Skip to main content

June

Nochtann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall Clár Samhraidh Corraitheach do Leanaí

Date: 04 Meith 2024

Corparáideach

Nochtann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall Clár Samhraidh Corraitheach do Leanaí

Tá Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall ar bís le clár imeachtaí cuimsitheach do leanaí a fhógairt an samhradh seo.  Ón 4 Meitheamh, cuirfidh an leabharlann réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil ina gcuid brainsí, a chruthaíonn timpeallacht spraíúil agus rannpháirteach.

Tá sé mar aidhm ag an leabharlann grá ar feadh an tsaoil a chothú do leabhair, do léitheoireacht agus do leabharlanna i measc leanaí ar gach aois trí shraith de cheardlanna teagmhálacha, trí sheisiúin am scéalaíochta beo, agus trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha a chur ar fáil.

Geallann an clár réimse gníomhaíochtaí éagsúla a spreagfadh spéiseanna éagsúla. Ó cheardlanna ealaíne agus ceardaíochta go himeachtaí le téama Harry Potter, cinntíonn Clár Réalta an tSamhraidh go bhfuil rud ann do chách. Is féidir le leanaí a bheith ag súil le ceardlanna Flying Glider, ina mbeidh cruthaitheacht ag eitilt go hard, seisiúin scéalaíochta dátheangacha i nGaeilge, i mBéarla, agus i bPolainnis, a chothaíonn timpeallacht ionchuimsitheach agus ceardlanna um scríbhneoireacht chruthaitheach agus Lego a spreagann smaointeoireacht chruthaitheach agus smaointe a bheochan.

Gheobhaidh gach rannpháirtí duaiseanna agus spreagadh ar feadh an bhealaigh. Chun cuspóirí léitheoireachta a spreagadh, beidh duaiseanna ar leith ag gach brainse dóibh siúd a chláraíonn don chlár. Gach uair a léann tú leabhar agus é a thabhairt ar ais don leabharlann, gheobhaidh tú ticéad le cur sa chrannchur duaiseanna. Agus do thicéad curtha sa chrannchur duaiseanna, d’fhéadfaí d’ainm a tharraingt chun ceann dár nduaiseanna iontacha a bhuachan. Má léann tú níos mó is amhlaidh go mbeidh níos mó roghanna agat LE BUACHAN!  Freisin, i mbliana, i gcomhar le Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall, beidh leanaí a thógann leabhair Ghaeilge ar iasacht in ann deis a fháil duaiseanna speisialta a bhuachan cosúil le Lego óna leabharlann áitiúil.

Lenár n-iarratas An Síol Léitheoireachta a Chur, is féidir le rannpháirtithe ar chlár samhraidh 2024 a bheith ag súil le síolta lus na gréine agus pota a fháil a chuirfidh ar chumas leanaí ar fud an chontae taitneamh a bhaint as a mbláthanna agus iad ag fás agus faoi bhláth.

Agus é ag labhairt ag seoladh an fhéile bhí an méid seo le rá ag Cathaoirleach, an Comhairleoir Martin Harley, “Tá an-áthas orm an clár iontach seo a sheoladh. Is é a dhéanann tionscnamh samhraidh Leabharlann Chontae Dhún na nGall difriúil ná a thiomantas ar inrochtaineacht agus uileghabhálacht. Tá gach imeacht saor in aisce, a chinntíonn gur féidir le gach leanbh ar fud an chontae páirt a ghlacadh. Tá áthas ar leith orm dhá chomhpháirtíocht a fheiceáil ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall ar chlár na bliana seo a bhuíochas leRannóg na Gaeilge agus Oifig na Bithéagsúlachta. Ní amháin gur sraith imeachtaí atá i gceist le Clár Réalta an tSamhraidh; is bealach é le leanaí a nascadh lena bpiaraí agus lena bpobal.”

Tabhair cuairt ar do bhrainse áitiúil i Leabharlann Chontae Dhún na nGall chun sceideal cuimsitheach d’imeachtaí a fháil a ligeann do do leanaí dul ar aistear oideachais draíochtach le linn an tsamhraidh seo.

Chun níos mó eolais a fháil faoin bhféile lena n-áirítear eolas áirithinte agus amanna imeachtaí tabhair cuairt arwww.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)