Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGall

An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGall buaite ag Pete Friel

An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGall buaite ag Pete Friel

 

Buaiteoirí i mbabhta Dhún na nGall de An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn: Christy Lynch, Efficient Renewables Teo., Magh a bhain an chatagóir don Ghnólacht Bhunaithe is Fearr le Breiseán Úr, Ellevyn Irwin, Click Clinic, Bun Cranncha a bhain don Smaoineamh Nua is Fearr, agus Pete Friel, Chartered Education, Rath Maoláin, a bhain an chatagóir don Ghnólacht Úr is Fearr agus an phríomhdhuais 'An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGall'.    

 

Fógraíodh buaiteoirí bhabhta Dhún na nGall de An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn ag Mór-Shearmanas Gradam in Óstán an Silver Tassie i Leitir Ceanainn oíche Dé Céadaoin.   Is í an Oifig Fiontair Áitiúil a reáchtáil an comórtas agus mealladh beagnach caoga duine óg faoi 30 bliain d'aois ó achan chearn den chontae. I ndiaidh athbhreithniú iomlán a dhéanamh, cuireadh cúigear déag ar ghearrliosta agus cuireadh tús le Grodchampa Gnó, á sheachadadh ag Gerry Moan ó Constructive Intervention, sula ndearnadh an mholtóireacht dheireanach Dé Ceadaoin faoi thrí chatagóir ar leith - an smaoineamh nua is fearr, an ghnólacht nua is fearr, agus an ghnólacht bhunaithe is fearr le breiseán úr.  

 

Agus é ag fógairt na mbuaiteoirí, seo mar a labhair Michael Tunney, Ceannasaí Fiontair Áitiúil, "Is cosúil go bhfuil laethanta maithe geala i ndán don fhiontraíocht i nDún na nGall. B'iontach an cheannasaíocht agus an chruthaitheacht, chomh maith leis leibhéal tiomantais, dúthrachta agus díograise, a léirigh na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais. D'fhéadfaí gach ceann de na smaointe agus de na gnólachtaí atá ós ár gcomhair anseo anocht, a fhorbairt níos mó agus tuilleadh fostaíocht riachtanach a chruthú sa chontae. An dáréag fiontraithe óga nach roghnófar, is fiontraithe óga den chéad scoth iad chomh maith agus níor chóir go mbeadh a mhalairt de thuairim acu fá dtaobh dóibh féin'.  

 

Agus ina dhiaidh sin, d'fhógair an tUas. Tunney na buaiteoirí, mar seo a leanas:   An Ghnólacht Nua is Fearr agus duais €20,000: Pete Friel, Chartered Education, Ráth Maoláin. Is comhlacht gairmiúil oideachais é Chartered Education a sholáthraíonn cúrsaí idirlín agus ábhair staidéir do chuntasóirí faoi oiliúint, agus físeáin teagaisc shuimiúla mar chomhlánú leis sin. Is féidir le húsáideoirí na cúrsaí a rochtain ar a gcaoithiúlacht féin agus freastalaíonn an t-ábhar staidéir ar gach cineál foghlaimeora, ag ligint dá scoláirí staidéar a dhéanamh ar dhóigh a fhóireann dóibh féin.   An Ghnólacht Bhunaithe is Fearr le Breiseán Úr agus duais €20,000: Christy Lynch, Efficient Renewables Teo., Magh. Déanann Efficient Renewables Teo. córais téite inbhunaithe d'ardchaighdeán a dhearadh, a insuiteáladh agus a aimsiú le haghaidh foirgnimh phríobháideacha agus foirgnimh ghnó ar fud na hÉireann. Tá clú agus cáil ar an ghnólacht as réimse leathan seirbhísí, ag soláthar griantéamh, téamh faoi urlár, teaschaidéil, táirgí spárála uisce, srl. An Smaoineamh Nua is Fearr agus duais €10,000: Ellevyn Irwin, Click Clinic, Bun Cranncha. Is ardán é Click Clinic a nascann daoine a bhfuil breoichteachtaí neamhthromchúiseacha orthu le cúramóirí gairmiúla sláinte go sciobtha trí chúpla cnaipe a bhualadh de mhéar. Is ionann é agus an córas 'Hailo' curtha in oiriúint le haghaidh coinní leighis, ag cuidiú le daoine cóir leighis a fháil i suaimhneas a dtí féin nó a n-ionad oibre féin.     An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGall:  Pete Friel, Chartered Education, Ráth Maoláin. 

 

Téann an triúr buaiteoirí as Dún na nGall ar aghaidh chuig babhta ceannais réigiúnach de chuid chomórtas An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn, agus tá súil againn go n-éireoidh leo dul ar aghaidh chuig an Bhabhta Ceannais Náisiúnta i mí na Nollag.  

 

Is é is aidhm leis an Fhiontraí Óg is Fearr in Éirinn cultúr na fiontraíochta a spreagadh agus a chothú i measc daoine óga in Éirinn, an fhiontraíocht a chur chun cinn mar rogha slí bheatha, agus bunú agus forbairt gnólachtaí beaga a spreagadh i measc ar gcuid fiontraithe óga. Ta an togra mar chuid den Phlean Gniomhaiochtai le haghaidh Post 2014 agus ta se a reachtail ag greasan d'Oifigi Fiontair Aitiula ar fud na tire.  

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO