Skip to main content

March

Gnólachtaí Dhún na nGall Cumhachtaithe Trí Ócáid ‘Creid sa Bhrandáil agus sa Fís’

Date: 21 Márta 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Gnólachtaí Dhún na nGall Cumhachtaithe Trí Ócáid ‘Creid sa Bhrandáil agus sa Fís’

Cainteoirí (C-D: Sally Murphy, Elaine Whoriskey, Paula Kennedy Garcia, Ivor Goudie, Vanessa Lawrenson, James Doherty)
Cainteoirí (C-D: Sally Murphy, Elaine Whoriskey, Paula Kennedy Garcia, Ivor Goudie, Vanessa Lawrenson, James Doherty)

Mar chuid de Sheachtain Fiontraíocht Áitiúil Dhún na nGall 2025, thug an t-imeacht "Creid sa Bhrandáil agus i bhFís: Ag Cruthú Féiniúlacht Láidir le haghaidh Rathúlachta Gnó" saineolaithe tionscail, fiontraithe agus úinéirí gnó áitiúla le chéile le haghaidh seisiún claochlaitheach ar chumhacht na brandála agus na scéalaíochta.

Reáchtáladh an ocáid seo i bPictiúrlann Century Cinema i Leitir Ceanainn, agus bhí lucjt freastail mhóir i láthair ag an seimineár dinimiciúil, agus chuir sé an t-eolais, straitéisí agus an inspioráid ar fáil don lucht freastail atá a lorg féiniúlachtaí branda láidre a chruthú agus le nascadh lena lucht féachana ar bhealach fiúntach.

Bhí cainteoirí inspioráideacha le cuid mhór taithí eatharthu le brandáil ag an imeacht, lena n-áirítear Sally Murphy (POF Welltold), James Doherty (Bunaitheoir Sliabh Liag Distillers), Vanessa Lawrenson (POF BigO), Paula Kennedy Garcia (POF Forward Emphasis), Ivor Goudie (Comhpháirtí Seachadta TCS), agus Elaine Whoriskey (Oifigeach Forbartha Eacnamaíochta Comhairle Contae Dhún na nGall).

Roinn gach cainteoir a gcuid taithí agus léargais féin ar an tionchar atá ag brandáil láidir agus scéalaíocht bharántúil ar rathúlacht gnó agus réigiúnach, ó naisc mhothúchánach a chruthú le custaiméirí agus lucht féachana, go seasamh amach i margaí iomaíocha.

Bhí sé mar aidhm ag an gceardlann na h-uirlisí agus na straitéisí a thabhairt d’fhiontraithe Dhún na nGall le branda cumhachtach a fhorbairt, ag cur béime ar thábhacht na scéalaíochta sa bhrandáil. Bhí deis ag an lucht freastail cloisteáil ó aineolaithe brandála, straitéisithe margaíochta, agus ceannairí gnó áitiúla ina bhfuil féiniúlacht láidir branda agus láithreacht margaidh cruthaithe acu trí chumhacht na scéalaíochta. Sholáthair an t-imeacht léargais luachmhara freisin ar teachtaireachtaí branda a bheachtú, ar fhéiniúlachtaí físiúil, agus ar theicnící scéalaíochta chun nascadh le lucht féachana, chomh maith le deiseanna líonraithe chun naisc ghnó a leathnú.
Cumhacht Brandála agus Scéalaíochta do Ghnólachtaí Dhún na nGall

Sa lá atá inniú ann, tá an domhan ag gluaiseacht go tapa agus nasctha go digiteach, tá níos mó i gceist le bhranda dea-shainithe ná lógó nó cliblíne - is é féiniúlacht agus cáil  ghnó, chomh maith leis a ghealltanais a dá custaiméirí. Ligeann scéalaíocht éifeachtach do ghnólachtaí a luachanna, a bhfís agus a n-uathúlacht a chur in iúl ar bhealach a ábarthaleis an lucht éisteachta. Chuir an imeacht seo béim ar phríomhghnéithe  brandála agus cén bealach a féidir le gnólachtaí atá lonnaithe i nDún na nGall leas a bhaint as scéalaíocht chun:

  • Cruthú Naisc Mothúchánach – Cruthú Naisc Mothúchánach – Tarraingítear custaiméirí chuig gnólachtaí ina bhfuil scéalaíocht láidre acu a léiríonn a gcuid luachanna, aidhmeanna agus oidhreacht áitiúil.
  • Feabhsaigh Infheictheacht  Mhargaidh– Méadaíonn féiniúlacht branda láidir aitheantas agus tacaíonn sé le gnólachtaí iad féin a idirdhealú i margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
  • Rannpháirtíocht agus Dílseacht Custaiméirí a Spreagadh – Cothaíonn scéalaíocht muinín, agus cruthaíonn an múinín sin caidreamh níos doimhne le custaiméirí agus abhcóideacht branda fadtéarmach.
  • Forbairt Eacnamaíoch Dhún na nGall a Neartú – Cuireann gnólachtaí dea-bhrandála le cáil Dhún na nGall mar mhol  nuálaíocht, turasóireacht agus fiontraíocht, ag mealladh infheistíocht agus tallann.

Seachas léargais na saineolaithe, bhí deis ag an lucht freastail líonrú  le comhfhiontraithe, gairmithe margaíochta, agus ceannairí tionscail, le smaointe a mhalartú agus comhoibriú a chothú. Bhí an ócáid mar chuid de mhisean níos leithne le linn Seachtain Fiontraíocht Áitiúil Dhún na nGall, le tacaíocht a thabhairt do gnólachtaí áitiúla trí cheardlanna praiticiúla, seisiúin oiliúna agus deiseanna meantóireachta.

Do ghnólachtaí i nDún na nGall atá ag iarraidh a straitéisí brandála agus scéalaíochta a fheabhsú, tá acmhainní agus tacaíocht ar fáil tríd an Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall (https://www.localenterprise.ie/donegal ) agus foireann Forbairt Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall (https://donegal.ie/ ).


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 21 Márta 2025

Gnólachtaí Dhún na nGall Cumhachtaithe Trí Ócáid ‘Creid sa Bhrandáil agus sa Fís’

Mar chuid de Sheachtain Fiontraíocht Áitiúil Dhún na nGall 2025, thug an t-imeacht "Creid sa Bhrandáil agus i bhFís: Ag Cruthú Féiniúlacht Láidir le haghaidh Rathúlachta Gnó" saineolaithe tionscail, fiontraithe agus úinéirí gnó áitiúla le chéile le haghaidh seisiún claochlaitheach ar chumhacht na brandála agus na scéalaíochta.

Image text description

Date: 07 Márta 2025

Imeacht nua comhoibríoch a chothaíonn nasc idir gnónna turasóireachta i nDún na nGall

Bhí os cionn 100 gnó turasóireachta i nDún na nGall i láthair ag an chéad imeacht de chuid Nasc Turasóireachta a bhí ar siúl in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin (5 Márta) i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Turasóireacht Dhún na nGall. Bhí an láithreoir agus an t-iriseoir Richard Curann ina aoí speisialta ar an lá. Reáchtáladh an ócáid mar chuid de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall 2025

Image text description

Date: 25 Feabh 2025

Athraigh do Ghnó le cumhacht na Brandála ‘Creid sa Bhrandáil agus sa Fís’ – Ná caill amach ar an imeacht den scoth seo, ag tarlú le linn Seachtainn Fiuontraíochta Áitiúil Dhún nan Gall 2025

Businesses, entrepreneurs and marketing professionals from all sectors across Donegal are invited to discover how branding can elevate their success at ‘Believe in Branding and Vision: Building a strong identity for business success.', one of the highlight events of Donegal Local Enterprise Week 2025

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)