Skip to main content

March

Buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall

Date: 28 Márta 2025

Bóithre

Buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall

Martyna Stefanska, Scoil Mhuire, Paiteagó, buaiteoir Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bóithre a reáchtáil Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne. Fógraíodh torthaí an chomórtais sa scoil ar an Déardaoin. Tá idir daltaí agus mhúinteoirí ón scoil sa phictiúr chomh maith le Pamela Smullen ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Kevin Mc Hugh agus Aisling Dignam ó Chumann Peile Chláirsigh na Finne.

Tá buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall 2025 fógraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne. “Ár mouther, Ár Sábháilteacht” a bhí mar théama i mbliana, agus fuarthas breis agus 900 iontráil ó dhaltaí scoile ar fud Chontae Dhún na nGall. 

Bronnadh príomhdhuais an chomórtais ar Martyna Stefanska ó Scoil Mhuire, Paiteagó agus beidh an saothar ealaíne ina chomharthaíocht fógraíochta i bPáirc na Finne chun sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, beidh an píosa ealaíne ar taispeáint in Ollmhargaí Kernan’s agus i seomraí taispeántais I-motors i nDroim Caoin/Inis Eoghain. Mar chuid den duais, bronnadh taibléad agus ciseán ealaíne ar an bhuaiteoir, agus tugadh trealamh traenála don scoil chomh maith le seisiún cóitseála le cóitseálaithe ó Chumann Peile Chláirsigh na Finne.

Mhol Pamela Smullen ó Chomhaire Contae Dhún na nGall, na healaíontóirí óga agus na scoileanna as páirt a ghlacadh sa chomórtas: 
“Chuir go leor daltaí suim ann i mbliana. Bhí teachtaireachtaí láidre sna saothair ealaíne, faoi chriosanna sábhála a chaitheamh, faoi chlogad a chaitheamh agus tú i mbun rothaíochta agus faoi sholas a úsáid nó veist shofheicthe a chaitheamh agus tú ag siúl. A bhuíochas don tionscadal seo, cuirtear ardán tábhachtach ar fáil chun labhairt faoi shábháilteacht ar bhóithre i seomraí ranga ar fud an chontae agus chun aird a tharraingt ar na dóigheanna chun muid a choinneáil sábháilte ar ár mbóithre. Trí na teachtaireachtaí seo a chur i mbéal an aosa óig, thig linn nósanna ar feadh an tsaoil a chothú iontu. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na daltaí uilig a ghac páirt ann, do na múinteoirí agus scoileanna a thacaigh leis an tionscadal tábhachtach seo ar shábháilteacht ar bhóithre, agus tréaslaím leis na buaiteoirí.”

Dúirt Kevin McHugh, Ceannasaí ar Acadamh Chláirsigh na Finne, “Is mór ag Cláirsigh na Finne an rannpháirtíocht, bhí ardú ar líon na n-iontrálacha i mbliana agus tá an comórtas ag dul ó neart go neart. Thug sé le fios gur mór an fonn atá ar Chláirsigh na Finne bheith ag obair i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Comhairle Contae Dhún na nGall le haird a tharraingt ar shábháilteacht ar bhóithre. Is iontach an rud é go bhfuil daltaí rannpháirteach in oideachas ar shábháilteacht ar bhóithre trína saothar ealaíne.”

Bronnadh ciseán ealaíne ar bhuaiteoirí eile agus tugadh ardmholadh do roinnt iontrálacha eile as a gcruthaitheacht agus as na teachtaireachtaí láidre ar shábháilteacht ar bhóithre a léirigh said.

Buaiteoirí eile:

  • Aibhín Boyle, Scoil Mhuire, Dristearnán, Gleann Daoile
  • Cara Mc Fadden, Scoil Mhuire, Ráth Mealtain
  • Olivia Perevalovas, Comhscoil Chonmha SN
  • Pheobe Pavlicko, Scoil Náisiúnta Naomh Proinsias, Cluain Maine

Tugadh ardmholadh d’iontrálacha ó na scoileanna seo:

  • Katie Greer, Scoil Mhuire, Ráth Mealtain
    Tadhg Lynott, Scoil Naomh Pádraig, Carn Domhnach
  • Briana Mc Laughlin, Scoil Naomh Fiachra, Eileastran
  • Caoimhe Kearney, Scoil Naomh Bríd, Magh
  • Souzan Alahmed, Scoil Náisiúnta Sheisíoch Uí Néill
  • Yunning Fu, Scoil Náisiúnta Néill Mhóir, Na Cealla Beaga
  • Safiia Abadiiah, Scoil Macartain Naofa, Bun Dobhráin
  • Carla Coyle, Scoil Náisiúnta an Choimín, An Clochán

Buíochas mór do na hiarratasóirí agus do na scoileanna uilig as sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn sa seomra ranga.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 28 Márta 2025

Buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall

Tá buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall 2025 fógraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne. “Ár mouther, Ár Sábháilteacht” a bhí mar théama i mbliana, agus fuarthas breis agus 900 iontráil ó dhaltaí scoile ar fud Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 17 Meith 2024

An Rás a Choinneáil ina Áit

Tá teachtaireacht ríthábhachtach maidir le sábháilteacht ar bhóithre eisithe ag Grúpa Oibre Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an Gharda Síochána chuig gach duine a fhreastalaíonn ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall chun "An Rás a Choinneáil ina Áit". Cuirfear tús leis an imeacht trí lá, a mheallann na mílte lucht féachana, Dé hAoine, 21 Meitheamh agus tugann sé deis iontach do Dhún na nGall na nithe is díol spéise a chur i lar an aonaigh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)