Skip to main content

January

Tá táblaí atá fóirsteanach do chathaoireacha rothaí ar fáil anois i gcúig leabharlann ar fud Dhún na nGall

Date: 17 Ean 2025

Cultúr

Tá táblaí atá fóirsteanach do chathaoireacha rothaí ar fáil anois i gcúig leabharlann ar fud Dhún na nGall

Tá cúig thábla inchoigeartaithe airde ceannaithe ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a bhuí le Ciste na gCuntas Díomhaoin. Tá na táblaí seo ar fáil i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha, Leabharlann Phobail an Dá Bhaile, Leabharlann Phobail Bhaile na nGallóglach agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.

Tá na táblaí inchoigeartaithe airde uilíoch ó thaobh úsáide de, agus is féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine faoi mhíchumas neamhfhollasach agus tuismitheoirí agus cúramóirí a bhfuil naíonáin óga acu i bpramanna iad a úsáid. Tá siad iontach le haghaidh staidéir, obair ghrúpa nó i gcomhar lenár Tovertafel.

Tá fáilte roimh chách bualadh isteach chuig aon cheann de na craobhacha thuasluaite agus tuilleadh eolais a iarradh ar an fhoireann. Moltar do ghrúpaí teagmháil a dhéanamh leis an bhrainse is fearr leo chun cuairt agus taispeántas a eagrú.

Cuireann na háiseanna breise seo lenár n-acmhainní atá ag dul i méid chun tacú le cuimsiú pobail. Amharc ar a bhfuil ar fáil againn ar donegallibrary.ie

Tá ballraíocht saor in aisce agus bíonn rochtain ar réimse mór acmhainní saor in aisce i do leabharlann áitiúil. Níl aon táillí le híoc má bhíonn tú déanach agus is féidir an chéad leabhar eile a chur in áirithe ó chompord do thí féin agus cuirfidh do leabharlann áitiúil ar an eolas thú nuair a bheidh sé réidh le bailiú. Tá go leor áiseanna ar líne saor in aisce ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall fosta, cosúil le ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhirisí, ríomhnuachtáin, acmhainní foghlama agus taighde ar líne. 

Chun níos mó eolais a fháil faoina bhfuil ag tarlú i do leabharlann áitiúil, amharc ar https://www.donegallibrary.ie/photoslider/nationalpubliclibraryopenday/ nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó Instagram ar @donegallibrary.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 05 Márta 2025

Scéalaithe Frances Browne – Ag Amharc Tríd: Ceiliúradh ar Scéalaíocht Daoine a bhfuil Lagú Amhairc Orthu

Tá Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus Féile Liteartha Frances Browne ag tabhairt cuireadh do scéalaithe dalla agus lagamhairc, a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, páirt a ghlacadh agus píosaí a chur isteach lena gcur san áireamh i ndíolaim dhigiteach a sheolfar san fhómhar, agus a mhaoineoidh Éire Ildánach. Tá súil againn bailiúchán eicléictiúil saothar a chruthú ina mbeidh gach seánra scríbhneoireachta: ó scéalta simplí go liricí amhráin, ó fhilíocht ó bhéal go neamhfhicsean den saol.

Image text description

Date: 28 Feabh 2025

Glac páirt i gCruinniu na nÓg 2025!

Beidh Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do Pháistí agus do Dhaoine Óga, ar éirigh thar cionn leis, ar siúl i mbliana Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025. Anseo i nDún na nGall, tá muid iontach bródúil as na gníomhaíochtaí, as na himeachtaí agus as na comhpháirtithe agus Cruinniú na nÓg i nDún na nGall ar cheann de na cinn is fearr sa tír le blianta beaga anuas, le himeachtaí ar fud an chontae.

Image text description

Date: 20 Feabh 2025

Seachtain na Gaeilge 2025 i gContae Dhún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar leac an dorais linn agus tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh Seachtain na Gaeilge seolta i mbliana ag ócáid atá oscailte don phobal i Leabharlann na Rosann, Ionad Theampall Chróine, An Clochán Liath Dé hAoine, 28 Feabhra 2025 ag 7.30pm. Beidh oíche siamsaíochta agus sólaistí ar fáil. Fáilte roimh chách.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)