Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Forbairt Mhídhleathach

Forbairt Phleanála Mhídhleathach

Más mian leat scéala a chur chugainn faoi fhorbairt neamhúdaraithe atá ar siúl, bheimis buíoch duit an Foirm ar fhorbhairt nár údaraíodh seo a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais chuig Áras an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, nó í a chur trí ríomhphost chuig [email protected]

Réamhrá

De réir na riachtanas reachtúil faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 - 2017, féachfaidh an tÚdarás Pleanála le forbairtí neamhúdaraithe a chosc.

Forbairt Neamhúdaraithe

 Is é atá i bhforbairt neamhúdaraithe ná forbairt a dhéantar gan chead cuí a fháil nó forbairt nach bhfuil á déanamh de réir an cheada a tugadh.

Feidhmeanna

Fiosróidh an tÚdarás Pleanála gach gearán scríofa a gheofar i dtaca le forbairtí neamhúdaraithe.

Nós Imeachta i dtaca le Fógra Forfheidhmithe

Litir Rabhaidh le heisiúint laistigh de 6 seachtaine ón dáta a fhaightear an scéala.
(Is féidir í seo a eisiúint i gcás forbairt neamhúdaraithe atá á déanamh, nó déanta cheana féin, nó beartaithe a dhéanamh).
An tÚdarás Pleanál le cinneadh a dhéanamh cé acu rachaidh siad i mbun gníomh forfheidhmithe nó nach rachaidh.
Fógra Forfheidhmithe, le heisiúint laistigh de 12 seachtaine ón dáta ar a n-eisítear an Litir Rabhaidh.
Fiosrú ina dhiaidh lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an Fhógra (más gá).

Pionóis as Cionta


Tá na pionóis as cionta éagsúla leagtha síos in Alt 156 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), mar seo a leanas

ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000,000, nó tréimhse príosúnachta nach fada ná 2 bhliain, nó an dá phionós le chéile, 
                nó
ar chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £5,000.00, nó tréimhse príosúnachta nach fada ná 6 mhí, nó an dá phionós le chéile.
Ní chuirfear cás cúirte i gcoinne duine faoin Acht seo níos moille ná 7 mbliana ón dáta a líomhnaítear go ndearnadh an cion.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO