Date: 19 Márta 2025
Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meánlae, 21 Márta 2025.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar an airdeall agus a chinntiú nach dtarlaíonn tinte portaigh. Impíonn an Chomhairle ar úinéirí talaimh agus ar an phobal gan aon ní a dhéanamh a thiocfaí tús a chur le tine phortaigh.
Iarrtar ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus an tseirbhís dóiteáin a chur ar an eolas sa chás go bhfuil tine imithe ó smacht nó mura bhfuil iarrachtaí ar bun le tine a chur faoi smacht. Is féidir glaoch a chur ar 999 nó 112.
Moltar d’úinéirí tí nó iad sin a bhfuil maoin acu in áit a d’fhéadfadh tine phortaigh a bheith, fáil réidh le fásra atá gar don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, sin nó é a ghearradh chun nach ndéanfaí damáiste dá maoin. Ní mór go gcoinneofaí aon spás atá glan, saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cur i gcuimhne d’úinéirí talaimh agus don phobal, go bhfuil sé mídhleathach aon fhásra atá ar thalamh nach talamh curaíochta é, a ghearradh, a rúscadh, a dhó nó a mhilleadh, idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000.
Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl tí, thionsclaíoch, talmhaíochta nó tógála a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.