Date: 05 Márta 2025
Scéalaithe Frances Browne – Ag Amharc Tríd: Ceiliúradh ar Scéalaíocht Daoine a bhfuil Lagú Amhairc Orthu

Tá Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus Féile Liteartha Frances Browne ag tabhairt cuireadh do scéalaithe dalla agus lagamhairc, a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, páirt a ghlacadh agus píosaí a chur isteach lena gcur san áireamh i ndíolaim dhigiteach a sheolfar san fhómhar, agus a mhaoineoidh Éire Ildánach. Tá súil againn bailiúchán eicléictiúil saothar a chruthú ina mbeidh gach seánra scríbhneoireachta: ó scéalta simplí go liricí amhráin, ó fhilíocht ó bhéal go neamhfhicsean den saol.
Is féidir le haighneachtaí:
- spreagadh a fháil ó shaol agus ó shaothar Frances Browne
- léargas a thabhairt ar thaithí saoil na scéalaithe
- tarraingt ó shamhlaíocht na scéalaithe
- Is féidir le haighneachtaí a bheith ina meascán bunaidh de na trí cinn fosta!
Beidh seisiúin eolais ar líne ar fáil chun scríbhneoirí dalla agus lagamhairc a chur in aithne do scéal saoil agus corpas oibre Frances Browne, chun forléargas a thabhairt ar stíleanna éagsúla scríbhneoireachta cruthaithí agus chun leideanna a thabhairt maidir le cleachtas scríbhneoireachta a bhunú. Beidh éascaitheoir an tionscadail ar fáil fosta ar ríomhphost, le linn fhuinneog na n-aighneachtaí, chun freagra a thabhairt ar cheisteanna.
Na príomhdhátaí
Dátaí na seisiún eolais ar líne:
- Dé Luain 10 Márta 7pm
- Dé Luain 24 Márta 7pm
- Dé Luain 31 Márta 7pm
Ní gá do dhaoine ar spéis leo é freastal ach ar sheisiún faisnéise amháin ó na dátaí atá ar fáil.
Fuinneog na n-aighneachtaí:
Oscailte: Dé Luain 3 Márta
Dúnta: Dé Domhnaigh 31 Lúnasa
Seoladh na Díolama:
Tabharfar cuireadh do scríbhneoirí a bhfuil a saothar san áireamh sa díolaim teacht chuig a seoladh le linn Fhéile Liteartha Frances Browne i mí Dheireadh Fómhair i Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall.
Beidh inrochtaineacht mar phríomhthosaíocht agus an díolaim dhigiteach á déanamh
Déanfar iniúchadh freisin ar leagan clóite den díolaim a tháirgeadh
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó scríbhneoirí aonair. Féachfaimid le píosa oibre amháin ar a laghad ó gach scéalaí a chur san áireamh ach beidh an eagarthóireacht faoi smacht ag eagraithe an tionscadail.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal agus chun clárú le haghaidh seisiún eolais, seol ríomhphost chuig Francesbrownestorytellers@outlook.com