Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Ní mór don tiarna talún an chóiríocht phríobháideach ar cíos ar chlárú leis an Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha agus an táille chlárúcháin íoctha. Ní mór gach clárú a athnuachan tar éis 4 bliana, ach má thagann athrú ar an tionóntacht le linn na tréimhse sin beidh feidhm ag táille chlárúcháin nua. 

 

De réir théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha 2004 ní mór do thiarnaí talún:

 

  • ligean don tionónta taitneamh a bhaint as áitiú síochánta agus eisiach,
  • deisiúcháin a dhéanamh, faoi réir ag dliteanas tionónta as damáiste lastall de ghnáthchaitheamh agus de ghnáthchuimilt,
  • an teaghais a árachú, faoi réir ag an árachas a bheith ar fáil ar chostas réasúnta,
  • pointe teagmhála a chur ar fáil,
  • éarlaisí a aisíoc go prap mura bhfuil cíos iníoctha nó damáiste ann anuas ar ghnáthchaitheamh agus ar ghnáthchuimilt,
  • caiteachas ar dheisiúcháin as a mbíonn an tiarna talún freagrach a aisíoc do thionóntaí,
  • oibleagáidí tionóntaí a fhorfheidhmiú, 
  • gan pionós a ghearradh ar thionóntaí as gearáin a dhéanamh ná as gníomh a ghlacadh chun a gcearta a fhorfheidhmiú.

 

Tá tuilleadh forálacha ann san acht maidir le téarmaí cíosa agus daingneacht tionachta.

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise tabhair cuairt ar www.PRTB.ie