Tá soláthar déanta san Acht Pleanála agus Forbartha 2000 chun comhairliúcháin réamhphleanála a dhéanamh. Is féidir le daoine a bhfuil a leithéid á lorg acu coinne a dhéanamh le haghaidh comhairliúcháin san Ionad Seirbhísí Pobail áitiúil. Beidh clinicí pleanála ar siúl gach Máirt sna hionaid seo a leanas:
Toghcheantar na nGleanntach : Ionad Seirbhísí Pobail an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath
Suíomh na forbartha atá beartaithe [arna aithint go cruinn trí thagairt a dhéanamh do léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis]
Liosta daoine a bhfuiltear ag súil leo a bheith i láthair ag an chruinniú réamhphleanála.
Seicliosta
An bhfuil léarscáileanna, leaganacha amach agus grianghraif den togra curtha ar fáil? Ba chóir an suíomh a aithint ar bhonn Suirbhéireachta Ordanáis.
Liostaigh na sonraí ábhartha a bhaineann leis an suíomh (m.s. aicmiú tírdhreacha, sealúchais ag críochantacht leis, gné seandálaíochta etc.).
Liostaigh na polasaithe/cuspóirí ábhartha sa phlean forbartha atá bainteach leis an togra (e.g. Polasaí Tithíochta Tuaithe, Iltithíocht le pointí rialaithe).
Liostaigh ceisteanna an iarratasóra/an ghníomhaire atá le soiléiriú i dtaca leis na polasaithe/cuspóirí thuas (e.g. rófheiceálacht, tionchar ar phríobháideachas / suite os cionn sealúchais in aice láimhe).
Nuair is fóirsteanach, ba chóir líníochtaí a chur ar fáil roimh ré.
NÍ DHÉANTAR CUAIRTEANNA SUÍMH I DTACA LE FIOSRÚCHÁIN RÉAMHPHLEANÁLA DO THITHE AONAIR.
NÍ CHUIRTEAR CRUINNITHE RÉAMHPHLEANÁLA AR FÁIL NUAIR A BHÍONN SUÍOMH Á CHUR AR CEANT
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries