Skip to main content

February

Glac páirt i gCruinniu na nÓg 2025!

Date: 28 Feabh 2025

Cultúr

Glac páirt i gCruinniu na nÓg 2025!

Beidh Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do Pháistí agus do Dhaoine Óga, ar éirigh thar cionn leis, ar siúl i mbliana Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025. Anseo i nDún na nGall, tá muid iontach bródúil as na gníomhaíochtaí, as na himeachtaí agus as na comhpháirtithe agus Cruinniú na nÓg i nDún na nGall ar cheann de na cinn is fearr sa tír le blianta beaga anuas, le himeachtaí ar fud an chontae.


Chun cur leis seo, tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag lorg moltaí nua ó chleachtóirí, ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha a chuirfidh deiseanna ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga rudaí éagsúla a dhéanamh, a thriail nó a fheiceáil ina gceantar féin.


Ba cheart go mbeadh an Suirbhé 'Guth an Pháiste', a d'iarr ar pháistí ar fud an chontae a gcuid smaointe don lá a roinnt, a bheith lárnach sna moltaí a chuirtear chun cinn. Is féidir iad seo a fheiceáil ag donegalculture.ie.

Léiriú spéise – gairm oscailte

Tá béim á leagan ag Cruinniú na nÓg ar rudaí a dhéanamh agus a chruthú. Tá an ghairm oscailte seo ag lorg cleachtóirí, ionaid, eagraíochtaí nó grúpaí pobail chun moladh a dhéanamh go mbeadh imeacht ar siúl laistigh de do phobal féin.


Moltar do chleachtóirí cruthaitheacha a bhíonn ag plé le foirm mheán nó ealaíne ar bith togra a chur isteach, i réimsí na hamharclannaíochta, an damhsa, an cheoil, na ceoldrámaíochta, na scannánaíochta, an tsorcais, an taibhithe, an fhaisin, na grianghrafadóireachta, na n-amharcealaíon, na n-ealaíon digiteach, na litríochta agus na scéalaíochta, na healaíne sráide nó an taispeántais, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.


Chomh maith leis sin, moltar do chleachtóirí le scileanna traidisiúnta nó do dhaoine eile a bhfuil saineolas acu ar réimsí amhail fána/bithéagsúlacht, saol na tuaithe, seandálaíocht, oidhreacht thógtha, stair, ailtireacht dhúchasach nó aon réimse gaolmhar a chur chun cinn le taispeáint cad é mar a thiocfadh leo tionscadal a reáchtáil do Chruinniú na nÓg.


Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó phobail i ngach cearn den chontae, agus caithfear tionscadail nó imeachtaí a reáchtáil nó a chur i gcrích Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025.


Tá Cruinniú na nÓg maoinithe ag Foireann Éire Ildánach, Dún na nGall. Moltar do mholtóirí imeachtaí aighneachtaí réadúla a dhéanamh maidir le scála agus costais agus leithdháilfear maoiniú ar na himeachtaí sin is fearr a chomhlíonann cuspóirí Chruinniú na nÓg mar atá leagtha amach san fhoirm iarratais.


Is féidir foirmeacha togra Chruinniú na nÓg a íoslódáil ag www.donegalculture.ie. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig CreativeIreland@donegalcoco.ie faoin Domhnach, 23 Márta 2025.


Is tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus le hÚdaráis Áitiúla.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2025

Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024

D’fhoilsigh Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a nAthbhreithniú Bliantúil 2024 ar na mallaibh ina bhfuil achoimre ar éachtaí maidir le rannpháirtíocht chultúrtha a neartú agus cruthaitheacht a chothú ar fud pobail éagsúla.

Image text description

Date: 07 Aib 2025

Oifig Scannán Dhún na nGall – Ciste um Tallann ag teacht chun cinn 2025

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le hÉire Ildánach togra nua maoinithe a fhógairt! Tá seo mar chuid de ghealltanas roinnte chun cruthaitheacht a chur chun cinn agus le tacú le tallann atá ag teacht chun cinn.

Image text description

Date: 03 Aib 2025

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall acmhainní litearthachta dírithe ar dhaoine fásta. Baineann siad leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, an ghramadach agus léamhthuiscint. Rinne an Comhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain iad a sheoladh ar an Chéadaoin, 2 Aibreán i Leabharlann Bhun Cranncha. Bhí an seoladh seo mar chuid de na himeachtaí atá ar siúl le ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain um Ionchuimisú Sóisialta i nDún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)