Skip to main content

March

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Date: 31 Márta 2025

Cultúr

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Tá oíche lán le ceol, le filíocht agus le scéalaíocht geallta ag Cabaret Idirchultúrtha a bheas ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar an Aoine 28 Márta idir 7in agus 9in. Tá an ócáid seo á reáchtáil ag Seirbhís Ealaíne Dhún na nGall. 

Is é Dagogo Hart, file, drámadóir agus taibheoir iomráiteach, príomh-mhír na hoíche. Chuir sé lucht féachana ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin faoi dhraíocht lena chuid saothair go dtí seo. Mar chuid dá chuid léirithe bríomhara, cíorann sé téamaí cosúil le féiniúlacht, oidhreacht agus ceangal cultúrtha, rud a chiallaíonn go bhfuil gné phearsanta agus dhomhanda lena chuid oibre.

Lena chois sin, beidh léirithe spleodracha ann ón Phobal Indiach i Leitir Ceanainn, ó Anne Omodara, ó Nasya Igelige agus ón cheoltóir mór la rá a bhfuil duaiseanna bainte aici, sin í Theresa Kavanagh. Beidh aoi speisialta léi ar an oíche agus cuirfidh siad beirt éagsúlacht a gcuid ealaíontachta agus scéalaíochta i láthair ar an ardán. Beidh Anda Luma ina bean an tí agus cothóidh sí atmaisféar beo bríomhar ar an oíche fosta.

Tá an ócáid seo saor in aisce a bhuíochas don tacaíocht a fhaightear ó Éire Ildánach, a chuireann an deis iontach ar fáil le saibhreas na n-ealaíon idirchultúrtha i nDún na nGall a cheiliúradh. Tá fáilte romhat a theacht agus tú féin a thumadh sa chruthaitheacht agus a bheith páirteach san oíche speisialta seo!

Tá an tionscadal seo arna thacú ag Éire Ildánach agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 01 Aib 2025

Léim isteach i nDraíocht na Léitheoireachta i mí Aibreáin le Léim Isteach sa Scéalaíocht ar fud Leabharlanna Dhún na nGall!

Bí réidh le haghaidh míosa lán samhlaíochta agus spraoi! Tá Leabharlanna Dhún na nGall iontach sásta “Léim Isteach sa Scéalaíocht” a chur i láthair, clár aoibhinn a bheidh ar siúl i mí Aibreáin, atá dírithe ar leanaí idir 0-10 mbliana d’aois agus a dteaghlaigh.

Image text description

Date: 31 Márta 2025

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Tá oíche lán le ceol, le filíocht agus le scéalaíocht geallta ag Cabaret Idirchultúrtha a bheas ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar an Aoine 28 Márta idir 7in agus 9in

Image text description

Date: 27 Márta 2025

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á seoladh ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh muid ag seoladh acmhainní litearthachta dírithe ar dhaoine fásta. Baineann siad leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, an ghramadach agus léamhthuiscint. Beidh na hacmhainní á sheoladh ag an Chomhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Dé Céadaoin 2 Aibreán ar a 11:00am i Leabharlann Bhun Cranncha. Beidh fáilte roimh an phobal ag an seoladh agus beidh siad ábalta tuilleadh eolais a fháil faoi na hacmhainní. Is mar pháirt de Sheachtain Cuimsitheachta Shóisialta Dhún na nGall a bheidh an seoladh seo.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)