Skip to main content

February

Pleananna Amach Anseo Do Theach Na Cúirte i Leitir Ceanainn

Date: 13 Feabh 2025

Pleanáil

Pleananna Amach Anseo Do Theach Na Cúirte i Leitir Ceanainn

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal cuidiú an chéad chéim eile sna pleananna fá choinne athúsáid Sheanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn a mhúnlú trí theacht chuig ócáid chomhairliúcháin phoiblí buail isteach Dé Máirt an 18 Feabhra 2025.

Le tacaíocht €199,969 i maoiniú THRIVE, arna mhaoiniú ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair trí Chlár Réigiúnach Tuaisceartach agus Iartharach 2021-2027 Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), tá d’aidhm ag an Chomhairle Seanteach na Cúirte a athnuachan mar ionad a mbeidh an-tóir ag turasóirí air agus mar shócmhainn ar dóigh do phobal Leitir Ceanainn. A bhuí le THRIVE bhíothas in ann Robin Lee Architects a cheapadh le pleananna ailtireachta a fhorbairt don tionscadal agus é a thabhairt a fhad le céim an toilithe pleanála Chuid 8 sa chéad ráithe de 2025.

Mar chuid den phróiseas toilithe pleanála, tá ionchur na ngeallsealbhóirí agus an mhórphobail ríthábhachtach leis an tionscadal a mhúnlú a thuilleadh agus leis na roghanna a fhiosrú d’ailtireacht an fhoirgnimh agus cad é mar is féidir na spásanna a úsáid chomh maith agus is féidir.

Le tuilleadh a fháil amach agus le páirt a ghlacadh, tugtar cuireadh don phobal bualadh isteach i Seanteach na Cúirte, Leitir Ceanainn, Dé Máirt an 18 Feabhra 2025 am ar bith idir 3 agus 8 pm, mar a mbeidh foireann an chomhairliúcháin, faoi stiúir Robin Lee Architects agus Foireann Athnuachana Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar fáil.

Dúirt Robin Lee, Comhpháirtí Bainistíochta in Robin Lee Architecture, “Tá muid ag súil le bheith ag obair leis an Chomhairle, leis an phobal agus le gach geallsealbhóir leis an tionscadal iontach seo a sheachadadh de réir na gcaighdeáin chríochnaithe is airde, ag teacht le hionchas an phobail agus uaillmhianta athnuachana na Comhairle.”

Arsa an Comhairleoir Gerry McMonagle, Méara Cheantar Leitir Ceanainn-Baile na nGallóglach, “Is é seo an tríú comhairliúchán poiblí ar an tionscadal le hathúsáid a bhaint as Seanteach na Cúirte mar ionad ar dóigh a mbeidh an-tóir ag turasóirí air agus a bheidh mar thairseach le heolas a chur ar Dhún na nGall. Ag an chomhairliúchán seo, tá spéis againn go háirithe go bhfeicfidh an mórphobal na roghanna ailtireachta atá ann don fhoirgneamh agus a spásanna agus do smaointe a chluinstin fá dheiseanna d’úsáid dhéach nó d’ilúsáid cuid de na spásanna.

Molaim don phobal teacht go Teach na Seanchúirte Dé Máirt an 18 Feabhra le tuilleadh a chluinstin agus cuidiú an tionscadal a mhúnlú.”

Dúirt Liam Ward, an Stiúrthóir Seirbhíse, Forbartha Pobail & Seirbhísí Pleanála, “Tá lúcháir orm go bhfuil tacaíocht chlár THRIVE, trí Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, faighte ag tionscadal Sheanteach na Cúirte, rud atá ag cumasú na chéad chéime eile le toiliú pleanála a fháil. De réir chlár THRIVE, tá muid ag dul, go háirithe, d’fheidhmiú phrionsabail Bauhaus AE na háilleachta, na hionchuimsitheachta agus na hinbhuanaitheachta sa tionscadal seo, a bhrúfaidh an tionscadal i dtreo sampla den chleachtas is fearr agus sócmhainn ar dóigh a sheachadadh do Leitir Ceanainn agus a pobal.”

Is iad seo a leanas na socruithe don ócáid buail isteach:
Cá huair? Dé Máirt an 18 Feabhra 2025
am ar bith idir 3 agus 8pm
Cá háit: Seanteach na Cúirte, Leitir Ceanainn

Faigh amach tuilleadh ag www.bit.ly/4hsCO9i


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 14 Feabh 2025

An Chomhairle ag Réiteach Pleananna Nua Ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh tosú a ullmhú pleananna nua ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga. Leagfaidh na Pleananna Ceantair nua amach réimse beartas, cuspóirí agus creat forbartha spásúil do na bailte seo mar thaca le soláthar tithe, athbheochan a dhéanamh ar lár bailte, réitigh iompair/gluaisteacht inbhuanaithe a chur ar fáil, tacú le fás na fostaíochta, saoráidí nua pobail a chur ar fáil, an oidhreacht thógtha agus nádúrtha chosaint, agus cuidiú le maolúchán agus oiriúnúchán aeráide. Tiocfaidh na pleananna ceantair seo in áit na bpleananna atá sa Phlean Ceantar Áitiúil don Seacht mBaile Straitéiseach 2018-2024.

Image text description

Date: 13 Feabh 2025

Pleananna Amach Anseo Do Theach Na Cúirte i Leitir Ceanainn

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal cuidiú an chéad chéim eile sna pleananna fá choinne athúsáid Sheanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn a mhúnlú trí theacht chuig ócáid chomhairliúcháin phoiblí buail isteach Dé Máirt an 18 Feabhra 2025.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)