Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases > Irish Water hosting public information evening abo

28/09/18 Irish Water hosting public information evening about Falcarragh Sewerage Scheme upgrade

Irish Water is holding an information evening at Ionad Acmhainne, Baila an Athá, Ballina Estate, Falcarragh, on Monday, October 1 from 5.30-7.30pm to present plans for the Falcarragh Sewerage Scheme.

 

Irish Water is working to end the unacceptable practice of discharging poorly treated wastewater into Ballyness Bay by developing a new wastewater treatment plant as part of the Falcarragh Sewerage Scheme. The existing sewerage works were originally constructed in 1959 and consist of primary treatment only which is currently overloaded. This project will provide a modern sewerage scheme for Falcarragh.

 

The public are invited to attend the information evening to meet the project team and learn more about Irish Water’s plans to progress this important project. 

 

The practice of discharging poorly treated wastewater to Ballyness Bay is unsustainable. The new wastewater treatment plant will bring benefits to Falcarragh in terms of health, integrity of the environment and improved water quality for all. Cleaner water will enhance Falcarragh’s amenity value and act as a platform for social and economic development. The new pipes, pumping station and wastewater treatment plant have all been sized to accommodate an increase in the local population and will facilitate future growth in the area. The project will also ensure that the water quality standards set down by regulatory bodies will be achieved.

 

Anyone interested in receiving further information or in asking questions about this project are invited to attend the information evening.

 

 

Oíche faisnéise poiblí le seoladh ag Uisce Éireann maidir le huasghrádú Scéim Séarachais an Fháil Charraigh

 

Arna eisiúint an 26 Meán Fómhair 2018 - Seolfaidh Uisce Éireann oíche faisnéise san Ionad Acmhainne, Baile an Átha, Eastát Bhaile an Átha, an Fál Carrach, Dé Luain an 1 Deireadh Fómhair idir 5.30-7.30 p.m. chun pleananna a chur i láthair le haghaidh Scéim Séarachais an Fháil Charraigh.

 

Agus ionad nua cóireála fuíolluisce á fhorbairt aige mar chuid de Scéim Séarachais an Fháil Charraigh, tá Uisce Éireann ag obair chun deireadh a chur leis an gcleachtas do-ghlactha trína n-urscaoiltear fuíolluisce droch-chóireáilte isteach i mBá Bhaile an Easa. Ba sa bhliain 1959 a tógadh na hoibreacha séarachais atá ann cheana ar dtús. Ní chuirtear ach an phríomhchóireáil amháin i gcrích sna hoibreacha agus tá ró-ualach orthu faoi láthair. A bhuí leis an tionscadal, soláthrófar scéim séarachais nua-aimseartha don Fhál Carrach.

 

Tugtar cuireadh do dhaoine den phobal freastal ar an oíche faisnéise chun bualadh le foireann an tionscadail agus chun tuilleadh faisnéise a fháil faoina bhfuil beartaithe ag Uisce Éireann chun an tionscadal tábhachtach seo a chur ar aghaidh. 

 

Is neamh-inbhuanaithe an rud é an cleachtas trína n-urscaoiltear fuíolluisce droch-chóireáilte isteach i mBá Bhaile an Easa. Beidh an t-ionad nua cóireála fuíolluisce chun tairbhe don Fhál Carrach maidir le sláinte, le sláine an chomhshaoil agus le cáilíocht uisce níos fearr do gach duine. Agus uisce níos glaine le fáil ann, cuirfear le luach taitneamhachta an Fháil Charraigh agus beidh deis níos fearr ann le haghaidh forbairt shóisialta agus gheilleagrach. Dearadh na píobáin, an stáisiún caidéalúcháin agus an t-ionad cóireála nua chun freastal ar mhéadú sa daonra áitiúil, agus éascóidh siad fás amach anseo sa limistéar. Cinnteoidh an tionscadal freisin go mbainfear amach na caighdeáin cháilíochta uisce atá leagtha síos ag comhlachtaí rialála.

 

Tá fáilte roimh gach duine a bhfuil spéis acu i dtuilleadh faisnéise a fháil faoin tionscadal nó i gceisteanna a chur ina leith freastal ar an oíche faisnéise.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO