Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Eolas fá choinne Gnólachtaí > Dramh-Phacáistiú

Gnólachtaí agus Dramhaíl Phacáistíochta

 

Cuireann na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistíocht) 2007 dualgais ar gach gnólacht (a dtagraítear dóibh mar ‘Táirgeoirí’) a chuireann pacáistíocht, ábhar pacáistíochta nó táirgí pacáistithe ar an mhargadh in Éirinn.

 

• Ní mór do gach táirgeoir aon dramhaíl phacáistíochta a tharlaíonn ar a gcuid áitreabh a scaradh, agus a chinntiú go ndéantar é a athchúrsáil nó go n-aisghabhfaidh oibritheoirí údaraithe é.

 

• Níor chóir d’aon táirgeoir aon phacáistíocht a sholáthar mura bhfuil sin ag teacht leis na ‘Ceanglais Fhíor-Riachtanacha’. Tá na ‘Ceanglais Fhíor-Riachtanacha’ ceaptha go sonradh chun aon iarmhairtí timpeallachta a d’fhéadfadh a bheith ag an phacáistíocht a laghdú, agus leis an róphacáistíocht a sheachaint. Ba chóir meáchan agus toirt na pacáistíochta a choinneáil a bheith chomh híseal agus chomh beag agus atá riachtanach don tsábháilteacht, don tsláinteachas agus le haghaidh glacadh an táirge atá pacáilte. Ní mór don phacáistíocht a bheith in-aisghafa, agus é a bheith fóirsteanach don athchúrsáil, aisghabháil fuinnimh, múiríniú, nó athúsáid má tá sé ceaptha le haghaidh na hathúsáide. Níor chóir go mbeadh níos mó ná 100 páirt i gcoinne gach milliúin d’ábhair shainithe dhochracha, agus ba chóir an iarmhairt is lú agus is féidir a bheith aige ar an timpeallacht ag deireadh a ré i ndiaidh é a athchúrsáil nó a aisghabháil.

 

 • Aon táirgeoir a bhfuil láimhdeachas níos mó ná €1m acu, agus a chuireann níos mó ná 10 dtonna de phacáistíocht ar an mhargadh in Éirinn aicmítear iad mar Mhór-Tháirgeoirí, agus tá dualgas breise orthu siúd rogha a dhéanamh idir clárú le Repak nó clárú lena n-Údarás Áitiúil (féin-chomhlíonadh)

 

MÓR-THÁIRGEOIRÍ 

Más Mór-Tháirgeoir thú, gabh i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall agus cuir do stádas in iúl dóibh.

Tá rogha ag Mór-Tháirgeoirí:

(1)     Clárú le Repak, an Scéim Comhlíontachta maidir le Pacáistíocht in Éirinn. Má tá tú cláraithe mar bhall de Repak ligfidh sin duit do chuid dualgas a chomhlíonadh faoi na Rialacháin. Tá gá le clárú ar bhonn bliantúil. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála le haghaidh Repak:

Repak Limited

Red Cow Interchange Estate

1 Bóthar Chnoc an Mhóta

Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

Guthán: 01 - 467 0190

Suíomh Idirlín: www.repak.ie

 

(2)   Féin-Chomhlíonadh

Má roghnaíonn tú le féin-chomhlíonadh a dhéanamh, ní mór duit:

·         Clárú le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le gach áitreabh agus táille chuí bhliantúil a íoc. Is iad na táillí bliantúla ná €15 an tonna de phacáistíocht atá curtha ar fáil, faoi réir ag íosmhéid de €500 agus uasmhéid de €15,000.

·         Dramhaíl phacáistíochta a bhailiú agus a aisghabháil i d’áitreabh mar a dhéantar le pacáistíocht a chuirtear ar an mhargadh in Éirinn de réir na spriocanna atá leagtha síos sna Rialacháin.

·         Fógra a chur in airde in áit atá sofheicthe ag cur in iúl go bhfuil an tseirbhís ‘Tabhair ar ais’ ar fáil ar d’áitreabh.

·         Na háiseanna ‘Tabhair ar ais’ a fhógairt go poiblí faoi dhó sa bhliain i nuachtán atá ar díol go forleathan taobh istigh de limistéar feidhme an Údaráis Áitiúil.

·         Tuairiscí ráithiúla agus bliantúla a chur isteach maidir le pacáistíocht, chomh maith le plean a dhéantar a leasú gach trí bliana, ag cur in iúl cad é mar a chomhlíonfaidh tú na Rialacháin.

·        Socruithe a dhéanamh leis an phacáistíocht a thógail taobh istigh de sheachtain amháin i ndiaidh iarratas a fháil ó aon duine a mbíonn an Mór-Tháirgeoir ag soláthar dó.  

·         Aon Mhór-Tháirgeoir ar iompórtálaí táirgí pacáistithe é, nó ar pacálaí/líontóir é, tá dualgais bhreise air faoi Alt 11 de na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistíocht) 2007.  

Tá cuntas sa doiciméad seo ar na Rialacháin – ní mhaítear gur sainmhíniúchán dleathach atá ann i dtaca le ciall ná éifeachtaí na Rialachán. Gabh chuig http://www.irishstatutebook.ie/2007/en/si/0798.html fá choinne tuilleadh eolais.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO