Skip to main content

March

Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe do Bhun an Phobail

Date: 11 Márta 2025

Pleanáil

Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe do Bhun an Phobail

Tá áthas ar Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Dearadh GM agus a Chomhlaigh a fhógairt go mbeidh tús á chur le comhairliúchán poiblí le tuairimí a fháil ón phobal maidir le Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Beidh an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe ar fáil don phobal ón Déardaoin 20 Márta go dtí 16 Aibreán 2025. Táthar ag moladh don phobal a dtuairimí a thabhairt maidir leis an tionscadal físeach, spreagúil seo a thugann deis do dhaoine lár Bhun an Phobail san am atá le teacht, a shamhlú.

Chuir Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain fáilte roimh fhoilsiú an Dréachta.
“Tá lúcháir orm go mbeidh fáil ag an phobal anois ar an Dréacht de Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe do Bhun an Phobail, chun go bhfaighfí tuilleadh aiseolais ar an Mhórphlean, ar na bearta agus ar na coincheapa atá san áireamh ann. Mholfainn go mór don phobal uilig a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin sna 4 seachtaine atá amach romhainn mar go bhfuil sé ríthábhachtach tuairimí ár bpobail agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil chun an fhís seo a mhúnlú do Bhun an Phobail san am atá le teacht.”

Tá an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe arna ullmhú ag Dearadh GM agus a Chomhlaigh agus de réir eolas a bailíodh ag an chéad chéim den chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh i Meán Fómhair 2024. Dúirt Johnny Stewart ón chomhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh, “Bhí ról lárnach ag pobal Bhun an Phobail ann go dtí seo ó thaobh an dóigh a ndearnadh an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe a mhúnlú agus a fhorbairt agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leofa sin uilig a ghlac páirt ann go dtí seo. Ba mhian linn dá dtabharfadh an méid is mó daoine agus is féidir aiseolas ar an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe chun gur féidir linn a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le riachtanais agus mianta an phobail, na gcónaitheoirí agus lucht gnó na háite.”

Dúirt Liam Ward, an Stiúrthóir Seirbhíse, Forbartha Pobail & Seirbhísí Pleanála “Is céim thábhachtach í foilsiú an Dréachta seo do Bhun an Phobail mar go leagfaidh sé amach plean a chuideoidh le forbairt an bhaile amach anseo agus a thacóidh le hiarratais ar mhaoiniú san earnáil phoiblí, phríobháideach agus pobail.” “Tá réimse iontach moltaí mar chuid den Dréacht a chuirfeas le hacmhainní nádúrtha Bhun an Phobail agus le héagsúlacht na háite. Má bhaintear an méid atá beartaithe amach, cuirfidh sé go mór le tábhacht an bhaile agus a mbeidh á thairiscint aige san am atá le teacht.”

Mar chuid den dara céim den chomhairliúchán poiblí, déanfar imeacht buail isteach a reáchtáil ar an Déardaoin 20 Márta idir 3.30in agus 7.30in i Halla Naomh Adhamhnáin, Bun an Phobail. Buail isteach agus bíodh deis labhartha agat leis na sainchomhairleoirí!

Beidh fáil ar an Dréacht de Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe do Bhun an Phobail, ar líne ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ón 20 Márta ag:

Beidh fáil air go poiblí le linn gnáthuaireanta oifige ón Déardaoin 20 Márta go dtí an Chéadaoin 16 Aibreán 2025 ag na háiteanna seo a leanas: 

  • Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, An Phríomhshráid, Carn Domhnach.
  • An Deasc Fáilte, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear

Is féidir aighneachtaí nó moltaí a bhaineann leis an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe a chur isteach idir an Déardaoin 20 Márta agus an Chéadaoin 16 Aibreán 2025 trí:

  • Bheith i láthair ag imeacht buail isteach ar an Déardaoin 20 Márta agus aiseolas a thabhairt;
  • Rphost: gmda@g-m-design.co.uk;
  • Teileafón: +44 (028) 7035 6138; nó
  • Scríobh chuig: Dearadh GM agus a Chomhlaigh, 22 Bóthar an Lóiste, Cúil Raithin, Co. Dhoire, BT52 1NB nó chuig an Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha, Comhairle Contae Dhún na nGall, Seanbheairic an Airm, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 PN3H.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 28 Márta 2025

Athfhorbairt Beartaithe ar Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin a chur ar bun a bhaineann leis an fhorbairt atá beartaithe do Sheanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn, chun go mbeidh sé ina áis iontach do thurasóirí agus don phobal. Tá fáil ag an phobal anois ar phleananna an togra trí Chuid 8 den phróiseas toilithe pleanála agus tá fáilte roimh an phobal a gcuid tuairimí a nochtadh.

Image text description

Date: 11 Márta 2025

Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe do Bhun an Phobail

Tá áthas ar Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Dearadh GM agus a Chomhlaigh a fhógairt go mbeidh tús á chur le comhairliúchán poiblí le tuairimí a fháil ón phobal maidir le Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Beidh an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaithe ar fáil don phobal ón Déardaoin 20 Márta go dtí 16 Aibreán 2025. Táthar ag moladh don phobal a dtuairimí a thabhairt maidir leis an tionscadal físeach, spreagúil seo a thugann deis do dhaoine lár Bhun an Phobail san am atá le teacht, a shamhlú.

Image text description

Date: 14 Feabh 2025

An Chomhairle ag Réiteach Pleananna Nua Ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh tosú a ullmhú pleananna nua ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga. Leagfaidh na Pleananna Ceantair nua amach réimse beartas, cuspóirí agus creat forbartha spásúil do na bailte seo mar thaca le soláthar tithe, athbheochan a dhéanamh ar lár bailte, réitigh iompair/gluaisteacht inbhuanaithe a chur ar fáil, tacú le fás na fostaíochta, saoráidí nua pobail a chur ar fáil, an oidhreacht thógtha agus nádúrtha chosaint, agus cuidiú le maolúchán agus oiriúnúchán aeráide. Tiocfaidh na pleananna ceantair seo in áit na bpleananna atá sa Phlean Ceantar Áitiúil don Seacht mBaile Straitéiseach 2018-2024.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)