Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Liosta na Struchtúr faoi Chosaint

Liosta na Struchtúr faoi Chosaint

Cúlra i dtaca leis na Struchtúir Bhreise atá beartaithe

Tá 377 struchtúr ar Liosta na Struchtúr faoi Chosaint i gContae Dhún na nGall i láthair na huaire. Is in 2007 a cuireadh cinn bhreise go deireanach leis an Liosta. Le 5 bliana anuas tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag rolláil amach an Liosta Náisiúnta um Oidhreacht Ailtireachta (NIAH) do Dhún na nGall.  Déanann Suirbhé NIAH Dhún na nGall oidhreacht ailtireachta iar-1700 a aithint, a thaifeadadh agus a luacháil, ar bhonn aonfhoirmeach agus seasmhach, chun cuidiú lena cosaint, agus aithníonn sé rogha ionadaíoch den oidhreacht ailtireachta i nDún na nGall. Tá an suirbhé curtha faoi bhráid na Comhairle i gcéimeanna agus tá breis agus 3,000 struchtúr aonair i gceist, ach ba chóir a thuigbheáil nach bhfuil an suirbhé curtha i gcrích ina iomláine go fóill sa mhéid is go bhfuil ceantracha tuaithe fá Cheantracha Bardais na nGleannta agus Bhaile na nGallóglach, mar a bhí, le críochnú go fóill. Tá an tAire ag úsáid próiseas seo an NIAH mar mheicníocht le moltaí a dhéanamh do Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le struchtúir ar leith nó codanna nó gnéithe ar leith de struchtúir áirithe a chur lena Liosta de Struchtúir faoi Chosaint, mar atá ceadaithe di faoi Alt 53 de na hAchtanna Pleanála agus Forbartha. Is é atá sa liosta breise seo, mar atá beartaithe, an chéad chéim i dtreo cur i bhfeidhm mholtaí an Aire.

 

Nósanna Imeachta

Tá fógra tugtha d’úinéirí / shealbhóirí aonaracha, nó sa chás nach rabhthas in ann na sonraí sin a aimsiú, tá fógra curtha in airde ar an struchtúr/na struchtúir atá i gceist.

 

Chomh maith leis na sonraí atá ar an suíomh idirlín seo, tá Sceidil ábhartha curtha ar fáil in oifigí agus i leabharlanna de chuid na Comhairle.  Is féidir na struchtúir bhreise atá molta a fheiceáil ach cliceáil ar na naisc thíos:

 Léarscáil idirghníomhach ag taispeáint suíomhanna na struchtúr breise atá beartaithe

 

 

1.    Ceantar Bardais Dhún na nGall

1a.   Béal Átha Seanaidh

1b.   Baile Dhún na nGall

1c.   Na Cealla Beaga

1d.   Ceantar Bardais Dhún na nGall (cuid eile atá fágtha)

 

2.    Ceantar Bardais na nGleanntach

 

3.    Ceantar Bardais Shrath an Urláir

3.a   Bealach Féich / Srath an Urláir

 

4.    Ceantar Bardais Inis Eoghain

4.a   Carn Domhnach

4.b   Ceantar Bardais Inis Eoghain (atá fágtha)

 

5.     Ceantar Bardais Leitir Ceanainn

 

Tá fógraí nuachtáin foilsithe ar fud an chontae leis an phobal a chur ar an eolas faoin togra.

 

Imeachtaí Buail Isteach

Tá sraith imeachtaí Buail Isteach socraithe ag a mbeidh Oifigeach Caomhantais na Comhairle i láthair chun plé le ceisteanna nó aon imní atá ann i dtaca leis an togra seo.

 

 

Dáta

Am

Áit

Dé Luain 3 Aibreán

2pm - 5pm:

Ionad Fiontraíochta an Base, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir

Dé Máirt 4 Aibreán

9.30am-12.30pm

Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn

Déardaoin 6 Aibreán

9.30am-12.30pm

Ionad Seirbhíse Poiblí Dhún na nGall

Dé hAoine 7 Aibreán

9.30am-12.30pm

Ionad Seirbhíse Poiblí Charn Domhnach

 

 

Is féidir le duine ar bith aighneachtaí / tuairimí a dhéanamh i scribhinn chuig an seoladh thíos faoi seo maidir le haon cheann de na struchtúir, laistigh den tréimhse 7 seachtaine ón Aoine 24 Márta 2017 go dtí An Aoine 12 Bealtaine, 2017.  Caithfidh an Chomhairle ansin an cinneadh deiridh a ghlacadh i dtaca leis na struchtúir bhreise, nó eile, laistigh de thréimhse bhreise de 12 sheachtain ó dheireadh na tréimhse 7 seachtaine thuasluaite (i.e. Caithfear an cinneadh roimh an Déardaoin 3 Lúnasa, 2017, ar a dhéanaí).

 

 

Liosta na Struchtúr faoi Chosaint - Struchtúir bhreise atá molta 2017

An tAonad Lárphleanála,

An Stiúrthóireacht Pobail, Fiontar agus Seirbhísí Pleanála,

Comhairle Contae Dhún na nGall

Teach an Chontae,

An Chearnóg, Leifear

Co. Dhún na nGall.