Date: 13 Márta 2025
Ardán Féachana Shliabh Liag - Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil
Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Comhlacht Shliabh Liag, feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí ag Sliabh Liag.
Tá Sliabh Liag ar cheann de na haillte is airde san Eoraip, suite 601 méadar os cionn an Aigéin Atlantaigh. Bíonn tarraingt mhór ag turasóirí a thugann cuairt ar Dhún na nGall air agus is é Sliabh Liag an taitneamhacht is mó sa chontae a mheallann turasóirí. Tá Sliabh Liag liostaithe fosta mar cheann de na Pointí Sár-Radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Níl an t-ardán féachana atá ann ag an bhomaite, atá suite feadh Shiúlán Radharc Shliabh Liag, ar an chaighdeán a mbíonn cuairteoirí ag súil leis. Níl san ardán féachana ach struchtúr beag adhmaid, a mbíonn gá cothabháil a dhéanamh air ar bhonn seasta lena chinntiú gur féidir é a úsáid. Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Comhlacht Shliabh Liag, feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí ag Sliabh Liag.
Bheadh ardán féachana dea-dheartha ina bhuntáiste do Shliabh Liag, trína mbainfí eispéireas níos sábháilte agus níos compordaí amach do gach úsáideoir agus a chuirfeadh ar a gcumas sult a bhaint as áilleacht nádúrtha an cheantair. Beidh gá breithniú a dhéanamh ar an ábhar a úsáidfear agus ar chruth an ardáin chun an tionchar ar an timpeallacht leochaileach a íoslaghdú agus chun bainistíocht éifeachtach an cheantair a chinntiú. Tá maoiniú faighte ó Fháilte Éireann don scéim seo faoi Chlár Rialtais an Oileáin Chomhroinnte.
Tá Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil á dhéanamh anois le deis a thabhairt don phobal athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim atá beartaithe agus barúlacha ar bith atá acu a roinnt.
Tá muid ag iarraidh tuiscint a fháil ar do bharúil faoin scéim. Chun do thuairim a roinnt, tabhair cuairt ar Thairseach Comhairliúcháin ar líne Chomhairle Contae Dhún na nGall
Is é an 2 Aibreán 2025 an dáta deiridh a nglacfar le haiseolas faoin scéim atá beartaithe.
Chomh maith leis sin, beidh imeacht Comhairliúcháin Phoiblí Neamhreachtúil ar siúl, áit a dtugtar cuireadh don phobal bualadh leis an fhoireann tionscadail agus an scéim atá beartaithe a phlé I –
Ionad Cuairteoirí & Eispéireas Aille Shliabh Liag, F94 W8KC
Dé Céadaoin 19 Márta 2025 ag 17.30-19.30