Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Release from Jan 2021 > Decade of Centenaries Digital Lecture Series.

16/06/21 - Decade of Centenaries Digital Lecture Series

 

It is with great pleasure that Donegal County Council Library Service announces their first ever digital lecture series on the theme of the Decade of Centenaries. The lecture series which runs from June to September will be free to everyone who registers on Eventbrite or contacts Central Library, Letterkenny.

 

The Decade of Centenaries Commemorations Programme Culture Division, Donegal County Council is supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media under the Decade of Centenaries 2012 -2023 Initiative.

 

Speaking about the lecture series, Senior Executive Librarian, Donna Cavanagh, said ‘Since 2012 the Cultural Division of Donegal County Council has delivered a comprehensive programme of events to commemorate the Decade of Centenaries which encompasses the history of Ireland between 1912 and 1923. The pandemic has forced us to think about alternative methods of delivery for these type of programmes. We are delighted to bring this lecture series which will consist of in depth and engaging lectures by highly regarded historians available online and for free. This programme provides us with an opportunity to focus on the everyday experience of ordinary people living in extraordinary times and and encompass the different cultural, political and religious traditions throughout the island of Ireland.’

 

The topic, lectures and release dates are as follows:

 

 

Thursday 24th June at 7.00pm

Liz Gillis (author and historian) ‘Children during the War of Independence’

 

 

Thursday 15th July at 7.00pm

Myles Dungan, presenter of RTE’s isatoryt Hi History Show ‘What did you do in the War of Independence, Grandad?’ 

 

 

Thursday 9th September at 7.00pm

Sinead McCoole (author and historian) ‘How to Research and Write an Irish Family History’

 

Tickets for these three events are free but must be booked through Eventbrite approximately ten days before the event. Contact Central Library Letterkenny for more information.

 

 

Thursday 22nd July at 7.00pm

Kieran Kelly (author and local historian)From Nationalism to Republicanism - Letterkenny in the Decade of Change’

  

Thursday 29th July at 7.00pm

Professor Edward Burke (AssistantProfessor in International Relations, Director of Conflict, Security and Terrorism, Faculty of Social Sciences at Nottingham University) “Closing the Gates: Loyalist Paramilitaries and Resistance in County Donegal, 1920-1923”

  

Thursday 16th September at 7.00pm

Helen Meehan (author and local historian) “The History and legacy of Cumann na mBan in Donegal”

 

Thursday 23rd September at 7.00pm

Dr Niamh Hamill (author and historian) “Broken Promises – Nationalism, Gender and the New Republic’

 

Thursday 30th September at 7.00pm

Seosamh O Ceallaigh (author and local historian) ‘The War of Independence in Cloughaneely’

 

 

These lectures are free of charge and can be viewed online on the dates specified at Donegal County Council YouTube channel. Please contact Central Library for the link.

  

The information and schedule for all the events can be found on our library website www.donegallibrary.ie ‘What’s On’ calendar and you can follow Donegal County Library on Facebook and Twitter. For further information on all Decade of Centenaries events contact Central Library on 074 91 24950.

   

For more information on library events visit http://www.donegallibrary.ie/whatson/    

 

 

 

 

 

Deich mBliana na gCuimhneachán – Sraith Léachtaí Digiteacha

 

Is mór an pléisiúr do Chomhairle Contae Dhún na nGall a gcéad sraith léachtaí digiteacha a fhógairt arb é Deich mBliana na gCuimhneachán a dtéama. Beidh an tsraith léachtaí, a bheidh ar siúl ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair, saor in aisce do gach duine a chláraíonn ar Eventbrite nó a dhéanann teagmháil leis an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn.

 

Tá tacaíocht faighte ag Rannóg an Chultúir do Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, Comhairle Contae Dhún na nGall, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin tionscnamh Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

 

Ag labhairt di faoin tsraith léachtaí, dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin:

 

‘Ó bhí 2012 ann, tá clár cuimsitheach imeachtaí a chuimsíonn stair na hÉireann idir 1912 agus 1923 curtha ar fáil ag Rannóg an Chultúir, Comhairle Contae Dhún na nGall, chun Deich mBliana na gCuimhneachán a chomóradh. Mar gheall ar an phaindéim, bhí orainn smaoineamh ar bhealaí eile chun cláir den chineál seo a chur ar fáil. Tá lúcháir orainn an tsraith léachtaí seo a chur ar fáil; sraith ina dtabharfaidh staraithe a bhfuil an-mheas orthu léachtaí doimhne tarraingteacha a bheidh ar fáil saor in aisce ar líne. Sa chlár seo, tugtar deis dúinn díriú ar ghnáth-thaithí gnáthdhaoine agus iad ag maireachtáil le linn tréimhse neamhghnách agus cuimsítear ann na traidisiúin éagsúla chultúrtha, pholaitiúla agus reiligiúnacha ar fud oileán na hÉireann.’

 

Is iad seo a leanas na topaicí, na léachtaí agus na dátaí eisiúna:

 

 

Déardaoin, 24 Meitheamh ag 7.00pm

Liz Gillis (údar agus staraí) ‘Children during the War of Independence’ ('Páistí le linn Chogadh na Saoirse’)

  

Déardaoin, 15 Iúil ag 7.00pm

Myles Dungan, láithreoir an tseó staire What did you do in the War of Independence, Grandad? ar RTÉ

 

Déardaoin, 9 Meán Fómhair ag 7.00pm

Sinead McCoole (údar agus staraí) ‘How to Research and Write an Irish Family History’ ('Conas Taighde a Dhéanamh agus Scríobh ar Stair Muintire Éireannaí)

 

Tá ticéid do na trí imeacht seo saor in aisce agus ní mór iad a chur in áirithe trí Eventbrite thart ar dheich lá roimh an imeacht. Déan teagmháil leis an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, le tuilleadh eolais a fháil.

 

 

Déardaoin, 22 Iúil ag 7.00pm

Kieran Kelly (údar agus staraí áitiúil) ‘From Nationalism to Republicanism - Letterkenny in the Decade of Change’ ('Ó Náisiúnachas go Poblachtachas - Leitir Ceanainn le linn Dheich mBliana an Athraithe')

 

Déardaoin, 29 Iúil ag 7.00pm

An tOllamh Edward Burke (Ollamh cúnta le Caidreamh Idirnáisiúnta, Stiúrthóir ar Choimhlint, Slándáil agus Sceimhlitheoireacht, Dámh na nEolaíochtaí Sóisialta ag Ollscoil Nottingham) 'Closing the Gates: Loyalist Paramilitaries and Resistance in County Donegal, 1920-1923' ('Ag Dúnadh na nGeataí: Paraimíleataigh Dhílseacha agus Frithbheartaíocht i gContae Dhún na nGall, 1920-1923')

 

Déardaoin, 16 Meán Fómhair ag 7.00pm

Helen Meehan (údar agus staraí áitiúil) 'The History and legacy of Cumann na mBan in Donegal' ('Stair agus Oidhreacht Chumann na mBan i nDún na nGall')

 

Déardaoin, 23 Meán Fómhair ag 7.00pm

An Dr Niamh Hamill (údar agus staraí) 'Broken Promises – Nationalism, Gender and the New Republic’ ('Gealltanais a Briseadh - Náisiúnachas, Inscne agus an Phoblacht Nua')

 

Déardaoin, 30 Meán Fómhair ag 7.00pm

Seosamh O Ceallaigh (údar agus staraí áitiúil) ‘The War of Independence in Cloughaneely’ ('Cogadh na Saoirse i gCloich Chionnaola')

 

 

Tá na léachtaí seo saor in aisce agus is féidir amharc orthu ar líne ar na dátaí a luaitear ar chainéal YouTube Chomhairle Contae Dhún na nGall. Déan teagmháil leis an Lárleabharlann chun an nasc a fháil, le do thoil.

 

Is féidir teacht ar an eolas agus an sceideal do gach imeacht ar shuíomh gréasáin ár leabharlainne, www.donegallibrary.ie (féilire ‘Imeachtaí’) agus féadfaidh tú Leabharlann Chontae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook agus ar Twitter. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Dheich mBliana na gCuimhneachán, cuir glao ar an Lárleabharlann ar 074 91 24950.

  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí leabharlainne, tabhair cuairt ar

http://www.donegallibrary.ie/whatson/

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO