Date: 11 Feabh 2025
Díghlasáil Poitéinseal Dhún na nGall: Bígí páirteach sa Chéad Imeacht Nasc Turasóireacht!

Tá cuiredh ah ghnólachtaí turasóireachta Dhún na nGall freastal ar an chéad “Imeacht Nasc Turasóireacht”, a mbeidh a réachtáil ag an gcraoltóir agus iriseoir Richard Curran le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil (03ú – 07ú Márta 2025), i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall trí CLG Thurasóireacht Dhún na nGall agus Fáilte Éireann. Tá sé mar aidhm ag an imeacht seo naisc fiúntach a chothú i measc soláthraithe turasóireachta sa chontae.
Trí atreoruithe, comhpháirtíochtaí comhoibríocha, agus comhroinnt cleachtais nuálacha a spreagadh, is é cuspóir an ócáid nó le h-eispéireas an chuairteora a uasmhéadú, le turasóireacht ar feadh na bliana a chur chun cinn, agus dáileadh cothrom geografach cuairteoirí a bhaint amach ar fud contae Dhún na nGall. Tá sé mar ardaidhm ag an tionscnamh seo gnólachtaí áitiúla a chumasú le bheith ag obair le chéile chun Dhún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe den scoth, cuimsitheach agus inbhuanaithe i ngach séasúr.
Beidh roinnt seisiúin líonraithe duine-le-duine stiúrtha i measc soláthraithe lóistín, nithe is díol spéise do chuairteoirí agus soláthraithe gníomhaíochta nó eachtraíochta chun deis a thabhairt dóibh naisc nua a chruthú agus athnuachan a dhéanamh ar seanchinn in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn Dé Céadaoin 05 Márta idir 9.00 r.n agus 2.30 i.n.
Ag labhairt roimh an imeacht, dúirt Joan Crawford, Bainisteoir Shlí an Atlantaigh Fhiáin le Fáilte Éireann: “Tá lúchair orainn comhoibriú le Comhairle Chontae Dhún na nGall, agus go h-áirithe le Turasóireacht Dhún na nGall. Cuireadh an oiread sin breisithe agus nuashonruithe leis an tairiscint turasóireachta i nDún na nGall, tá sé tábhachtach teacht le chéile le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil agus na deiseanna tras-dhíola agus comhoibriú a aithint chun cuairteoirí a spreagadh le tuilleadh taiscéal a dhéanamh ar fud an réigiúin, fanacht níos faide agus níos mó a chaitheamh. Léiríonn ár dtaighde a rinneadh le gairid chun 10 mbliana de Shlí an Atlantaigh Fhiáin a chomóradh go dtiomáineann Slí an Atlantaigh Fhiáin €3billiún in ioncam gach bhlian, agus beidh sé mar phríomhfhócas don todhchaí tarraingt na leath thuaidh den bhealach turasóireachta a mhéadú ar feadh na bliana.”
Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairleoir Niamh Kennedy sa bhreis “is iontach an deis é seo do ghnólachtaí turasóireachta teacht le chéile chun casadhh le chéile, le a gcuid smaointe a roinnt agus comhoibriú. I gcontae ina bhfuil aithne air mar gheall ar a modh “meitheal”, mholfainn do ghnólachtaí clárú chomh luath agus is féidir chun leas a bhaint as na h-áiseanna agus an t-eolais a cuireadh ar fáil ar an lá agus ar ndóigh, bualadh le foirne Thurasóireacht Dhún na nGall agus Fáilte Éireann.”
Dúirt Joy Browne, Bainisteoir Turasóireachta le Comhiarle Chontae Dhún na nGall: “Tá an oiread sin le offráil ag Dhún na nGall don chuairteoir. Tá cáil orainn mar gheall ar ár radharcra áille, ach tá éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí agus nithe is díol spéise againn freisin chun taitneamh a bhaint as. Tugann an chéad “Imeacht Nasc Truasóireachta ” deis dúinn ár dtáirge a thaispeáint agus teagmháil a dhéanamh le gnóthaí eile sa chontae. Trí oibriú le chéile, is féidir linn Dhún na nGall a shuíomh mar áit iontach le teacht agus cuairt a thabhairt air”.
Ag cur leis seo, dúirt Brenda Hegarty, Ceann Fhiontraíocht Dhún na nGall: “Tá lúcháir orainn go bhfuil an ócáid seo ar siúl le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil. In éineacht lenár ngeallsealbhóirí, tá muid ar bís le clár imeachtaí chomh lán a chur i láthair agus meastar go mbeidh líon mór daoine i láthair ó 3 – 7 Márta 2025.
Is é téama na bliana seo ná ‘Creid’ agus le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil, cuirfidh ár bpainéal cainteoirí, mar aon le gnólachtaí áitiúla ag roinnt a gcuid scéalta, imeachtaí inspioráideacha ar fáil do ghnólachtaí ar fud Dhún na nGall.
Chun spéis a léiriú i láthair cláraigh anseo nó seol ríomhphost chuig waw@failteireland.ie nó tourist@donegalcoco.ie
Mas mian leat a bhrith I láthair don imeacht seo, cláraigh anseo nó seol ríomhphost chuig waw@failteireland.ie nó tourist@donegalcoco.ie