Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Foilseacháin > An Beartas Cosanta Sonraí

An Beartas Cosanta Sonraí

An Beartas Cosanta Sonraí

 

CLÁR

 

Réamhrá

Cuspóir agus Scóip

Sainmhínithe

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Freagrachtaí

Cearta Daoine Aonair

Sáruithe Sonraí Pearsanta

Freagrachtaí Baill Foirne

Iarratais ar Rochtain ó Ábhair Sonraí

Tuilleadh Eolais

 

Réamhrá

Ina ról mar Údarás Áitiúil do Chontae Dhún na nGall, tá Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as réimse leathan éagsúil seirbhísí a sholáthar do mhuintir Chontae Dhún na nGall.  I measc na seirbhísí seo tá an Rialú Pleanála agus Tithíocht Shóisialta a sholáthar, Bóithre a chothabháil agus a fheabhsú, Seirbhísí Comhshaoil, Forbairt Pobail, Seirbhísí Éigeandála agus Seirbhísí Leabharlainne.

 

Agus muid i mbun na bhfeidhmeanna seo, is gá don Chomhairle méideanna suntasacha “sonraí pearsanta” a bhailiú agus a phróiseáil de réir bhrí na Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.

 

Cuspóir agus Scóip

De bharr an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), a tháinig i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018, agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018, a thugann éifeacht bhreise don rialachán seo, tá dualgais ar Chomhairle Contae Dhún na nGall na sonraí pearsanta ar fad atá faoina cúram a chosaint.  Tá dhá chuspóir leis an doiciméad seo, mar seo a leanas:

 

Chun achoimre a thabhairt ar bheartas Chomhairle Contae Dhún na nGall i dtaca le cur i bhfeidhm ár gcuid dualgas faoin reachtaíocht maidir cosaint sonraí.

 

Chun béim a leagan ar thiomantas na Comhairle i dtaca le cearta agus príobháideachas an duine aonair a chosaint, agus eolas a thabhairt faoin dóigh a gcinnteoidh an Chomhairle go gcloífear le RGCS agus le reachtaíocht cosanta sonraí de chuid na hÉireann.

 

Sainmhínithe

Sonraí pearsanta: aon fhaisnéis a bhaineann le duine beo sainaitheanta nó in-sainaitheanta (tugtar ‘ábhar sonraí’ ar a leithéid de dhuine). D’fhéadfaí duine aonair a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne (ar nós seoladh IP) nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine aonair sin.

 

Próiseáil: aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta. Áirítear na rudaí seo a leanas ar phróiseáil: sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a aisghabháil, a úsáid, a mheascadh, a ghlanadh agus a scriosadh, agus is féidir oibríochtaí uathoibríocha nó ó láimh a bheith i gceist.

 

Rialaitheoir Sonraí: Is é is “rialaitheoir sonraí” ann duine, comhlacht nó foras eile a shocraíonn na cuspóirí agus na modhanna maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil.

 

Próiseálaí Sonraí: Is é is “próiseálaí sonraí” ann duine, comhlacht nó foras eile a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil ar son Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Cead:

Déantar roinnt cineálacha próiseálá ar an bhonn gur thug tú do chead.  Faoin RGCS, is gá cead i dtaca le próiseáil a thabhairt faoi shaoirse, go sonrach, agus go feasach.  Ní féidir iallach a chur ort do chead a thabhairt. Is gá a rá leat cad iad na cuspóirí a n-úsáidfear do shonraí fána gcoinne, agus ba chóir duit do chead a thaispeáint ‘trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach’ (e.g. bosca a thiceáil).

 

Ní hé do chead an t-aon bhunús dleathach amháin is féidir a úsáid le do shonraí pearsanta a phróiseail.  In Alt 6 den RGCS leagtar amach liosta iomlán de na cúiseanna dleathacha is féidir a úsáid le sonraí pearsanta a phróiseáil, mar seo:

 

Cead.

Chun conradh a dhéanamh.

Le go mbeidh eagraíocht in ann dualgas dleathach a chomhlíonadh.

Nuair is gá sonraí pearsanta a phróiseáil le leasanna bunúsacha an duine a chosaint.

Nuair is gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail.

Ar mhaithe le leasanna dlisteanacha comhlachta/eagraíochta (ach amháin sa chás go dtéann na leasanna sin i gcoinne cearta agus saoirsí an duine aonair, nó nuair a dhéanann siad dochar dóibh).

Oifigeach Cosanta Sonraí - Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag Comhairle Contae Dhún na nGall.  Tá an méid seo a leanas mar chuid de ról an Oifigigh Cosanta Sonraí:

 

Comhairle a sholáthar don eagraíocht maidir leis na bearta is gá a dhéanamh le comhlíontacht i dtaca le RGCS a bhaint amach agus a choinneáil;

Éascaíocht a dhéanamh chun beartais chuí agus nósanna imeachta cuí a fhorbairt agus a choinneáil i dtaca le sonraí pearsanta a chosaint;

Comhairle a thabhairt maidir le measúnaithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh, nuair is gá;

A bheith mar phointe teagmhála d’ábhair sonraí maidir lena gcuid ceart a chur i bhfeidhm faoin RGCS. 

A bheith i dteagmháil leis an Choimisiún um Chosaint Sonraí, agus comhoibriú leo, de réir mar is cuí.

 

Freagrachtaí 

Seo a leanas na bunphrionsabail lena gcloífidh Rialaitheoir Sonraí (Comhairle Contae Dhún na nGall), mar atá leagtha amach sna Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (Alt 5) agus san Acht um Chosaint Sonraí 2018.

 

Dlíthiúlacht, Cothroime, Trédhearcacht

Cuspóir a Theorannú

Íoslaghdú Sonraí

Cruinneas

Teorannú Stórála

Ionracas agus Rúndacht

Freagracht

 

Dlíthiúlacht, Cothroime agus Trédhearcacht

 5.1.1 Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun a chinntiú gur go dleathach, go cothrom agus go trédhearcadh a fhaigheann muid sonraí pearsanta ó dhaoine ar ábhair sonraí iad. Dá bhrí sin, ag an am a bhailíonn muid sonraí pearsanta ó ábhair sonraí nó, i gcás go bhfaightear na sonraí ó thríú páirtí, chomh luath agus is féidir agus sula gcuirfear tús le haon phróiseáil ar a leithéid de shonraí, cuirfidh an Chomhairle Contae an méid seo a leanas in iúl dóibh trína ráiteas príobháideachais:

Na sonraí pearsanta atá a fháil

Cé uaidh is féidir leis an Chomhairle Contae sonraí a fháil;

An cuspóir atá lena gcuid sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil;

Cé atá ag próiseáil na sonraí;

Cé a nochtóidh a gcuid sonraí pearsanta, agus cé na himthosca faoina ndéanfar sin;

Mionsonraí maidir le cé chomh fada agus a choinneofar a gcuid sonraí pearsanta

 

5.1.2. Is gá bunús dlí a bheith agat le sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá na fáthanna dlíthiúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil leagtha amach in Alt 6 den RGCS.  Is iad seo:

Gur thug an t-ábhar sonraí cead do Chomhairle Contae Dhún na nGall a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar chúis ar leith amháin nó níos mó.

Go bhfuil an phróiseáil riachtanach do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun conradh a chomhlíonadh a bhfuil an t-ábhar sonraí bainte leis.

Go bhfuil an phróiseáil riachtanach chun dualgais reachtúla atá ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a chomhlíonadh.

Gur gá na sonraí a phróiseáil le leasanna bunúsacha an duine a chosaint.

Go bhfuil gá leis an phróiseáil chun tásc a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail; nó le húdarás oifigiúil atá dílsithe do Chomhairle Contae Dhún na nGall a chur i bhfeidhm.

Go bhfuil gá leis an phróiseáil ar mhaithe le leasanna dlisteanacha Chomhairle Contae Dhún na nGall (seachas nuair atá na leasanna sin sáraithe ag leasanna nó cearta agus saoirsí an ábhair shonraí).

 

5.1.3 I gcásanna ina bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag brath ar an toiliú mar choinníoll próiseála dlíthiúil, is gá go bhfuil toiliú an ábhair shonraí tugtha faoi shaoirse i.e. gníomh intinneach sonrach chun an phróiseáil a roghnú nó a cheadú.  Mar shampla, ráiteas scríofa, trí mhodhanna leictreonacha san áireamh, nó ráiteas ó bhéal.  Is gá gur rogha gníomhach gach toiliú.

Is gá do Chomhairle Contae Dhún na nGall eolas a chur in iúl d’ábhair shonraí, nuair atá siad ag tabhairt ceada don Chomhairle, maidir lena gcearta chun an toiliú a aistarraingt ag aon am.  Caithfidh an modh chun toiliú a aistarraingt a bheith chomh furasta leis an mhodh chun toiliú a thabhairt.

 

5.1.4 Catagóirí speisialta de shonraí pearsanta:

Tá cosaint bhreise faoin RGCS ag cineálacha áirithe sonraí pearsanta atá leochaileach.  Tá siad seo liostaithe faoi Airteagal 9 den RGCS mar “catagóirí speisialta” de shonraí pearsanta.  Is iad na catagóirí speisialta:

Sonraí pearsanta a thugann eolas faoi dhúchas cine nó eitneach.

Tuairimí polaitiúla.

Creidimh nó fealsúnachtaí.

Ballraíocht i gceardchumann.

Sonraí géiniteacha nó sonraí bithmhéadracha a dhéantar a phróiseáil ar chúis ar leith amháin, agus sin le duine beo a aithint.

Sonraí a bhaineann le sláinte.

Sonraí maidir le saol gnéis nó claonadh gnéis aon duine beo.

Tá cosc ar na catagóirí speisialta seo a phróiseáil, ach amháin i gcúinsí teoranta atá leagtha amach in Airteagal 9 den RGCS.

 

5.2 Cuspóir a Theorannú: Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall bearta, seachas nuair a fhoráiltear a mhalairt sa reachtaíocht chosanta sonraí, lena chinntiú go bhfuil aon phróiseáil sonraí pearsanta teoranta do na cuspóirí chun a bhfuarthas é.  Ní thabharfar aon sonraí pearsanta do thríú páirtí ach amháin nuair atá sin ceadaithe de réir an dlí.

Ba cheart, go háirithe, do na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta. Mar sin féin, tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh.

 

5.3 Sonraí a Íoslaghdú: Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall bearta cuí i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil aon sonraí pearsanta atá aici á gcoinneáil chun na críocha sonracha a bhfuarthas é.  Ba chóir mar sin go mbeadh na sonraí pearsanta sin ábhartha, leordhóthanach agus go huile is go hiomlán riachtanach chun na críche sin.  Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall monatóireacht rialta ar fhoirmeacha iarratais agus ar mhodhanna eile a úsáidtear chun sonraí pearsanta a bhailiú lena chinntiú nach mbailítear ach an méid is lú sonraí atá riachtanach ar mhaithe leis an chuspóir sonraithe.

 

5.4 Cruinneas: Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall bearta cuí i bhfeidhm lena chinntiú go ndéantar aon earráid sna sonraí pearsanta a aithint, a thuairisciú agus a cheartú chomh luath agus is féidir.  I measc na mbeart seo:

Seiceálfar na sonraí pearsanta ó am go chéile lena chinntiú go bhfuil siad cruinn;

Beidh béim ar shonraí pearsanta atá íogair ó thaobh ama de, i.e. Gur dócha go mbeidh sé míchruinn le himeacht ama muna ndéantar é a nuashonrú;

Cinnteofar go gcoinneofar bunachair shonraí na Comhairle suas chun dáta.

 

5.5. Teorannú Stórála: Cinnteoidh Comhairle Contae Dhún na nGall nach gcoinneofar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá.  Bunóidh Comhairle Contae Dhún na nGall sprioc-amanna le sonraí pearsanta a scriosadh nó a athbhreithniú, agus socrófar iad seo de réir treoracha a eiseoidh an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (BGRÁ).

 

5.6 Ionracas agus Rúndacht

 

5.6.1 Coinneoidh Comhairle Contae Dhún na nGall bearta slándála eagraíochtúla agus teicniúla den chaighdeán is airde i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ó bheith scriosta nó caillte, athraithe nó nochta, nó rochtain faighte orthu, trí thaisme nó go neamhdhleathach, go háirithe nuair a aistrítear sonraí thar ghréasán mar chuid den phróiseáil, agus ó gach cineál eile próiseála atá neamhdhleathach.

 

5.6.2 Chun na caighdeáin is airde slándála a bhaint amach, go heagraíochtúil agus go teicniúil, forbrófar polasaithe agus nósanna imeachta a leagfaidh síos na bearta slándála atá le cur i bhfeidhm agus na freagrachtaí laistigh den eagraíocht maidir lena gcur i bhfeidhm.

 

5.6.3 Cumfar agus ceapfar na bearta slándála ar dhóigh atá i gcomhréir leis na rioscaí agus leis na leochaileachtaí a bhaineann leis na catagóirí éagsúla de shonraí pearsanta atá faoi rialú na Comhairle Contae.

 

5.6.4 Cinnteoidh Comhairle Contae Dhún na nGall, nuair atá próiseáil á déanamh ar a son, go roghnóidh muid próiseálaí a thugann go leor cinnteachta maidir leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá de dhíth chun sonraí pearsanta a chosaint.

 

5.7 Cuntasacht: Tá Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as na Prionsabail Cosanta Sonraí ar fad thuasluaite a chomhlíonadh, agus caithfidh muid a bheith in ann sin a thaispeáint.  Caithfidh Comhairle Contae Dhún na nGall freagracht a ghlacadh as an dóigh a ndéanaimid sonraí pearsanta a phróiseáil agus as an dóigh a gcloímid leis an RGCS, agus a bheith in ann ár gcomhlíontacht a thaispeáint (trí thaifid chuí agus trí bhearta cuí), go háirithe don Choimisiún Cosanta Sonraí.

 

Dá bhrí sin, déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall an méid seo a leanas:

 

Glacfaidh muid le Beartas maidir le Cosaint Sonraí agus cuirfidh muid i bhfeidhm é

Ceapfaidh muid Oifigeach Cosanta Sonraí

Déanfaidh muid measúnú riosca faisnéise

Leanfaidh muid orainn ag cur i bhfeidhm bearta slándála cuí

Déanfaidh muid seiceálacha go tráthrialta lena chinntiú go bhfuil na bearta slándála seo go fóill ag fóirstean agus suas chun dáta.

Leanfaidh muid orainn ag coinneáil doiciméid faoi gach gníomh próiseála.

Leanfaidh muid orainn ag forbairt nósanna imeachta a gcaithfidh baill foirne cloí leo

Reáchtálfar oiliúint bhreise foirne

Nuair a shárófar cearta sonraí pearsanta, déanfar sin a thaifeadadh agus a thuairisciú nuair is gá.

Leanfaidh muid orainn ag athbhreithniú agus ag nuashonrú bearta riachtanacha atá curtha i bhfeidhm.

 

Comhaontuithe Cuí le Tríú Páirtithe a chur i bhfeidhm - Leanfaidh an Chomhairle orainn ag cur i bhfeidhm comhaontuithe cuí, meabhráin tuisceana, comhaontuithe nó conarthaí déthaobhacha (“comhaontuithe” i dteannta a chéile) le gach tríú páirtí lena gcomhroinneann muid sonraí pearsanta. 

 

Cearta na nDaoine Aonair a mbailítear a Sonraí

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall i bhfeidhm beartais chuí agus nósanna imeachta cuí, agus éascaíonn muid oiliúint agus tugann muid comhairle do bhaill foirne, lena chinntiú go dtig le hábhair shonraí a gcearta a chur i bhfeidhm mar seo a leanas:-

 

Ceart Rochtana

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall nósanna imeachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an reachtaíocht chuí, lena chinntiú go n-aithnítear agus go gcuirfear i bhfeidhm iarratais ó ábhair shonraí ar rochtain chuig a gcuid sonraí pearsanta.  Tá Foirm Iarratais Rochtana ar fáil d’Ábhair Shonraí.

 

An Ceart go ndéanfaí Ceartúcháin

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun sonraí atá cruinn a choinneáil faoi ábhair shonraí, agus leanfaidh muid orainn próisis agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir le hábhair shonraí a sonraí a cheartú nuair a aithnítear earráidí.

 

An Ceart go Scriosfaí Sonraí (an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad)

Tá de cheart ag ábhair shonraí iarraidh go scriosfaí a sonraí pearsanta i gcúinsí ar leith.  Nuair a dhéantar a leithéid d’iarratas, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar gach cás ar a thuillteanais.

 

An Ceart go gcuirfí srian le Próiseáil

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall i bhfeidhm, agus coinníonn muid, nósanna imeachta cuí lena mheas, nuair a fhaightear iarratas ó ábhar sonraí, an féidir linn srian a chur leis an phróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta.    Nuair a chuirtear srian le próiseáil, scríobhfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall chuig an ábhar sonraí lena chur in iúl go bhfuil an srian curtha i bheidhm, agus cén uair a scaoilfear an srian.

 

An Ceart chun Iniomparthacht Sonraí

I gcás go bhfuil sonraí pearsanta bailithe ag an Chomhairle ar ábhair shonraí, le cead nó trí chonradh, beidh de cheart ag na hábhair shonraí na sonraí sin a fháil i bhfoirm leictreonach le tabhairt do rialaitheoir sonraí eile.  Táthar ag súil nach mbainfidh sé seo ach le líon beag cásanna d’ábhair shonraí.

 

An Ceart chun Agóid a dhéanamh

Tá de cheart ag ábhair shonraí cur i gcoinne próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i gcúinsí ar leith. Nuair a fhaightear a leithéid d’agóid, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar gach cás ar a thuillteanais.

 

An Ceart gan bheith faoi réir ag Cinnteoireacht Uathoibrithe

Tá sé de cheart ag ábhair shonraí gan bheith faoi réir ag cinneadh atá déanta trí phróiseáil uathoibrithe amháin, sa chás go mbeadh tionchar suntasach nó dleathach ag a leithéid de chinntí orthu.   Cuirfear in iúl d’ábhair shonraí nuair atá sé i gceist gnéithe den phróiseáil a dhéanamh trí chinnteoireacht nó próifíliú uathoibrithe.

 

An Ceart chun Gearán a dhéanamh

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall i bhfeidhm, agus coinníonn muid, próiseas déanta gearán ina dtig le hábhair shonraí dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí [email protected] . Tá sé mar chuid de ról an Oifigigh Cosanta Sonraí bheith ag obair leis an ábhar sonraí chun críoch shásúil a bhaint amach don dá pháirtí i dtaca le gearáin.  Cuirtear in iúl d’ábhair shonraí fosta go bhfuil sé de cheart acu a ngearán a thabhairt chuig an Choimisinéir Cosaint Sonraí.

 

Sáruithe Sonraí Pearsanta - Is é an sainmhíniú atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar ‘shárú sonraí pearsanta’ ná sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach (e.g. Is é an sárú is coitianta a d’fhéadfaí a tharlú ná comhfhreagras a sheoladh chuig tríú páirtí neamhúdaraithe). Measann an Chomhairle gur sárú sonraí pearsanta é aon uair a chailltear sonraí pearsanta ar pháipéar nó i bhfoirm dhigiteach.

 

Tá sé d’aidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall a chinntiú, i gcás aon sárú sonraí pearsanta a tharlaíonn -

Go bhfuil córas i bhfeidhm chun taifead a choinneáil ar cén dóigh agus cén uair a fuair an eagraíocht amach faoin sárú

Go ndéanfar measúnú riosca láithreach bonn ar an riosca

Más gá, go dtabharfar fógra faoin sárú sonraí pearsanta don Choimisiún Cosanta Sonraí laistigh de 72 uair, agus don duine aonair ‘gan aon mhoill mhíchuí’.

Go gcuirfear rialacha i bhfeidhm lena chinntiú nach dtarlóidh an sárú sonraí pearsanta arís

 

Aon mholtaí a thagann chun tosaigh i ndiaidh an tsáraithe, go gcuirfear sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

 

8.  Freagrachtaí Baill Foirne

Tá dualgas ar gach ball foirne atá ag próiseail sonraí pearsanta thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall déanamh de réir an Bheartais seo maidir le Cosaint Sonraí.

Beidh sé d’aidhm ag an Chomhairle a chinntiú go bhfuil gach ball foirne, a bhfuil rochtain acu ar aon sonraí pearsanta atá faoi chúram na Comhairle, ar an eolas go hiomlán faoi na dualgais agus na freagrachtaí a bhaineann leis an reachtaíocht, agus go gcloífidh siad leo.

Leanfaidh an Chomhairle ag cur tacaíocht, cuidiú, comhairle agus oiliúint feasachta i dtaca le cosaint sonraí ar fáil do bhaill foirne.

Tá an Chomhairle lán dáiríre maidir leis an pholasaí seo a chomhlíonadh.  Má tharlaíonn sé nach gcomhlíonann ball foirne aon riachtanas, go comhfhiosach agus d’aonturas, d’fhéadfadh an Chomhairle gníomh a dhéanamh faoi Chód Smachtaithe na Comhairle.

 

9.  Iarratais ar Rochtain ó Ábhair Sonraí

Tá sé de pholasaí ag Comhairle Contae Dhún na nGall lárphointe rochtana a bheith ann le haghaidh iarratais a bhaineann le Sonraí Pearsanta, chomh maith le cuidiú a thabhairt d’iarratasóirí.  Tá sé de cheart ag ábhar sonraí rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta atá bailithe fá dtaobh daofa.  Féachfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall lena chinntiú gur féidir an ceart seo a fheidhmiú go furasta agus gan dua.  Is trí Oifig an Oifigigh Cosanta Sonraí a rachaidh gach iarratas ar rochtain ó ábhair shonraí.

Níl aon riachtanas foirmeálta eile ann le go mbeadh iarratas ar rochtain bailí, seachas go bhfuil an t-iarratas soiléir go leor le gníomhú ina leith, agus go bhfuil aitheantas an iarratasóra soiléir go leor fosta.

Nuair a gheobhaidh Comhairle Contae Dhún na nGall iarratas bailí ar rochtain, déanfaidh muid gníomh gan aon mhoill mhíchuí, agus ar a mhoille laistigh de mhí amháin ón iarratas a fháil.  Is féidir síneadh ama dhá mhí eile a chur leis sin má tá an t-iarratas casta nó má tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh roinnt iarratas a fháil ón duine céanna, ach cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall in iul don duine laistigh de mhí amháin ón lá a bhfaigheann muid an t-iarratas agus míneoidh muid dóibh cad chuige a bhfuil gá leis an síneadh ama.

 

10.  Tuilleadh Eolais

Tá an tOifigeach Cosanta Sonraí ar fáil chun eolas agus comhairle a chur ar fáil.

Seo a leanas na sonraí teagmhála le haghaidh Oifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle Contae:

 

Guthán: 074 9153900

Rphost:                      [email protected]

Suíomh Idirlín:                   www.donegalcoco.ie

 

Seoladh Poist:          Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae,

                                An Chearnóg, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622