Scéim Scoláireachta 2025
Tá roinnt athruithe ar Scéim Scoláireachta na Comhairle Contae do 2025.
Tá scoláireachtaí á dtairiscint do Choláiste Ghaoth Dobhair amháin.
Caithfidh mic léinn a bheith ina gcónaí i
gContae Dhún na nGall nó ag freastal ar scoil i
i gContae Dhún na nGall.
Caithfidh mic léinn a bheith idir 13 – 16 bliana d’aois ar an dáta a sheolfar an t-iarratas.
Tá scoláireachtaí á dtairiscint don dá chúrsa seo a leanas:
Cúrsa A – 1 – 15 Meitheamh 2025
Cúrsa B – 27 Iúil – 10 Lúnasa 2025
Clúdófar táille an chúrsa. Beidh costais bhreise le híoc ag an duine féin.
Roghnófar buaiteoirí na Scoláireachtaí trí Chrannchur Oscailte a bheas ar siúl faoi dheireadh mhí Aibreáin 2025.
Déanfaidh an oifig seo teagmháil dhíreach leis na buaiteoirí. Cuirfear nóta ginearálta do gach iarratasóir eile ar shuíomh gréasáin na Comhairle ag tabhairt le fios go raibh an crannchur ar siúl agus críochnaithe.
Ba cheart dóibh siúd a bhfuil suim acu sa scéim seo an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh ar an fhoirm faoin
Luan, 14 Aibreán 2025
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le: Róise Ní Laifertaigh ar 074 91 53900 nó seol
Ríomhphost - rmcclafferty@donegalcoco.ie
Idirlíon: www.donegalcoco.ie
Coláiste Ghaoth Dobhair
Coláiste Ghaoth Dobhair
Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Fón: 087 7431398 nó 087 9860298.
Ríomhphost: info@cgd.ie