Skip to main content

June

An Rás a Choinneáil ina Áit

Date: 17 Meith 2024

Bóithre

An Rás a Choinneáil ina Áit

Tá teachtaireacht ríthábhachtach maidir le sábháilteacht ar bhóithre eisithe ag Grúpa Oibre Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an Gharda Síochána chuig gach duine a fhreastalaíonn ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall chun "An Rás a Choinneáil ina Áit". Cuirfear tús leis an imeacht trí lá, a mheallann na mílte lucht féachana, Dé hAoine, 21 Meitheamh agus tugann sé deis iontach do Dhún na nGall na nithe is díol spéise a chur i lar an aonaigh.

Mar cheann de na himeachtaí railí is mó sa tír, tarraingíonn Railí Dhún na nGall na mílte cuairteoir a bhfuil fonn orthu sult a bhaint as an imeacht. Taobh amuigh den rás, beidh deis ag cuairteoirí fáil amach faoi dhraíocht agus áilleacht Dhún na nGall agus blaiseadh a fháil den fhlaithiúlacht ghnaíúil agus den atmaisféar bríomhar.

Iarrtar ar an lucht freastail timpeallacht chairdiúil, thaitneamhach agus shábháilte a chinntiú do gach duine agus meas a bheith acu ar chónaitheoirí áitiúla agus iompar frithshóisialta a sheachaint. Beidh líon mór Gardaí amuigh ag an deireadh seachtaine seo, agus tacaíonn Grúpa Oibre Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre go hiomlán lena gcur chuige maidir le haon duine a dhéanann neamhaird ar rialacha an bhóthair. Leagann an meabhrúchán seo béim ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht do gach úsáideoir bóithre le linn dheireadh seachtaine an railí.

Dúirt an Cigire Seamus McGonigle An Garda Síochána, “Is é Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall an ócáid ​​mhótair is mó in Éirinn, a mheallann na sluaite lucht féachana chuig gach staid den railí.  Tá plean mhór i bhfeidhm ag an nGarda Síochána chun an slua a choinneáil faoi smacht.  Iarrtar ar gach duine a fhreastalaíonn ar an railí agus a thugann cuairt ar Dhún na nGall thar an deireadh seachtaine cloí le treoracha an Gharda Síochána agus iad féin a iompar le meas agus cúram d’úsáideoirí bóithre eile.

Ar an drochuair, bhí iompar do-ghlactha agus contúirteach ar siúl ag mionlach beag ar na bóithre roimhe seo. Ní ghlacfar leis seo amach anseo, agus cuirfear plean cuimsitheach na nGardaí i bhfeidhm chun déileáil ar an toirt le ciontóirí ar bith”.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)

Mótarcháin 9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm (Tuesdays and Thursdays)