Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Aip Hericoast Seolta

Aip Hericoast seolta

Hericoast

Joe Mahon, Alana Greene, Comhcheannasaí Tionscadail, An Leas-Chathaoirleach Noel Jordan agus Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag seoladh Aip Eispéireas Cósta Dhún na nGall.

 

Bhí an láithreoir clúiteach teilifíse, Joe Mahon, i láthair le hAip Eispéireas Cósta Dhún na nGall san Ionad Seirbhíse Poiblí i Leitir Ceanainn níos luaithe inniu. Tá clú ar Joe Mahon as an tsraith theilifíse rathúil Lesser Spotted Journeys, agus bhí lúcháir air a bheith i láthair chun cuidiú le seoladh na haipe úire seo. Is é atá ann dóigh úr le scéal ón chósta iontach álainn s’againne a inse agus a chomhroinnt.

  

Ceann de na rudaí is fearr faoi na meáin shóisialta ná an dóigh a ligeann sé dúinn ócáidí speisialta a chomhroinnt le daoine eile, chomh maith lenár gclanna agus lenár gcairde. Tá an Aip Idirlín seo deartha chun ligint don úsáideoir an t-eolas seo a uaslódáil trí theicneolaíocht léarscáilíochta a úsáid, agus ansin úsáidfidh an Fhoireann Phleanála s’againne an t-eolas seo leis na sonraí seo a ghabháil agus a bhainistiú, sonraí nárbh fhéidir a ghabháil gan an aip seo.

 

Comhairle Contae Dhún na nGall atá ag seoladh na haipe nuálaíche seo agus tá maoiniú faighte fána choinne ó Interreg na hEorpa tríd an togra Hericoast, a bhfuil sé mar aidhm aige bainistiú agus caomhnú na hoidhreachta cósta a fheabhsú.

 

Ní gá an Aip Idirlín a íoslódáil, rud a chiallaíonn nach n-úsáideann sí stórás cuimhne do ghutháin nó do ghléis. Oibreoidh sé ar aon ghléas nó ar aon ardán, ar a n-áirítear Android, Windows agus Apple. Ní rachaidh sé as dáta mar go bhfuil rochtain air an t-am ar fad tríd an suíomh idirlín agus is féidir é a scaipeadh ar na meáin shóisialta fosta. Tá an Aip ar fáil ag: http://arcg.is/2qlVZZH

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO