Skip to main content

March

Imeacht nua comhoibríoch a chothaíonn nasc idir gnónna turasóireachta i nDún na nGall

Date: 07 Márta 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Imeacht nua comhoibríoch a chothaíonn nasc idir gnónna turasóireachta i nDún na nGall

Grianghraf ó chlé go deas- Anne Marie Conlon (Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall), Joan Crawford (Bainisteoir Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann), Richard Curran (Láithreoir), Joy Browne (Ceannasaí Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall), John G McLaughlin (Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall) agus Garry Martin (Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Seirbhísí Éigeandála agus Córais Eolais le Comhairle Contae Dhún na nGall)

Bhí os cionn 100 gnó turasóireachta i nDún na nGall i láthair ag an chéad imeacht de chuid Nasc Turasóireachta a bhí ar siúl in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin (5 Márta) i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Turasóireacht Dhún na nGall. Bhí an láithreoir agus an t-iriseoir Richard Curann ina aoí speisialta ar an lá. Reáchtáladh an ócáid mar chuid de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall 2025.

Is imeacht de chuid Nasc Dhún na nGall é seo ina bhfuil sé mar aidhm aige naisc fhiúntacha a chothú idir dreamanna a bhfuil baint acu leis an turasóireacht sa chontae. Beifear ag roinnt eolais, i mbun comhpháirtíochta agus ag roinnt nósanna nuálaíochta lena chéile. Táthar ag iarraidh go gcuirfí eispéireas den scoth ar fáil do thurasóirí, go gcuirfí cúrsaí turasóireachta chun cinn i rith na bliana agus go mbeadh líon cothrom turasóirí ag tarraingt ar na limistéir éagsúla i nDún na nGall. Is deis í seo do ghnónna áitiúla oibriú as lámha a chéile le léiriú go bhfuil Dún na nGall ina phríomhláthair turasóireachta agus gur áit ionchuimsitheach agus inbhuanaithe é ó cheann ceann na bliana.

Rinne Fáilte Éireann taighde le gairid le comóradh a dhéanamh ar 10 mbliana de Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus thug an taighde le fios go bhfuil €3billiún den teacht isteach gach bliain ag teacht ó Shlí an Atlantiagh Fhiáin agus amach anseo, beifear ag díriú go mór ar thurasóirí a mhealladh i dtreo na slí turasóireachta ó thuaidh ina bhfuil Dún na nGall, ó thús deireadh na bliana.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 21 Márta 2025

Gnólachtaí Dhún na nGall Cumhachtaithe Trí Ócáid ‘Creid sa Bhrandáil agus sa Fís’

Mar chuid de Sheachtain Fiontraíocht Áitiúil Dhún na nGall 2025, thug an t-imeacht "Creid sa Bhrandáil agus i bhFís: Ag Cruthú Féiniúlacht Láidir le haghaidh Rathúlachta Gnó" saineolaithe tionscail, fiontraithe agus úinéirí gnó áitiúla le chéile le haghaidh seisiún claochlaitheach ar chumhacht na brandála agus na scéalaíochta.

Image text description

Date: 07 Márta 2025

Imeacht nua comhoibríoch a chothaíonn nasc idir gnónna turasóireachta i nDún na nGall

Bhí os cionn 100 gnó turasóireachta i nDún na nGall i láthair ag an chéad imeacht de chuid Nasc Turasóireachta a bhí ar siúl in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin (5 Márta) i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Turasóireacht Dhún na nGall. Bhí an láithreoir agus an t-iriseoir Richard Curann ina aoí speisialta ar an lá. Reáchtáladh an ócáid mar chuid de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall 2025

Image text description

Date: 25 Feabh 2025

Athraigh do Ghnó le cumhacht na Brandála ‘Creid sa Bhrandáil agus sa Fís’ – Ná caill amach ar an imeacht den scoth seo, ag tarlú le linn Seachtainn Fiuontraíochta Áitiúil Dhún nan Gall 2025

Businesses, entrepreneurs and marketing professionals from all sectors across Donegal are invited to discover how branding can elevate their success at ‘Believe in Branding and Vision: Building a strong identity for business success.', one of the highlight events of Donegal Local Enterprise Week 2025

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)