Skip to main content

March

Ceolchoirm Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall chun tacú le Seirbhísí Foréigin Baile i nDún na nGall

Date: 07 Márta 2025

Corparáideach

Ceolchoirm Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall chun tacú le Seirbhísí Foréigin Baile i nDún na nGall

Tá cuireadh tugtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy do bheirt cheoltóirí ón chontae a bhfuil clú orthu – Moya Ní Bhraonáin (Clannad) agus Mairéad Ní Mhaonaigh (Altan) ceolchoirm a chur ar siúl chun tacú le Seirbhísí Foréigin Baile i nDún na nGall.

Beidh an ócáid dar teideal ‘Tráthnóna le Moya Ní Bhraonáin agus Mairéad Ní Mhaonaigh’ ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar an Aoine, 18 Aibreán. I measc na gceoltóirí eile a bheas ann ar an oíche, beidh The Friel Sisters, an t-aisteoir agus drámadóir Maura Logue, an t-amhránaí is scríbhneoir Larabel as Gaoth Dobhair atá ag dul ó neart go neart, Danú – Cór na mBan Óg agus go leor eile nach iad.

Ag labhairt di ní ba luaithe an tseachtain seo, mhínigh An Cathaoirleach Kennedy an chúis go bhfuil sí ag tabhairt faoin togra seo ag an am áirithe seo. ‘Mar Chathaoirleach reatha ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, mhothaigh mé go raibh sé tábhachtach aird a tharraingt agus plé a dhéanamh ar an ábhar tromchúiseach seo – foréigean baile agus drochíde sa teaghlach. Is mór an misneach a thógann sé ar dhaoine labhairt amach agus imeacht. A bheith ábalta na céimeanna is cróga i bhur saol a ghlacadh le sibh féin agus bhur leanaí a chosaint. Bíonn an-eagla ar dhaoine go dtabharfaí breithiúnas orthu, baineann stiogma leis seo agus mothaím go bhfuil sé in am dúinn uilig tacú le chéile.

Tá meas mór agam ar an obair a dhéantar tríd na seirbhísí foréigin baile agus cé go bhfuil spásanna sábháilte ar fáil do dhaoine i gcásanna éigeandála, níl go leor spásanna ann agus caithfidh muid tuilleadh a dhéanamh chun tacú le daoine leochaileacha. Le meas agus dínit, spreagfaidh muid daoine le teacht chun tosaigh, le fáil réidh leis an stiogma, gan cur suas le haon mhí-úsáideoir agus lena chéile a chumasú agus a chosaint.

Tá mé ag eagrú na ceolchoirme seo le Moya agus Mairéad le feasacht a ardú, chun go bhfaighfí réidh leis an stiogma a bhaineann leis an ábhar, le daoine a chumasú agus le hairgead a bhailiú do Sheirbhísí Foréigin Baile i nDún na nGall. Beifear ábalta bailte sábháilte a chur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine aonair a bhfuil cosaint de dhíth orthu, go dtí go mbeidh sé ar chumas na ndaoine sin bogadh ar aghaidh.’

Chuir an Dr. Marie Hainsworth, Príomhfheidhmeannach Sheirbhísí Foréigin Baile i nDún na nGall, fáilte roimh thogra an Chathaoirligh ‘Ba mhaith liom a rá go bhfuil mé an-bhuíoch do Niamh agus í ina Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, gur chinn sí béim a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le haird a tharraingt ar fhoréigean baile i gCo. Dhún na nGall.

Tarraingíodh aird ar an ábhar seo ar bhonn náisiúnta le blianta beaga anuas ach tá sé tábhachtach cuimhniú go bhfágann sé a lorg go háitiúil fosta.

Anuraidh i nDún na nGall, d’oibrigh muid le 300 teaghlach ar fud an chontae a bhí buailte le foréigean baile agus trínár seirbhísí, cuireadh lóistín éigeandála ar fáil do bhreis agus 60 teaghlach.

Dá mhéad a labhraítear air, le híospartaigh a spreagadh le teacht chun tosaigh agus le go mbeidh teacht ag lucht déanta na coire ar thacaíocht, is mó an seans atá againn an éifeacht thromchúiseach atá aige seo ar theaghlaigh, a laghdú.’

ticéid do Cheolchoirm an Chathaoirligh le Moya Ní Bhraonáin agus Mairéad Ní Mhaonaigh le cois aíonna eile, ar fáil ar €25 ó Oifig na dTicéad, Amharclann an Ghrianáin, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanain. Is féidir iad a chur in áirithe ar an teileafón ar: 074 9120777 agus ar líne ag: www.angrianan.com


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 19 Márta 2025

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meánlae, 21 Márta 2025.

Image text description

Date: 12 Márta 2025

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh Uachtarán Teamsters, an tUasal Sean M. O'Brien

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy, fáilte roimh Uachtarán Teamsters Sean M. O’Brien ar ais go Dún na nGall ag fáiltiú speisialta a bhí ar siúl ar an Mháirt, 11 Márta 2025, i Seomra na Comhairle i Leifear. Thug an ócáid baill thofa, oifigigh, ionadaithe ceardchumainn agus ionadaithe pobail le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuairt an Uasail O’Brien agus a fhréamhacha gaoil in Inis Eoghain.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)