Skip to main content

September

Wainfest 2024 – ‘550 Adventures’ await…

Date: 20 MFómh 2024

Cultúr

Wainfest 2024 – ‘550 Adventures’ await…

Cathoairleach of Donegal County Council, Cllr Niamh Kennedy with Wainfest committee members at the launch of the festival in Donegal Castle.
Cathoairleach of Donegal County Council, Cllr Niamh Kennedy with Wainfest committee members at the launch of the festival in Donegal Castle.

Seoladh an 28ú Féile Bhliantúil Wainfest um Ealaíona agus Leabhair do Pháistí Déardaoin an 19 Deireadh Fómhair i gCaisleán álainn stairiúil Dhún na nGall, áit ar cuireadh páistí scoile ó Scoil an Linbh Íosa faoi gheasa le scéal tumthach ón scríbhneoir iontach Maura Logue agus caint spreagúil ón údar áitiúil Isla McGuckin.

Téama fhéile na bliana seo, “550 Eachtra,” a thagann le chéile le ceiliúradh 550 Dhún na nGall, a dhéanann comóradh ar 550 bliain de Bhaile Dhún na nGall. Is beag Baile Éireannach a bhain a leithéid de chloch mhíle amach riamh, ach tá Baile Dhún na nGall fós óg ina chroílár agus ina ionad cultúrtha bríomhar agus faoi bhláth. Is aitheantas é clár Wainfest na bliana seo ar stair iontach an bhaile agus an réigiúin agus tá sé mar aidhm aige a oidhreacht agus a chultúr uathúil a cheiliúradh.

Agus an t-imeacht á sheoladh ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall Niamh Kennedy, leag sí amach an chaoi a ndéanfar ceiliúradh le féile na bliana seo ar ‘na húdair, na maisitheoirí, na ceoltóirí, na staraithe agus na scéalaithe éirimiúla go léir a chuirfidh deiseanna ar fáil do pháistí chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a dhéanann ceiliúradh ar a n-oidhreacht, ar bhealach spraíúil tarraingteach.’

Chuir sí in iúl ina dhiaidh sin go gcreideann Comhairle Contae Dhún na nGall ‘go bhfuil sé ríthábhachtach dár sochaí, dár ngeilleagar, dár n-oideachas agus dár bpobail féilte a chur chun cinn agus tacú leo’ agus go bhfuil ‘féilte thar a bheith tábhachtach, rud a fhágann gur féidir leis an bpobal a bheith rannpháirteach, forbairt eacnamaíoch a dhéanamh, agus luathú a dhéanamh ar an éagsúlacht inár bpobail.’

Tugann Wainfest cuireadh do pháistí ar gach aois tabhairt faoi eachtra spreagúil trí léirithe mealltacha, ceardlanna idirghníomhacha agus seisiúin scéalaíochta tarraingteacha, iad go léir deartha chun fiosracht a spreagadh agus grá do leabhair agus do na healaíona a chothú.

I mbliana, cuireann Wainfest níos mó ná 100 imeacht saor in aisce ar fáil atá deartha do scoileanna, do theaghlaigh agus do pháistí ar gach aois. Tá gníomhaíochtaí ar fáil laistigh agus lasmuigh, le roinnt imeachtaí sruthaithe beo isteach sna seomraí ranga, chomh maith le cláir tráthnóna agus deireadh seachtaine chun freastal ar theaghlaigh agus chun rannpháirtíocht i raon leathan gníomhaíochtaí a spreagadh.

I measc bhuaicphointí imeachtaí teaghlaigh na bliana seo tá MC Grammar, a chomhcheanglaíonn ceol agus ealaíona teanga chun cabhrú le páistí rialacha gramadaí a thuiscint agus cuimhneamh orthu, - buille-bhosca, damhsa, rithim, LÉITHEOIREACHT, rapáil... achan rud faoin spéir!

Tá Ceardlann Cluiche Forbartha 3D, cuairteanna údair, ceardlanna Bitheolaíochta, ranganna damhsa Boogie Bugs agus go leor eile ann fosta! Is féidir le páistí triail a bhaint as potaireacht le Lorraine O’Carroll, foghlaim conas seanéadaí a chur in oiriúint do phíosa faisin iontach nua le Bernie Murphy nó dul ar thuras réamhstairiúil leis an gceardlann Roar, Roar Dinosaur. Is cinnte go mbeidh rud éigin ann do gach duine!

Tá clár na scoile, mar a bhíothas ag súil leis, lán le himeachtaí iontacha lena n-áirítear, The Big White Coach Sensory Experience, cuairteanna ó údair cháiliúla amhail Eve McDonnell, Sheena Wilkinson, Erika McGann agus Paddy Donnelly, i measc daoine eile, chomh maith le léirithe ó scéalaithe, ealaíontóirí agus go leor ceardlann agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha.

Tar éis an tseolta, fuair scoileanna cóip leictreonach den bhróisiúr agus is féidir le teaghlaigh amharc ar chlár iomlán na n-imeachtaí atá beartaithe trí bhróisiúr a phiocadh suas ina leabharlann áitiúil nó ina n-ionad cultúrtha. Tá an clár ar fáil fosta ar ár suíomh gréasáin www.wainfest.ie  


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Related News

Image text description

Date: 17 Ean 2025

Tá táblaí atá fóirsteanach do chathaoireacha rothaí ar fáil anois i gcúig leabharlann ar fud Dhún na nGall

Tá cúig thábla inchoigeartaithe airde ceannaithe ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a bhuí le Ciste na gCuntas Díomhaoin. Tá na táblaí seo ar fáil i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha, Leabharlann Phobail an Dá Bhaile, Leabharlann Phobail Bhaile na nGallóglach agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.

Image text description

Date: 02 Noll 2024

Am don Teaghlach i Do Leabharlann: Imeachtaí Spreagúla na Nollag do Theaghlaigh i Leabharlanna Dhún na nGall

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall an clár, Am don Teaghlach i Do Leabharlann, a bhfuiltear ag súil go mór leis, a fhógairt, ar ceiliúradh féiltiúil é atá deartha chun teaghlaigh a spreagadh le bheith páirteach i ndraíocht na léitheoireachta agus na scéalaíochta i mí na Nollag seo!

Image text description

Date: 20 MFómh 2024

Wainfest 2024 – ‘550 Adventures’ await…

Seoladh an 28ú Féile Bhliantúil Wainfest um Ealaíona agus Leabhair do Pháistí Déardaoin an 19 Deireadh Fómhair i gCaisleán álainn stairiúil Dhún na nGall, áit ar cuireadh páistí scoile ó Scoil an Linbh Íosa faoi gheasa le scéal tumthach ón scríbhneoir iontach Maura Logue agus caint spreagúil ón údar áitiúil Isla McGuckin.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)