’againne.”

 

Chuir Dubai Duty Free duaischiste de €3,000 ar fáil. Faigheann na buaiteoirí €1,500 don chéad áit, €1,000 don dara háit agus €500 don tríú háit, agus sin uilig urraithe ag an mhiondíoltóir aerfoirt atá fosta mar phríomh-urraí ar an chomórtas gailf. Beidh deis ag an bhuaiteoir fosta, agus aoi dá chuid, sult a bhaint as lánfháilteachas corparáideach Dé Domhnaigh, mar a mbeidh lón ar fáil, agus amharc ar an ghalf ar fad ó phailliún príobháideach de chuid Dubai Duty Free ar an 18ú Faiche ag Club Gailf Bhaile Lifín.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO