Skip to main content

June

Béim faoi leith ar Ról Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le hardchaighdeán maireachtála a chur chun cinn ar Lá do Chomhairle

Date: 27 Meith 2024

Corparáideach

Béim faoi leith ar Ról Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le hardchaighdeán maireachtála a chur chun cinn ar Lá do Chomhairle

Beidh ról Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le tacú le hardchaighdeán maireachtála i nDún na nGall á chur chun cinn agus á cheiliúradh mar chuid de Lá Do Chomhairle 2024 ar an Aoine, 5 Iúil 2024.

Is fíor a rá g bhfuil tionchar an-dearfach ar chaighdeán maireachtála, sláinte agus beatha mhuintir Dhún na nGall agus leas á bhaint acu as áiseanna agus seirbhísí atá faoi chúram na Comhairle sa chontae seo.

Tá réimse leathan seirbhísí  á n-úsáid ag daoine ar bhonn laethúil agus a chuireann go mór lena sláinte agus lena mbeatha. 

Ina measc tá agus níl siad teoranta dóibh, páirceanna, fóillíocht, spóirt, leabharlann, ealaíon, oidhreacht agus seirbhísí pobail.

Lena chois sin, tá Comhairlí chun tosaigh  i gcosaint ár dtimpeallachtaí maireachtála, lena n-áirítear glanadh sráideanna, rialú bruscair, monatóireacht ar uiscebhealaí agus tránna, scéimeanna athnuachana uirbí agus sráidbhailte, cothabháil ár mbóithre agus ár gcosáin.

Tá baill foirne sna húdaráis áitiúla fite fuaite sna pobail ina bhfuil siad lonnaithe, rud a chuireann ar chumas daoine ar bhonn aonair agus le chéile, sult a bhaint as an saol in áiteanna ina gcónaíonn siad, ina n-oibríonn siad agus ina dtugann siad cuairt orthu.

Ar na meáin shóisialta, leagfaidh #YourCouncilDay béim ar ról na n-údarás áitiúil maidir le caighdeán maireachtála a chur chun cinn agus obair na mball foirne atá tiomanta agus paiseanta sna comhairlí áitiúla ar fud na tíre.

“Ar Lá do Comhairle, tá Comhairle Contae Dhún na nGall an-bhródúil as ár ról maidir le tionchar dearfach a imirt ar chaighdeán maireachtála daoine agus sin a chur chun cinn agus a cheiliúradh,” a dúirt an Príomh-Fheidhmeannach, John G. McLaughlin “Tá ár bhfoireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí agus ar cuairt sa chontae agus a chinntiú go mbeidh eispéireas an-dearfach acu agus iad anseo linn.    

Tá raon an-suntasach seirbhísí a fhaigheann tacaíocht agus feidhmiú ón rialtas áitiúil inár bpobail  agus ní áibhéil ar bith é a rá ach go bhfuil udarais áitiúla ag dul i bhfeidhm go dearfach ar shaol na ndaoine ar bhonn laethúil.

Tugann siad tacaíocht dúinn chun gníomhaíochtaí fóillíochta a dhéanamh, taitneamh a bhaint as chaithimh aimsire, páirt a ghlacadh i spóirt, taitneamh a bhaint as ár dtimpeallacht áitiúil.

Tugann an rialtas áitiúil tacaíocht ghníomhach fosta don saol laethúil, don chomaitéireacht agus do ghnó a dhéanamh ar mhaithe linn féin.”

Ar Lá do Comhairle, beidh údaráis áitiúla ag postáil ar líne ag úsáid #LádoChomhairle / #DoLásaChomhairle chun seirbhísí agus áiseanna  a phróifíliú, ár bhfoireann a chur in aithne do dhaoine, agus imeachtaí a chur chun cinn.

Lean muid ar Facebook, Instagram agus X nó bain úsáid as #LádoChomhairle / #DoLásaChomhairle le fáil amach céard atá ar siúl i nDún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)