Skip to main content

February

Seachtain na Gaeilge 2025 i gContae Dhún na nGall

Date: 20 Feabh 2025

Cultúr

Seachtain na Gaeilge 2025 i gContae Dhún na nGall

Colm Ferriter, múinteoir scoile agus an craoltóir aitheanta le Raidió Highland atá ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Dhún na nGall.
Colm Ferriter, múinteoir scoile agus an craoltóir aitheanta le Raidió Highland atá ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Dhún na nGall.

Tá Seachtain na Gaeilge ar leac an dorais linn agus tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh Seachtain na Gaeilge seolta i mbliana ag ócáid atá oscailte don phobal i Leabharlann na Rosann, Ionad Theampall Chróine, An Clochán Liath Dé hAoine, 28 Feabhra 2025 ag 7.30pm.  Beidh oíche siamsaíochta agus sólaistí ar fáil.  Fáilte roimh chách.

Is é Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, An Clr John Shéamais Ó Fearraigh a dhéanfaidh an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge seo a sheoladh go hoifigiúil.  Tá an fhéile seo, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear ar an cheiliúradh is mó dar dteanga agus dár gcultúr dúchais dá bhfuil ann.  Tugann an fhéile deis d’achan duine sult a bhaint as an Ghaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.

Is cúis athais dúinn a fhógairt fosta gurb é Colm Ferriter, múinteoir scoile agus an craoltóir aitheanta le Raidió Highland atá ceaptha mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Dhún na nGall.  Is as Leathaigh, deisceart Dhún na nGall ó dhúchas é ach tá cónaí air anois i nGaoth Dobhair.  Tá dhá bhliain déag caite aige ag obair mar láithreoir agus iriseoir le Raidió Highland.  Bíonn sé i mbun na gclár  Ruaille Buaille, Clár sa Charr agus neart eile.

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt sé ‘Is mór an onóir a bheith mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2025 do Chontae Dhún na nGall, go háirithe mar gheall ar an mhéadú as cuimse atá tagtha ar an teanga le tamall anuas.  Tapaigh an deis chun tabhairt faoi thuras teanga le linn Sheachtain na Gaeilge’.

Beidh an Fhéile Idirnáisiúnta seo, Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1 - 17 Márta 2025 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge socraithe ag Rannóg na Gaeilge, an tSeirbhís Leabharlainne agus grúpaí pobail eile do Chontae Dhún na nGall.

Sonraí ar fáil ag –

https://www.donegalculture.ie/en/news/2025/february/seachtain-na-gaeilge/

Tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Róise ag rmcclafferty@donegalcoco.ie

nó téigh chuig www.snag.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2025

Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024

D’fhoilsigh Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a nAthbhreithniú Bliantúil 2024 ar na mallaibh ina bhfuil achoimre ar éachtaí a bhaineann le rannpháirtíocht chultúrtha a neartú agus cruthaitheacht a chothú ar fud pobail éagsúla.

Image text description

Date: 07 Aib 2025

Oifig Scannán Dhún na nGall – An Ciste um Thallann ag teacht chun cinn 2025

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le hÉire Ildánach togra nua maoinithe a fhógairt! Tá seo mar chuid de ghealltanas roinnte chun cruthaitheacht a chur chun cinn agus le tacú le tallann atá ag teacht chun cinn.

Image text description

Date: 03 Aib 2025

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall acmhainní litearthachta dírithe ar dhaoine fásta. Baineann siad leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, an ghramadach agus léamhthuiscint. Rinne an Comhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain iad a sheoladh ar an Chéadaoin, 2 Aibreán i Leabharlann Bhun Cranncha. Bhí an seoladh seo mar chuid de na himeachtaí atá ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain um Ionchuimisú Sóisialta i nDún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)