Date: 05 MFómh 2024
Athoscailt Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh agus Leathnú ar Uaireanta Oscailte do Leabharlanna Bhun Dobhráin agus Bhaile Dhún na nGall
Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh ar oscailt arís agus go mbeidh síneadh ar uaireanta oscailte Leabharlanna Bhaile Bhun Dobhráin agus Dhún na nGall ón tseachtain dar tús 16 Meán Fómhair. Is iad uaireanta oscailte na leabharlann ná:
Lá |
Leabharlann |
Uaireanta Oscailte |
Dé Luain |
Leabharlann Bhun Dobhráin
|
Dé Luain *Am Sceidealta: 10rn - 2:30in **Is trí choinne amháin a shocraítear cuairteanna le linn Ama Sceidealta |
Dé Máirt |
Leabharlann Bhun Dobhráin Leabharlann Bhaile Dhún na nGall |
9:30rn – 1in & 2in – 5:30in
9:30rn – 1in & 2in – 5:30in
|
Dé Céadaoin |
Leabharlann Bhun Dobhráin Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh |
12:30in – 5:30in & 6:30in – 8:00in
9:30rn – 1in & 2in – 5:30in
|
Déardaoin |
Leabharlann Bhun Dobhráin Leabharlann Bhaile Dhún na nGall |
9:30rn – 1in & 2in – 5:30in
9:30rn – 1in & 2in – 5:30in
|
Dé hAoine |
Leabharlann Bhun Dobhráin Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh |
9:30rn – 1in & 2in – 5:30in 9:30rn – 1in & 2in – 5:30in
|
Dé Sathairn
|
Leabharlann Bhun Dobhráin |
10:00rn – 2:30in |
Beidh pátrúin in ann leabhair a fháil ar iasacht, na ríomhairí agus an printéir a úsáid agus foghlaim faoi na hacmhainní ar líne atá le tairiscint againn, lena n-áirítear ríomhleabhair, closleabhair agus ríomhirisí ar BorrowBox agus ardáin foghlama ar líne ar nós Transparent Language agus Universal Class.
Chun eolas a choinneáil ar a bhfuil ar siúl i leabharlanna Dhún na nGall tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil linn ag 074 915 3900 nó seol ríomhphost chuig admin@donegallibrary.ie