Faoin Oifig Cumarsáide
Is é an ról atá ag Oifig Cumarsáide Chomhairle Contae Dhún na nGall ná a bheith i dteagmháil leis na meáin chumarsáide lena chinntiú go bhfuil cumarsáid éifeachtach á déanamh leis an phobal.
Cad é a dhéanann muid?
- Soláthraíonn muid seirbhís fiosrúcháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall do na meáin chumarsáide
- Cuireann muid eolas oifigiúil ar fáil do na meáin thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall
- Dréachtann muid, agus eisíonn muid, preas-ráitis agus cuireann muid scéalta chun tosaigh a bhaineann le Comhairle Contae Dhún na nGall
- Tarraingímid aird ar na seirbhísí, tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí atá ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall
- Éascaíonn muid an caidreamh agus an teagmháil idir an eagraíocht seo agus na meáin
- Déanann muid maoirseacht ar sheirbhísí idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a n-áirítear a cuid suíomhanna gréasáin agus leathanaigh meáin shóisialta
Ag déanamh fiosrúchán preasa
Le fiosrúchán preasa nó fiosrúchán meáin a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifig Cumarsáidí ag pressqueries@donegalcoco.ie nó cuir scairt ar 074 91 72206.
Ba chóir gach ceist eile a dhíriú chuig Comhairle Chontae Dhún na nGall.