Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ainmniúcháin á lorg do Réalta Spóirt Dhún na nGall

Ainmniúcháin á lorg do Réalta Spóirt Dhún na nGall

 

Tá Coiste Réalta Spóirt Dhún na nGall ag glacadh le hainmniúcháin le haghaidh ócáid bhronnta gradam 2014, a bheas ar siúl in Óstán an Mount Errigal Dé hAoine 30 Eanáir. Is é seo an 39ú searmanas gradam a thugann aitheantas do na foirne agus do na daoine aonair ón chontae ar éirigh go hiontach leo go háitiúil, go cúigiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

 

Tá bunscoileanna agus meánscoileanna mar chuid lárnach de Ghradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall chomh maith, a bheas á urrú ag Comhairle Contae Dhún na nGall arís eile. Bliain eile den chéad scoth a bhí ann do chúrsaí spóirt sa chontae agus is cinnte go mbeidh sin le feiceáil ó ardchaighdeán na n-ainmniúchán a dhéanfar sna seacht seachtaine amach romhainn.‌

 

Is é Jason Quigley, an dornálaí as Bealach Féich, an buaiteoir mór-iomlán san am i láthair ó anuraidh, agus chuaigh sé leis an dornálaíocht ghairmiúil go gairid i ndiaidh shearmanas gradam na bliana seo caite i mí Eanáir. Ós rud é gurb é an coiste a roghnóidh an buaiteoir le haghaidh 'Halla na Mór-Chlú' níl aon ainmniúchán á lorg sa rannóg seo. 

 

Is leor cuntas gairid ar a bhfuil bainte amach ag duine. Tá gá le grianghraif agus físeáin DVD chomh maith. Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ar líne ó leathanach na n-ainmniúchán agus iad a sheoladh chuig [email protected]  nó trí fhoirm ainmniúcháin shimplí a líonadh, agus a thig leat a íoslódáil agus a chur chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain. Iad siúd nach bhfuil an t-idirlíon á úsáid acu, thig leo a n-ainmniúcháin a sheoladh trí phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Ghradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall téigh chuig an suíomh idirlín www.donegalsportsstarawards.ie  nó aimsigh Gradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall ar Facebook.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO