Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Release from Jan 2021 > Donegal Libraries Re-opening

11/05/21 - Donegal Libraries Re-opening - Wednesday 12th of May

 

 

 

Donegal County Council Library Service is delighted to announce a phased re-opening of libraries. The Council will review the situation regularly and may make changes to its service provision based on infection rates and public health advice.As part of the Council’s phased approach to re-opening and taking account of public health guidance, library opening hours have been reviewed. Details of new opening hours are available at www.donegallibrary.ie. The services available are:

 

Browse and Borrow

The Browse and Borrow service allows library members to physically enter a participating library for 15 minutes to browse through the stock and select their books and DVDs. The Browse and Borrow service will be available in the following 10 libraries: Central Library, Letterkenny, Milford Community Library, Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, Leabharlann Phobail Na Rosann, Buncrana Community Library, Carndonagh Community Library, Twin Towns Community Library, Lifford Community Library, Bundoran Community Library and Donegal Town Community Library.   We cannot offeraccess to computers, study facilities, research, or seating at the moment.

 

Contact and Collect

The Contact and Collect service is a way for library members to order books and other items and collect them from the library when they are available. Library members can place requests in the usual way - using our online catalogue, by email or by phone.  You can select specific titles or let library staff choose a few wild card surprises for you. Once the requested items have arrived, the library service will make contact to arrange collection during the new opening hours. The Contact and Collect service will operate at the libraries listed above.

 

Doorstep Delivery

We are also delighted to announce that our Doorstep Delivery Service will continue for those who cannot visit the library. To access this service please contact the Covid 19 Community Response Helpline at 1800 928 982 or email [email protected].  Books and other items can be delivered directly to your door so you do not have to miss out on your favourite authors.

 

Online Library

Our free online services continue to be available at www.donegallibrary.ie, where you can access a large range of eBooks, eAudiobooks, eMagazines, eNewpapers, online courses, Britannica Encyclopedia, literacy and health events, and lots more.

 

Access to these services is free of charge and if you are not already a library member you can join online at https://www.librariesireland.ie/join-your-library.

 

Library Returns

For those of you with library books at home we are happy to take returns when you visit the library, but please don’t be in a rush as we have temporarily extended loan periods and don’t charge overdue fines anymore.

 

Keeping everyone safe

In order to keep everyone safe we will have controlled access to buildings with a queue management system in place, where visitors must adhere to the current social distancing rules. Library members will need to bring their library card with them to borrow items through the self service system.  Children under 12 must be accompanied by an adult. Sanitisation stations will be available throughout the library and members of the public will be asked to follow all safety protocols, including wearing a mask. Provision of physical library services is dependent on public health guidance, and as such access to these services may change in line with this guidance.

 

We can’t wait to welcome you back and remember - your library transforms, enriches and inspires.

 

 

 

 

 

Athoscailt Leabharlanna Dhún na nGall –  Dé Céadaoin, 12ú Bealtaine

 

 

Tá áthas ar Sheirbhísí Leabharlanna Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh na leabharlanna á n-athoscailt arís.  Beidh athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag an Chomhairle ar chúrsaí agus d’fhéadfaí athruithe a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí bunaithe ar an chomhairle sláinte agus ar líon cásanna COVID-19.  Mar chuid de dhearcadh na Comhairle i leith cúrsaí athoscailte ar bhonn céimnithe agus ag cloí le treoracha sláinte poiblí, tá athbhreithniú déanta ar uaireanta oscailte na leabharlann. Tá sonraí na n-uaireanta oscailte úra le fáil ar www.donegallibrary.ie.  Is iad seo na seirbhísí atá ar fáil:

 

Brabhsáil agus Iasachta

Tugann an tseirbhís Brabhsáil agus Iasachta cead do bhaill na leabharlainne teacht isteach go dtí an leabharlann ar feadh 15 bomaite le brabhsáil a dhéanamh ar an stoc agus a gcuid  leabhar ná DVD a roghnú.  Beidh an tseirbhís Brabhsáil agus Iasachta ar fáil sna 10 leabharlanna seo a leanas: Lárleabharlann Leitir Ceanainn; Leabharlann Phobail Bhaile na nGallóglach; Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair; Leabharlann Phobail na Rosann; Leabharlann Phobail Bhun Cranncha; Leabharlann Phobail Charn Domhnach;  Leabharlann Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, Leabharlann Phobail Leifir; Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin agus Leabharlann Phobail Bhaile Dhún na nGall.   Níl  seirbhísí ríomhairí, aiseanna staidéar, taighde, ná áit suí ar fáil faoi láthair.

 

Glaoigh agus Bailigh

Is í an tseirbhís Glaoigh agus Bailigh an dóigh le leabhair agus míreanna eile a ordú agus iad a bhailiú ón leabharlann nuair atá siad ar fáil.  Is féidir le baill na leabharlann iarratas a dhéanamh mar is gnáth – ag baint úsáide as ár gcatalóg ar line, trí ríomhphost nó ar an ghuthán.  Thig leat teidil ar leith a roghnú nó lig d’fhoireann na leabharlainne cúpla ceann fánach a roghnú duit.  Nuair atá na míreanna ar fáil, beidh an tseirbhís leabharlainne i dteagmháil leat chun socraithe a dhéanamh faoi cá huair is féidir d’ordú a bhailiu le linn na n-uaireanta oscailte reatha.  Beidh an tseirbhís Glaoigh agus Bailigh ar fáil sna leabharlanna liostaithe thuas.

 

Seirbhís chun Tí

Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil ár Seirbhís chun Tí ag leanúint ar aghaidh dóibh siúd nach bhfuil ar a gcumas cuairt a thabhairt ar an leabharlann.

 

Chun an tseirbhís seo a úsáid cuir scairt ar an Líne Chabhrach Freagartha Pobail Covid-19  1800 928 982 nó seol ríomhphost chuig -.  Thig leabhair agus míreanna eile a sheachadadh díreach chun tí chugat agus ní bheidh tú ag cailleadh amach ar dóorogha údair.

 

Leabharlann ar líne

Tá ár seirbhísí ar líne saor in aisce ar fáil ar www.donegallibrary.ie, áit a dtig leat teacht ar réimse leathan de bhailiúcháin r-leabhar, r-clósleabhar, r-irísí, r-nuachtpháipéir, cúrsaí ar líne, ciclipéidí Brittanica, imeachtaí litríochta agus imeachtaí sláinte agus neart eile nach iad.

 

Thig teacht ar na seirbhísí seo saor in aisce agus muna bhfuil tú i do bhall leabharlainne, is féidir leat cláru ar líne ag -   https://www.librariesireland.ie/join-your-library.

 

Leabharthaí ar ais

Tuigeann muid go bhfuil leabharthaí sa bhaile ag daoine agus glacfaidh muid leo nuair atá sibh ar ais sa leabharlann.  Ná bíodh aon deifir oraibh mar go bhfuil síneadh ama ar thréimshe iasachta na leabhar agus ní ghearrtar fíneálacha thar téarma níos mó. 

 

Gach duine a choinneáil slán

Le gach duine a choinneáil slán, beidh smacht ar theacht ar agus imeacht ó fhoirgnimh agus beidh córas scuaine i bhfeidhm.  Ní mór do chuairteoirí cloí le scaradh sóisialta an t-am ar fad. 

 

Caithfear cárta leabharlainne a bheith le gach ball leabharlainne le míreanna a fháil ar iasacht fríd an chóras féinseirbhíse.  Caithfidh duine fásta a bheith in éineacht le páistí faoi 12.  Beidh Ionaid le lámha a ní ar fáil sa leabharlann ar fad agus beidh ar bhaill an phobail cloí le prótacail sábháilteachta, ina measc seo, caithfear clúdaigh aghaidhe a úsáid. 

 

Tá soláthar seirbhísí leabharlanna fisiceacha ag brath ar threoracha sláinte poiblí agus mar sin de thig athrú teacht ar rochtain na seirbhísí ar aon dul leis na treoracha seo.

  

Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh agus cuimhnigh – déanann do leabharlann do shaol a chlaochlú, a shaibhriú agus a spreagadh.  

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO