Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Roghanna Tithíocht Shóisialta > Tacaíocht Airgid Covid 19

Tacaíocht airgid maidir le Tithíocht (Fógra Covid-19)

Fógra Poiblí maidir le tionóntachtaí HAP, agus COVID-19.

 

 

Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 agus ar na fógraí a rinne an Rialtas ar na mallaibh, chomh maith leis na srianta atá á gchur i bhfeidhm acu chun cosc a chur ar spréadh Covid-19, cuirtear an t-eolas seo a leanas ar fáil do thionóntaí HAP, chun leanúnachas na dtionóntachtaí HAP a chinntiú: 

 

Muna gcuireann na srianta atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair chun cosc a chur ar spréadh an víris aon athrú ar chúinsí airgeadais an tionónta HAP, níor chóir go mbeadh aon athrú ar oibriú na scéime - leanfar ar aghaidh le híocaíochtaí HAP a dhéanamh leis na tiarnaí talún agus leanfar ar aghaidh ag bailiú an cíos difreálach ó na tionónta;

 

Má thagann aon athrú ar chúinsí airgeadais an tionónta HAP mar gheall ar srianta COVID-19, ba chóir do na tionontaí sin teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta agus iarratas a dhéanamh ar na tacaíochtaí ábhartha (nasc chuig an leathanach gréasáin ábhartha anseo);

 

Chun nach mbeidh ort dul chuig oifig an udarais áitiúil, ní mór duit na cáipéisí a fuair tú ón DEASP a scanadh nó grianghraf a ghlacadh díobh agus iad a sheoladh ar aghaidh chuig d’údarás áitiúil mar chruthúnas go bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí airgeadais agus sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir;

 

 Tá gach seans go mbeidh titim ar líon na mball foirne san údarás áitiúil agus má tharlaíonn sin, is cosúil go mbeidh moill ar mhéideanna difreálacha cíosa a leasú – ach ní  dhéanfaidh sé seo difear d’íocaíocht HAP le do thiarna talún;

 

Déanfaidh d’údarás áitiúil riaráistí cíosa difreálacha a charnóidh i ndiaidh duit doiciméid DEASP a chur isteach a athmheas agus a cheartú in am trátha - ní dhéanfaidh sé seo difear d’íocaíocht HAP le do thiarna talún fad is atá srianta COVID-19 i bhfeidhm.

 

 

 

Ar mhaithe le teagmháil dhíreach a laghdú, ba cheart do thionóntaí HAP seiceáil lena n-údarás áitiúil sula dtéann siad isteach chucu mar seans go dtiocfadh leo an gnó a dhéanamh leo ar an ghuthán nó go leictreonach.

 

 

 

Aithníonn an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an brú ollmhór atá ar thiarnaí talún agus tionóntaí maidir le géarchéim Covid-19 agus tá sé ag obair le húdaráis áitiúla agus le hIonad Seirbhísí Comhroinnte HAP chun a chinntiú go leanfar le tionóntachtaí HAP le linn na tréimhse seo.