Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Caomhnú > Deontais do Structúir faoi Chosaint

Deontais do Structúir faoi Chosaint

 

Sruth d’aghaidheanna siopaí Gaeilge

 

San am atá thart, bhíodh comharthaí Gaeilge le feiceáil go coitianta inár mbailte is sráidbhailte, ach is annamh a fheictear iad anois, cuid acu mar chomhartha go bhfuil siopa druidte le blianta fada. Tagann cuid acu chun solais arís le linn obair athchóirithe agus oibreacha eile ar shiopaí atá ann cheana féin -  rud a chuireann stair an fhoirgnimh i gcuimhne dúinn. Féachann an ciste úr seo leis na seanchomharthaí smolchaite seo a thabhairt ar ais ina steillbheatha arís.

 

I ndiaidh dó €3m a fhógairt ar na mallaibh fá choinne 85 tionscadal oidhreachta tógtha ar fud na tíre  faoi Chiste na bliana seo um Struchtúir Stairiúla (HSF), tá cuireadh á thabhairt inniu ag an Aire Stáit

Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD, d’iarratais nua faoin sruth d’aghaidheanna siopaí Gaeilge faoin Chiste.

 

Tá an sruth maoinithe seo de €100,000 ann chun tacú le haghaidheanna siopaí traidisiúnta i nGaeilge a chaomhnú. Cuirfear deontais aonair idir €15,000 agus €50,000 ar fáil fá choinne tograí incháilithe, a bhfuil mar chuid díobh oibreacha athchóirithe agus caomhnaithe ar facade, ar fhuinneoga agus ar chomharthaí a bhfuil stair agus traidisiún ag baint leo.

 

Le cáiliú, ní mór go mbeadh na struchtúir liostaithe ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint de chuid an údaráis áitiúil chuí, nó incháilithe chuige sin.

 

Is gá iarratais chuig an Chiste um Struchtúir Stairiúla 2021, faoin sruth d’aghaidheanna siopaí Gaeilge, a dhéanamh trí ríomhphost chuig [email protected] faoi 4.30pm Dé Luain 8 Meitheamh 2021.

 

Cliceáil ar an nasc seo a leanas don fhoirm iarratais:

Agusín Foirm Iarratais A

 

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil leis an Oifigeach Caomhantais ar [email protected]

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO