Tá sé tábhachtach dúinn bheith i gcomhairle leis an phobal. Caithfidh muid a bheith ar an eolas faoi na ceisteanna atá ag cur isteach ar ár bpobail áitiúla agus faoi na riachtanais atá ag daoine aonaracha agus ag pobail a bhfuil cónaí orthu inár gceantracha áitiúla. Cuidíonn seo linn cinnithe níos fearr a dhéanamh i dtaca leis na pleananna agus na beartais atá againn, agus i dtaca leis na seirbhísí agus na tacaíochtaí a chuirimid ar fáil.
Comhairliúcháin Phoiblí atá ar siúl i láthair na huaire
Togra Spóirt Eachtraíochta i gCeantar Uirbeach Tá rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall Togra Spóirt le haghaidh Eachtraíochtaí Uirbeacha a fhorbairt taobh istigh de limistéar Pháirc Bhaile Bhearnaird Mhig Loingsigh. Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt atá beartaithe, ag plé le pleanáil chuí agus le forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020. Léigh tuilleadh...
|
Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall clós súgartha, áit foscaidh chun suí, cithfholcadáin lasmuigh agus láthair le haghaidh lucht trádála a fhorbairt i mbaile fearainn Ros Neamhlach Íochtair i gCeantar Bardais Dhún na nGall.
Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt atá beartaithe, ag plé le pleanáil chuí agus le forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020. Léigh tuilleadh... |
Togra Athnuachana Ailt an Chorráin/Árainn Mhór – Céim 2: Foirgnimh Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt atá beartaithe, ag plé le pleanáil chuí agus le forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020. Léigh tuilleadh...
|
Tuairisc Rogha Roghnaithe maidir le Bealach Tosaíochta chun Feabhais TEN-T Dhún na nGall Beidh an Tuairisc um Rogha Roghnaithe (TTR) ar taispeáint go poiblí ón Luan 13 Eanáir 2020 chomh maith le sonraí maidir forbairt Céim 2 (Rogha Roghnaithe) den tionscadal. Deimhníonn an Tuairisc an Chonair Roghnaithe is Fearr do gach cuid de.
Beidh an Chonair Roghnaithe is Fearr agus an TTR ar taispeáint i dTeach an Chontae, Leifear, in achan Ionad Seirbhísí Poiblí ar fud an chontae agus i Leabharlann an Dá Bhaile, Srath an Urláir le linn gnáthuaireanta oibre. Beidh sé ar fáil fosta le scrúdú nó le híoslódáil saor in aisce ar shuíomh idirlín TEN-T Dhún na nGall. Tuilleadh tuilleadh.... |
Dréacht-Straitéis Athnuachana do Bhealach Féich agus Srath an Urláir
Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le BASICC, comhairliúchán poiblí a oscailt chun éisteacht le tuairimí an phobail ar Dhréacht-Straitéis Athnuachana Bhealach Féich – Shrath an Urláir. Is é atá sa Dréacht-Straitéis Athnuachana ná fís spreagúil ardaidhmeannach chun príomhthosaíochtaí agus príomhghníomhaíochtaí a aithint chun láir na mbailte i mBealach Féich agus Srath an Urláir a athnuachan suas go dtí 2040 agus níos faide. Is tionscadal é le todhchaí láir na mbailte a shamhlú agus tá deis ag an phobal a dtuairimí féin a thabhairt.
Féach anseo fá choinne tuilleadh eolais.