Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bóithre > Speicis Choimhthíocha

Clár Cóireála um Speicis Choimhthíocha Ionracha (Glúineach bhiorach)

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt faoi Chlár Cóireála 4 bliana um Speicis Choimhthíocha (Glúineach bhiorach) ar bhóithre poiblí thart timpeall an chontae.

 

Sa chead dul síos, is tri ghníomhaíochtaí na ndaoine a scaiptear na speicis choimhthíocha ionracha ar dtús agus ansin atáirgeann siad agus maireann siad taobh amuigh dá limistéar dúchasach féin.  Bíonn tionchair dhiúltacha ag na speicis seo ar éiceolaíocht na háite ina bhfuil ag fás anois agus nuair a bhíonn siad ag fás in aice carrbhealaí, is féidir leis na speicis seo bac a chur ar línte radhairc, damáiste a dhéanamh d’infreastruchtúr na mbóithre trí fhás suas fríd an t-asfalt ar imeall an bhóthair agus fás suas fríd struchtúir eile chomh maith.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Speicis Choimhthíocha  Ionracha cliceáil anseo.

 

 Tuairiscigh go bhfacthas ar bhóthar poiblí é

 

Má tá eolas agat faoi aon chineál de speicis ionracha coimhthíocha lena n-áirítear glúineach bhiorach ag fás ar bhóthar poiblí, déan tuairisc air trí theagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

 

Tuairiscigh Ar Líne é ag www.donegalcoco.ie 

Trí ríomhphost: [email protected]

Ar an bhfón: 074 91 53900

 

Clár Cóireála Speicis Choimhthiocha Ionracha 4 Bliana

Tá an Chomhairle ag bailiú eolais faoi láthair ar cé chomh forleathan is atá an Ghlúineach bhiorach ag fás ar na bóithre poiblí sa chontae. 

 

 

 

 

Tuigtear go gcaithfear cóireáil a chur ar an Glúineach bhiorach i ngach áit ina bhfuil sí ag fás agus sin a dhéanamh ar feadh ceithre bliana ar a laghad chun lámh an uachtarach a fháil uirthi.   

 

Tá am na cóireála ríthábhachtach, mar atá an lotnaidicíd atá le húsáid sa chóireáil agus de réir cosúlachta, is mall sa séasúr, díreach sula dtagann codladh geimhridh air, an t-am is éifeachtaí.

 Is é príomhchuspóir an rialaithe na díothú iomlán a dhéanamh trí dhíriú ar an riosóim faoi thalamh agus ní amháin ar na codanna sin ag gobadh os cionn na talún.

 

Tá sé mar aidhm againn conraitheoir a cheapadh in am do chlár cóireála a bheas ag toiseacht i Meán Fómhair 2016 agus beidh gá le trealamh speisialaithe a úsáid d’fhormhór na inmhíolú.

 

Infrastruchtúr Iompair  Éireann

 

Thug Infrastruchtúr Éireann (TII) clár díothaithe isteach le cur i bhfeidhm ar bhóithre náisiúnta roghnaithe in 2016 agus tá sé beartaithe acu cóireáil a dhéanamh ar an inmhíolú ar bhealaí iomlána agus tá Dún na nGall san áireamh don chéad babhta oibre. Reáchtálfar an clár seo taobh le taobh le clár cóireála Chomhairlí Contae Dhún na nGall ar bhóithre neamhnáisiúnta. D'eisigh Infrastruchtúr  Iompair Éireann (TII) Réamhfhógra chuig úinéirí talún maidir leis an chlár seo.

 

 

 

Ag aon áit eile

Má tú ar an eolas faoi aon chineál speiceas choimhthíoch in áit ar bith eile ba chóir duit a leithead a chur in iúl do Speicis Ionracha na hÉireann.

 

Cé go spréann an t-inmhíolú thar thailte poiblí agus príobháideacha araon, níl aon údarás ag an Chomhairle cóireáil a dhéanamh ar inmhíolú ar thailte príobháideacha.

 

 

I gcásanna ina gceaptar gur tháinig an t-inmhíolú ó thaobh an bhóthair agus uaidh sin gur spré sé go tailte príobháideacha, déanfaidh an Chomhairle teagmhail leis an úinéir talún chun a chead a fháil sa dóigh is gur féidir deileáil leis an inmhíolú  ag an aon am amháin. 

 

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an fhadhb seo ar thalamh príobháideach tabhair cuairt ar www.invasivespeciesireland.com

 

 

Ná gearrtar plandaí

 

Cuirfear comharthaíocht in airde ag gach láithreán inmhíolaithe chun stop a chur le scaipeadh na bplandaí seo. Scaiptear an ghlúineach bhiorach ó bhlúirí plandaí agus tá easpa eolais ar an phlanda seo acu siúd atá ag gearradh fálaithe ar thaobh an bhóthair ag cur leis an fhadhb.  Chuige sin, beidh cosc ar a ngearradh agus cuirfear sin in iúl tri chomharthaíocht a chur in airde i ngach ait a bhfuil an planda coimhthíoch seo ag fás. 

 

 

IAPS Signage 379 x 269

 

Sin ráite, beidh sé riachtanach leanúint ar aghaidh ag gearradh siar fálta is cuma má tá nó nach bhfuil an planda coimhthíoch seo ag fás iontu go hairithe má tá siad ag cothú deacrachtaí ar na línte radhairc  nó ag cruthú bagairt de chineál ar bith ar bhóithre na contae.  Tá sé beartaithe an gearradh seo a dhéanamh de láimh chun srian a chur ar an  fhadhb seo  fágfar na gearrthóga san ait a bhfuil siad go dtí go socrófar ar dhóigh réasúnta le fail réidh leo.