Tá Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ag reáchtáil sraith léachtaí staire ar fud an chontae. Is é is teideal do na léachtaí 'Ag Cuimhneamh ar ár Stair - Ár dTodhchaí a Chomhroinnt', agus tá siad bunaithe ar an téama Éire agus Dún na nGall sa ré réabhlóideach 1912 - 1923.
Is é an Dr John O'Callaghan ó Choláiste Naomh Aingeal, Sligeach, a thabharfaidh na léachtaí. Dhírigh tráchtas an Dr Ó Callaghan ar an tréimhse 1912 - 1923 agus ina chuid teagaisc, taighde agus foilseachán dírítear ar an tréimhse réabhlóideach agus ar a comóradh. San aitheasc uaidh déanfaidh sé cur síos ar an dóigh a ndeachaigh príomh-imeachtaí na tréimhse sin i bhfeidhm ar na pobail éagsúla, agus ar an dóigh ar leag siad síos dúshraith do na caidrimh atá againn sa lá atá inniu ann.
Beidh na léachtaí ar siúl sna hionaid seo a leanas:
Tá na himeachtaí saor in aisce agus cuirfear sólaistí ar fáil. Beidh sos ceoil ann mar chuid den imeacht chomh maith le ceol ón tréimhse. Is gá áirithint a dhéanamh leis na huimhreacha gutháin thuas.
Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil le Donna Quinn ar [email protected]
Tá tacaíocht ag an tionscadal seo ón togra Lámha na Staire, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí an AE faoi Chlár an AE um Shíocháin agus Athmhuintearas, atá á bhainistiú ar son Fhoras Chláir Speisialta an AE ag Comhairle Contae Dhún na nGall.