Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Eolas fá choinne Sealbhóirí Tí > Athchúrsáil cois colbha

Athchúrsáil cois colbha

 

 

 

Tá 40% dá gcuid dramhaíola á athchúrsáil anois ag teaghlaigh i nDún na nGall!

 

Bhí tionchar suntasach ag tabhairt isteach na hAthchúrsála Cois Colbha ag bailitheoirí príobháideacha dramhaíola ar líon na dteaghlach agus na líonta tí atá ag glacadh páirte san athchúrsáil. Tá méadú leanúnach ar an ráta athchúrsála i gContae Dhún na nGall ó tháinig na boscaí agus málaí bruscair athchúrsála isteach den chéad uair, agus is é 40% an ráta anois.

 

Thig leat na hábhair seo a leanas a athchúrsáil i do bhosca áthchúrsála cois colbha; páipéar, irisí, cairtchlár, gabhdáin phlaisteacha, cannaí alúmanaim agus miotail. Faoin chóras seo, táthar in ann na hábhair seo a bhailiú go díreach ón teaghlach nó ón líon tí sa dara bosca bruscair le rothaí, nó i mála réamh-íoctha. Dá bharr seo, beidh an athchúrsáil níos fusa don teaghlach agus don líon tí.

 

Fá choinne níos mó sonraí ar bhoscaí athchúrsála agus ar mhálaí athchúrsála i do cheantarsa déan teagmháil leis an bhailitheoir bruscair áitiúil.

 

Faoiseamh Cánach ar Tháillí Boscaí Bruscair - Íos-Ghlao 1890 777 425

 

An raibh a fhios agat gur féidir le faoiseamh cánach a fháil ar na táillí boscaí bruscair a íocann tú gach bliain?

 

Is féidir cáin a éileamh ar ais ar tháillí bliantúla agus ar chlibeanna réamh-íoctha, níl gá le fáltais.

 

Le d'éileamh a dhéanamh buail isteach chuig Oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim nó déan teagmháil le Íos-Ghlo 1890 777 425 agus luaigh d'uimhir P.P.S.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO