Skip to main content

January

Féilire Cultúrtha chun Éagsúlacht a Cheiliúradh

Date: 08 Ean 2025

Pobal

Féilire Cultúrtha chun Éagsúlacht a Cheiliúradh

Tá bród ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil a Féilire Cultúrtha úr ar an fhód acu, tionscnamh a forbraíodh mar chuid de thionscadal píolótach EU BELONG agus atá ag teacht leis an Straitéis Cuimsithe Eitneach Dubh agus Mionlaigh (BME) do Dhún na nGall 2021-2026. Leagann an féilire seo béim ar phríomhimeachtaí cultúrtha agus reiligiúnacha a cheiliúrann pobail BME ar fud an chontae agus is céim shuntasach é chun uile ghabhálacht agus tuiscint chultúrtha a chothú.

Freagraíonn an Féilire Cultúrtha do Ghníomh 24 den Straitéis um Chuimsiú Eitneach Dubh agus Mionlaigh, ina n-iarrtar imeachtaí suntasacha i bhféilirí cultúrtha na bpobal Eitneach Dubh agus Mionlaigh a aithint agus a nótáil. Trí fheasacht a mhúscailt ar na himeachtaí seo, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh mothú muintearais a chur chun cinn agus comhtháthú pobail a neartú ar fud Dhún na nGall.

Léiríonn an féilire éagsúlacht phobail Dhún na nGall. Tugann sé deis do cheannairí, d'eagraíochtaí agus do chónaitheoirí polaitiúla taipéis shaibhir chultúrtha an chontae a cheiliúradh agus dul i ngleic leis. 

Dúirt John G. McLaughlin Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: "Léiríonn an Féilire Cultúrtha seo ár dtiomantas leanúnach don Straitéis um Chuimsiú Eitneach Dubh agus Mionlaigh a sheachadadh.  Trí imeachtaí cultúrtha agus reiligiúnacha ár bpobal a aithint agus a cheiliúradh, glacaimid céim i dtreo Dún na nGall níos cuimsithí, níos comhtháite agus níos fáiltiúla a thógáil."

Cuireadh forbairt an fhéilire ar an fhód trí chomhairliúcháin le pobail Eitneacha Dubha agus Mionlaigh, ag cinntiú go léiríonn sé na himeachtaí is bríomhaire dóibh. Táthar ag súil go n-ardóidh an tionscnamh seo feasacht ach go spreagfaidh sé rannpháirtíocht níos mó leis an cheiliúradh tábhachtach seo.

#EUBELONG


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 31 Márta 2025

Dún na nGall le Chéile - An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall Seolta

Seoladh An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall 2025, ar an Aoine 28 Márta in Amharclann an Ghrianáin agus tús curtha le seachtain cheiliúrtha ar éagsúlacht, ar chomhoibriú pobail, agus ar chuimsiú ar fud Dhún na nGall.

Image text description

Date: 19 Márta 2025

An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall 2025

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do gach duine ar fud Dhún na nGall — daoine aonair, grúpaí pobail, eagraíochtaí, scoileanna agus gnónna — a gcuid féin a dhéanamh le páirt a ghlacah sa tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2025 agus í a chur chun cinn. Beidh sí ar siúl idir an Aoine 28 Márta agus an Satharn 5 Aibreán.

Image text description

Date: 13 Márta 2025

Ardán Féachana Shliabh Liag - Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Comhlacht Shliabh Liag, feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí ag Sliabh Liag.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)